SCANNÁN
An scannán Aontas le craoladh ar TG4 agus BBC
Beidh an scannán Gaeilge Aontas á chraoladh ar TG4, ar BBC a hAon Thuaisceart Éireann, agus ar an BBC iPlayer Dé Luain an 16 Márta. Tá an scannán á chraoladh ar BBC mar chuid de chlár Sheachtain na Gaeilge an stáisiúin.
Tá gradaim gnóthaithe ag an scannán in Éirinn agus ag féilte scannáin ar fud an domhain, féilte i San Diego agus i Londain ina measc. Ghnóthaigh Aontas sé ainmniúchán ag na gradaim IFTA le deireanas agus bronnadh an gradam don Clár Teilifíse / Scannán na Bliana air ag Ghradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge i mBéal Feirste i mí na Samhna 2025.
Fuair an scannán maoiniú faoin scéim Gealán, tionscnamh drámaí fadscannáin ar comhfhiontar é idir An Ciste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann, TG4 agus BBC Gaeilge.
IRISÍ
Eagrán nua den iris Breac á sheoladh i UCC
Seolfar an t-eagrán is deireanaí den iris Breac, irisleabhar bliantúil le An Chuallacht Ghaelach, i gColáiste na hOllscoile Corcaigh Dé Luain seo chugainn an 2 Márta ag 6.30pm i Seomra Comhairle an Sciatháin Thuaidh i gCearnóg na hOllscoile.
Is í seo an séú bliain ag an gCuallacht Ghaelach Breac a fhoilsiú agus is é seo an t-eagrán is mó a foilsíodh go dtí seo. Tá os cionn 70 leathanach in eagrán na bliana seo agus réimse leathan ábhar faoi chaibidil ann. I measc na n-ábhar atá á gcíoradh sna hailt, tá béaloideas, eolaíocht, ceol, mata, spórt, teangeolaíocht, faisean, dlí agus cúrsaí teanga. Chomh maith leis na hailt neamhfhicsin tá dánta, gearrscéal nua agus agallaimh.
Is é Seán Ó Broin a sheolfaidh eagrán na bliana seo go hoifigiúil agus beidh aitheasc gearr freisin ó Chathaoirleach na Cuallachta Gaelaí, Páidí Mac Gearailt. Cuirfear sólaistí, ceol agus cóipeanna den iris ar fáil ag an ócáid. Tá tacaíocht tugtha ag Ionad na Gaeilge Labhartha agus ag urraitheoirí eile don fhoilseachán agus beidh sé ar fáil saor in aisce.
Iris nua filíochta á seoladh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Seolfar An Dearcán: Iris na hÉigse, iris nua filíochta i dTeach Purcell ar Champas na Naomh Uile, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) ar an Mháirt an 10 Márta ag 7pm. Is í an file Laoighseach Ní Choistealbha, atá ina Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge ag OCBÁC, atá ag óstáil na hócáide. Tá dánta san iris ó fhilí bunaithe agus filí nua, Louis de Paor, Eoin P. Ó Murchú, Áine Ní Ghlinn, Orlaith Ní Icí, agus Simon Ó Faoláin ina measc. Beidh an iris ar díol ag an ócáid ar €4.00 / £3.50.
CEARDAÍOCHT & BIA
Preab-Aonach Bia agus Ceardaíochta do Sheachtain na Gaeilge
Beidh aonach ceardaíochta á reáchtáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe mar chuid den cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge agus Seachtain na Fiontraíochta Áitiúla. Cuirfear taispeántas trí lá ar bun ón 2-4 Márta in oifigí Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar Chnoc na Radhairc i gcathair na Gaillimhe. Tugann an taispeántas seo táirgeoirí áitiúla agus ceardaithe le chéile a dhéanann gnó trí Ghaeilge agus beidh seastáin éagsúla ann. Beidh deis ag cuairteoirí go dtí an aonach táirgí lámhdhéanta a fheiceáil, blaiseadh de bhia áitiúil agus bualadh leis na fiontraithe féin. Ócáid dhátheangach a bheidh ann, i mBéarla agus i nGaeilge.
CEOL
‘Abair’ – traic nua i nGaeilge á eisiúint ag mischa and the bear
Beidh traic nua i nGaeilge á eisiúint ag an mbanna ceoil mischa and the bear i rith Sheachtain na Gaeilge ar an 4 Márta. Tá aird tarraingthe ar an ngrúpa nua seo ar fud na tíre agus iad ainmnithe mar RTÉ 2FM Rising Act i mbliana. Is leagan Gaeilge den amhrán ‘Sing It’ a d’eisigh an banna i mBéarla é an traic nua. Eiseofar an t-amhrán Gaeilge ar an gCéadaoin, 4 Márta agus beidh sé ar fáil ar na hardáin dhigiteacha ina dhiaidh sin. Tá an bheirt, arb as Droichead Átha iad ó dhúchas, ach atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ag obair ar an dara EP agus súil acu é a eisiúint i lár na bliana. Beidh seónna beo á gcur ar stáitse acu den chéad uair níos deireanaí i mbliana freisin.
Tá tuilleadh eolais faoin mbanna le fáil anseo.
SCRÍBHNEOIREACHT
Dronuilleog an scríbhneora i nDoire
Beidh an ceathrú cruinniú de Dhronuilleog an Scríbhneora á reáchtáil i nDoire inniu, Dé hAoine an 27 Feabhra ón 11 go 12 meán lae i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire. Imeacht dátheangach atá anseo atá á thionól ag an scríbhneoir Dave Duggan do dhaoine atá ag scríobh i nGaeilge nó gur mhaith leo a bheith ag scríobh i nGaeilge. Tá fáilte roimh chách go dtí na himeachtaí seo beag beann ar a leibhéal líofachta sa nGaeilge. Deir Duggan nach rang, cúrsa, ná deis léitheoireachta ná foilsitheoireachta atá sa tionól, ach gur deis tacaíochta agus dlúthpháirtíochta do scríbhneoirí Gaeilge é. Is scríbhneoir é Dave Duggan a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla agus a bhfuil úrscéalta, drámaí stáitse, raidió agus scannáin scríofa i nGaeilge aige.
LEABHAIR

Cnuasach nua filíochta le Áine Uí Fhoghlú seolta i gCorcaigh
Seoladh an cnuasach nua Scéal ó Charolina le Áine Uí Fhoghlú atá foilsithe ag Éabhlóid, ag ócáid sa Chearnóg i gColáiste na hOllscoile Corcaigh tráthnóna Déardaoin. Bailiúchán nua é seo ón bhfile Déiseach ina bhfuil aistriúchán go Béarla le filí éagsúla mar chuid de, chomh maith le haistriúcháin go Spáinnis leis an bhfile Airgintíneach Jorge Fondebrider.
Tá eolais faoin leabhar anseo.
Seoladh leabhair le Áine Ní Ghlinn agus Brian Ó Tiomáin
Seolfar dhá leabhar nua, ceann Áine Ní Ghlinn agus ceann le Brian Ó Tiomáin i rith Sheachtain na Gaeilge i Halla Chonradh na Gaeilge, Inse Chór, ar an Déardaoin an 5 Márta, ag 7.15pm.
Déanfaidh na húdair comhrá leis an scríbhneoir Anna Heussaff agus beidh deis ag an lucht éisteachta ceisteanna a chur ar na scríbhneoirí agus páirt a ghlacadh sa phlé.
Seolfar Cairdeas & Cogadh le Áine Ní Ghlinn agus Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin ag an ócáid. Is úrscéal comhaimseartha do dhaoine fásta é Rúnaí an Aire a scrúdaíonn cumhacht, polaitíocht agus caidrimh phearsanta i saol an lae inniu. Is scéal do dhaoine óga é Cairdeas & Cogadh a dhíríonn ar chairdeas, féiniúlacht, glacadh leis an éagsúlacht, agus an tábhacht a bhaineann leis an gcomhbhá.
Tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'CULTÚR: ‘Aontas’ le craoladh, iris nua filíochta, leabhair ó Áine Ní Ghlinn agus Brian Ó Tiomáin, amhrán Gaeilge ó mischa and the bear'