Cuirfidh an Spáinn agus an Iodáil tástáil cheart ar a chéile

Bhuaigh an Iodáil agus an Spáinn a gcluichí sa chéad bhabhta ach cuirfidh siad scrúdú níos déine ar a chéile anocht

Cuirfidh an Spáinn agus an Iodáil tástáil cheart ar a chéile

Rogha an Lae

Casfaidh péire de phiardaí móra an tsacair ar a chéile den chéad uair sa chomórtas anocht agus an Spáinn agus an Iodáil le haghaidh a thabhairt ar a chéile in Gelsenkirchen.

An Spáinn an t-aon dream ar éirigh leo dhá chomórtas Euro a bhuachan i ndiaidh a chéile, in 2008 agus in 2012, agus tá an Iodáil ag iarraidh an gaisce sin a dhéanamh tar éis dóibh craobh 2020/2021 a thabhairt leo trí bliana ó shin.

Chuir na hIodálaigh fíor-dhrochthús lena bhfeachtas sa Ghearmáin an uair seo agus cúl géillte acu agus gan ach 23 soicind imeartha sa chéad chluiche a bhí acu i gcoinne na hAlbáine ach d’éirigh le foireann Luciano Spalletti rudaí a chur ina gceart láithreach agus bhí siad 2-1 chun tosaigh théis 16 nóiméad a bhuí le cúil ag Alessandro Bastoni agus Nicolò Barellal. Níor scóráladh cúl ar bith eile sa chluiche sin agus cé nach raibh ach an farasbarr is lú acu, bhí cuma chompordach go maith ar an Iodáil an chuid eile den chluiche.

Bhí cosaint na hIodáile láidir mar is gnáth agus ar dhuine acu siúd a d’imir go maith, bhí an t-imreoir óg, Riccardo Calafiori, agus gan ach a thríú cluiche dá thír á imirt aige. Níor ceapadh go mbeadh Calafiori fiú sa scuad don chomórtas seo ach ó bhain gortuithe do chúpla cosantóir eile, fuair sé a áit agus ardmholadh tuillte aige ó shin.

Cuirfear brú níos mó ar Calafiori agus cosantóirí eile na hIodáile anocht, áfach, agus iad ag iarraidh srian a chur ar an Spáinn. Bhí cuma na haoise ar sheanfhondúirí na Cróite i gcluiche an tSathairn ach thug an Spáinn taispeántais cuimsitheach sa chéad leath agus trí chúl aimsithe acu gan freagra ar bith.

Bhí an déagóir Yamine Lamal lárnach sa chluiche, cé nár scóráil sé, ach beidh beagáinín imní ar an mbainisteoir Luis de la Fuente gur bhain gortú dá bhfathach lár páirce, Rodri, agus do chaptaen na foirne, Alvaro Morate. Tá ráite ag de la Fuente ó shin go bhfuil an bheirt togha ach beidh orthu a bheith i mbarr a maitheasa anocht agus cluiche níos deacra rompu ná an ceann in aghaidh na Cróite.

Cuirfear scrúdú ceart ar an dá fhoireann anocht. Déarfá go mbeadh an dá dhream sásta go maith le comhscór, ach tabharfaidh an cluiche éachtaint níos fearr dúinn ar an gcaoi a n-éireoidh leis an dá thír níos déanaí sa chomórtas.

Cluichí

An tSlóivéin v An tSeirbia – 2.00in (Grúpa C)
An Danmhairg v Sasana – 5.00in (Grúpa C)
An Spáinn v An Iodáil – 8.00in (Grúpa B)

Fág freagra ar 'Cuirfidh an Spáinn agus an Iodáil tástáil cheart ar a chéile'