Cuireann Aifric Mac Aodha snas ar an rud a fheiceann muid uilig ach nach n-aithníonn muid

Tá Aifric Mac Aodha ar dhuine de na filí comhaimseartha Gaeilge is fearr agus is nuálaí atá againn agus níl amhras ar bith ann ach go gcuirfidh a cnuasach is déanaí lena cáil chiúin chruthaitheach

Cuireann Aifric Mac Aodha snas ar an rud a fheiceann muid uilig ach nach n-aithníonn muid

Old Friends

Dánta i nGaeilge le Aifric Mac Aodha
Aistrithe ag David Wheatley
(The Gallery Press)

Bíodh is gur i mBéarla atá ainm an leabhair, Old Friends, cnuasach Gaeilge leis an fhile Aifric Mac Aodha, sa chéad dul síos, atá ann agus aistriúcháin, nó macallaí, leis an fhile agus aistritheoir David Wheatley atá ina cuideachta. Cur síos Walter Benjamin ar an aistriúchán mar “an act of creative thinking” a spreagann cur chuige Wheatley, de réir nóta ar chúl an leabhair.

Dhá chnuasach atá againn, mar sin, an cnuasach bunaidh Gaeilge agus cnuasach i mBéarla atá faoi anáil na Gaeilge ach nach aistriúchán lom, focal ar fhocal, é.

Tugaimis tús áite, mar sin, do shaothar Mhac Aodha, file atá ag saothrú léi go coinsiasach dícheallach le roinnt bliantaí agus clú bainte amach aici as feabhas a cuid filíochta agus as a cúram fial mar eagarthóir, cúram a d’fhág an léirmheastóir seo faoi chomaoin aici go minic. Tá sí ar dhuine de na filí comhaimseartha Gaeilge is fearr agus is nuálaí atá againn agus níl amhras ar bith ann ach go gcuirfidh an cnuasach seo lena cáil chiúin chruthaitheach.

Tá cur chuige difriúil le sonrú sna deich ndán seo aici: gontacht fhiliúnta i roinnt acu agus buanna an tseanchaí i roinnt eile agus an dá thréith sin tugtha le chéile faoi stiúir a samhlaíochta. Ba doiligh an tsraith ‘Seanchairde’ a shárú as cineáltas cine agus comhluadar a léiriú; míreanna mearaí an chroí agus na cuideachta a thugann léargas ar an chumann charadach laethúil, arán laethúil an anama a aimsítear, gan choinne, thall is abhus, san idirphlé iontach agus annamh idir daoine daonna:

‘Caithfidh an fear atá scoite ón mbeár mála Tayto leat
le tabhairt dá shípéir Gearmánach – Dante – …’

(Agus tabhair faoi deara gur Tayto atá ann – chan Pringles ná Walkers ná Doritos – ach an fíorstuif Éireannach!)

Tá an tabhairt faoi deara le feiceáil arís in ‘Aois Chapaill na Muintire’, sárdhán ar machnamh ar sheal a caitheadh san Ísíltír é agus an dóigh a ndeachaigh caiple, tírdhreach agus daoine i bhfeidhm uirthi:

Oldehove –
an tine fhánach
taobh thiar den dá ghlúin
a thagann den túr a dhreapadh.
An tréimhse ait, as alt seo, ó d’aithin an lia
ar dheatach an tí go mbeireann trá is timpeall ar lánúin.

Machnamh, aisling agus samhlaíocht ag cur le chéile le línte a mhealladh ar an leathanach; an file ag cur snas ar an rud a fheiceann muid uilig ach nach n-aithníonn muid. Ach tá súil an fhile aici; aithníonn sí an radharc taobh thiar den radharc.

Bhéarfaidh ‘Cuain an Eirc Luachra (nár rugadh agus nach mbéarfar)’ ábhar eile machnaimh don léitheoir, aistear eile, ar rothar an iarraidh seo agus an file ag ceapadh imeachtaí an lae ina heangach fhiliúnta, í ag feiceáil rudaí arís nach bhfeiceann an dara duine:

An can céanna, a bhráithre:
tá sí féin is an focal mór
ag fulaingt na páise
ag na soilse tráchta ómra,

scian cháise agus buidéal
La Colline en Flamme
i gciseán cogaidh a rothair:
an gearrán iarainn bradach
a ghoid sí uaibh, lá cairde…

B’fhiú leagan Wheatley a phlé sa chomhthéacs seo le léargas a thabhairt ar na dúshláin agus deacrachtaí a bhaineann leis an mhacalla chruthaitheach sin atá idir lámha, nó idir beola, aige a thiontú ó theanga amháin go teanga eile. “In her cycle basket” a thugann sé ar “i gciseán cogaidh a rothair”. Ach cailltear blas agus brí áirithe gan “cogadh” a chur leis sa chomhthéacs seo. Shamhlaigh mé Donna Chíochótae leis an dán Ghaeilge ach cailleadh an íomhá sin beagán sa leagan Bhéarla.

D’fhéadfá, gan amhras, nithe fánacha eile a aimsiú agus a phlé sa trasnaíl teanga agus trasnú leathanaigh, bíodh is gur léir gur chaith an t-aistritheoir dua agus díograis leis an ábhar le go ndéanfadh sé a chuid féin den ábhar agus go dtabharfadh sé a ceart don údar, an duine a labhair sa chéad dul síos. Ní mar bhleaist ó Shaoithín na Súile Nimhe a luaitear seo ach, go díreach, mar chur i gcuimhne nach ionann sreanga an ghiotáir Ghaeilge agus bainseó an Bhéarla.

Léitear an t-ábhar i nGaeilge, más sin an teanga atá agat, agus lig do na fuaimeanna agus íomhánna tú a iompar go tír na teanga sin agus léitear an t-ábhar i mBéarla, mar chomhrá eile: athrá; macalla: dúirt bean liom go ndúirt bean léi.

Fág freagra ar 'Cuireann Aifric Mac Aodha snas ar an rud a fheiceann muid uilig ach nach n-aithníonn muid'