Lá cinniúnach é an 11 Meitheamh. An lá a nochtfar an mbeidh rialtas na Breataine toilteanach maoiniú a chur ar fáil le haghaidh atógáil Pháirc Mhic Easmuinn. Táthar ag dréim le dea-scéala Dé Céadaoin nuair a nochtfaidh Seansailéir Státchiste na Breataine, Rachel Reeves, toradh an athbhreithnithe ar chaiteachas.
Más scéal dearfach é tabharfaidh sé an tríú ceathrú den imirt chun deiridh. Beidh an cheathrú eile cinniúnach; beidh an tréimhse sin dúshlánach do Chumann Lúthchleas Gael féin agus don Aire Pobal in Stormont, Gordon Lyons an DUP, a bhí sách doicheallach faoin togra go dtí seo. Má leanann Lyons leis an gcur chuige céanna déanfar tástáil ar an bhFeidhmeannas a deir go bhfuilid tiomanta d’atógáil Pháirc Mhic Easmuinn mar thogra suaitheanta.
Bhí dóchas ag treisiú le tamall anuas go bhfaigheadh Cumann Lúthchleas Gael freagra dearfach ón Státrúnaí Hilary Benn i ndiaidh an athbhreithnithe a bhí ar bun ag an státchiste. Dóchas faichilleach, dúradar ach chothaigh na comharthaí ar aird na gaoithe muinín.
Tá timpeall £150 milliún punt de dhíth chun gur féidir an plean don staid a chur i gcrích. Áirítear gur £270 milliún an costas agus go dtí seo idir Stormont, CLG agus rialtas na hÉireann ní raibh faofa ach £120.5 milliún. Ní cheapann éinne go gceadóidh Státchiste na Breataine £150 milliún ach tá súil go scaoilfeadh maoiniú rialtais, cibé méid é, na laincisí a bhí ar an togra go dtí seo.
Dhá bhliain déag ó bhí an cluiche deiridh ag Cumann Lúthchleas Gael i bPáirc Mhic Easmuinn is dearóil an feic í an staid, fothrach tréigthe nach bhfuil inúsáidte le haghaidh rud ar bith. Druideadh í in 2013 chun fáil faoi réir don atógáil. Tá lucht imeartha agus lucht leanúna na gcluichí bréan den mhoill, scéal fada ar an anró.
Tar éis athbhunú an Fheidhmeannais in Stormont in 2007 nuair a shocraigh an DUP agus Sinn Féin cumhacht a roinnt den chéad uair chinn Stormont go ndéanfaí forbairt ar rugbaí, sacar agus CLG. Bhí ollstaid a roinnfí eatarthu le tógáil ar eastát na Máigh, mar a raibh príosún na Ceise Fada ach cuireadh an scéim sin ar ceal nuair a d’éirigh idir an DUP agus Sinn Féin. Ina ionad ceadaíodh deontais do na trí spóirt; rinne an UFU agus an IFA obair feabhsúcháin. Shocraigh CLG staid réigiúnach nua a thógáil ar láthair na staide i mBaile Andarsain i mBéal Feirste. Chuir liodáin de dheacrachtaí moill ar a bplean; ina measc dúshláin pleanála agus scéim uaillmhianach de chuid na dTóraithe le haghaidh ionad do chluichí sacair Eorpacha.
Thit an plean Eorpach as a chéile nuair nár chuir an Bhreatain an maoiniú a gheall na Tóraithe ar fáil. Dúirt Státrúnaí an Lucht Oibre, Hilary Benn go dtógfaí an staid ach níor gheall sé maoiniú go poiblí.
Dúirt sé áfach nach mbeadh sé réalaíoch a bheith ag súil go líonfadh an rialtas an bhearna (£150 milliún) sa mhaoiniú, leide go gceadóidís deontas éigin. Ba léir le seachtain anuas gur chreid an tAire Airgeadais in Stormont, John O’Dowd Shinn Féin go raibh fonn ar fheidhmeannaigh sa Státchiste an fhadhb a réiteach. Ina theannta sin, mheas ionadaithe ó CLG go raibh údar dóchais acu.
An méadóidh na maoinitheoirí a sciar nuair a bheidh a fhios acu cá seasann an Bhreatain? £15 milliún a gheall CLG, £62.5 milliún a cheadaigh Stormont in 2011 agus chuir rialtas na hÉireann €50 milliún sa phota anuraidh. Thug an Tánaiste Simon Harris le fios i nDoire anuraidh nuair a bhí sé ina Thaoiseach nach ndiúltódh an rialtas d’iarratas cur leis an gciste. Níor léir an méadódh CLG a sciar ach bheadh sé míréasúnta go ndiúltóidís nuair a bheidís ag súil le méadú ó dhreamanna eile.
Is faoi sheasamh an Aire Pobal, Gordon Lyons, is mó an éiginnteacht. Go dtí seo dhiúltaigh sé as éadan don argóint gur ionann £62.5 milliún in 2011 agus os cionn £80m anois de bharr boilscithe. Ina theannta sin dúirt sé go neamhbhalbh go gcaithfí airgead ar bith a cheadódh Westminster do chúrsaí spóirt a roinnt go cothrom idir grúpaí éagsúla. Cúis aighnis idir é féin agus an Chéad-Aire Michelle O’Neill ar na bacáin? Deir sise gur tosaíocht aici is ea atógáil Pháirc Mhic Easmuinn.
Caithfear na ceisteanna sin ar fad a réiteach san tréimhse seo romhainn. Is ar roinn Lyons i gcomhar le CLG a bheadh an cúram tógálaí a roghnú agus praghas, maille le coinníollacha an chonartha, a aontú. Má chuirfear tús leis an ‘gceathrú ceathrú’ den imirt sa chluiche fada seo ar an gCéadaoin beidh na ciallachais pholaitiúla agus shóisialta chomh tromchúiseach leis na cinn spóirt.
Fág freagra ar 'Dóchas go bhfuil scéal fada ar an anró Pháirc Mhic Easmuinn le tabhairt chun fuascailte'