An féidir bac a chur ar scaipeadh bréagaisnéise, mar a tharla tar éis na tubaiste i gCeatharlach?

Tá sampla de na bréaga áiféiseacha a cuireadh ar líne ó tháinig an drochscéal ó Cheatharlach ar scáileán an ríomhaire seo agus an colún seo á scríobh

An féidir bac a chur ar scaipeadh bréagaisnéise, mar a tharla tar éis na tubaiste i gCeatharlach?

Scaip daoine gan scrupall lear mór bréaga ar líne tar éis d’ógfhear lámh a chur ina bhás féin i lárionad siopadóireachta i gCeatharlach Dé Domhnaigh seo caite.

Chuir ar tharla tar éis na tubaiste i gcuimhne don rialtas arís nach bhfuil dlí éifeachtach ná rialacha á gcur i bhfeidhm fós chun cur in aghaidh scaipeadh bréagaisnéise ar líne.

Tá sampla de na bréaga áiféiseacha a cuireadh ar líne ó tháinig an drochscéal ó Cheatharlach ar scáileán an ríomhaire seo agus an colún seo á scríobh. Mhaígh an té a chum (a thugann @CilComLFC air féin) gur chaith fear a raibh ábhar pléascach ina sheilbh cailín naoi mbliana d’aois i lárionad siopadóireachta.

Dúradh sa phostáil ar X, nó Twitter mar a tugadh air roimhe seo, go raibh a sáith ag muintir na hÉireann agus go mb’fhéidir go mbeadh sé ina chogadh cathartha sa tír go luath. Bhí físeán sa phostáil freisin inar taispeánadh sráid phlódaithe ina raibh Gardaí ag rith agus feithiclí na nGardaí á dtiomáint faoi dheifir.

Thug na briathra agus an físeán le fios go raibh ionsaí ar bun, páiste gonta agus Gardaí ar a mbealach chun déileáil le fear armtha a raibh ábhar pléascach ina sheilbh. Níor luadh Ceatharlach sa phostáil ach ba léir gur chun leagan bréagach den eachtra a tharla sa bhaile sin a scríobhadh é.

I bhfírinne ar ndóigh níor scaoil an fear armtha, Evan Fitzgerald, urchar le duine ar bith ach leis féin. Ní raibh aon ábhar pléascach ina sheilbh aige. Gortaíodh an cailín nuair a thit sí agus í ag teitheadh ón láthair. Ní sráid i gCeatharlach a taispeánadh sa bhfíseán ach Sráid Ghrafton i mBaile Átha Cliath.

Cé gur bhréagnaigh na Gardaí gach ábhar nach raibh fíor sa phostáil thuas, chomh maith le go leor bréaga eile, tá sí le feiceáil fós ar X agus an colún seo á scríobh tráthnóna Dé hAoine. Breathnaíodh ar an bpostáil 5.7 milliún uair agus tá sí seolta ar aghaidh nó athsheolta ag 19,000 duine.

Chur X ceartú ar na sonraí leis an bpostáil ach níl aon admháil, ceartú ná leithscéal curtha suas ag an té a bhí freagrach. Scaip daoine mífhreagracha eile scéalta eile ar líne faoin eachtra i gCeatharlach a bhí níos faide ón bhfírinne. Scéalta mar shampla gur goineadh seachtar nuair a scaoileadh leo, gur scaoil na Gardaí le fear armtha agus gur mharaigh siad é, agus gur sceimlitheoir Ioslamach ab ea é.

Chuir na Gardaí srian ar sciar den bhréagaisnéis nuair a d’fhógair siad go gairid i ndiaidh na heachtra go raibh fear geal as Éirinn marbh. Mar is léir arís ó na samplaí thuas áfach ní chuireann fíorscéal stop lena mhalairt ar líne.

Tá go leor ráite faoin am seo faoi thoradh mí-ámharach amháin a d’fhéadfadh a bheith ar chinneadh na nGardaí a fhógairt gur fear geal as Éirinn a bhí freagrach as an eachtra. Ba léir láithreach cúis an ráitis: ionas nach mbeadh leithscéal ag antoiscigh daoine ó thíortha eile a ionsaí mar gheall ar bhréagaisnéis.

Tar éis dóibh faisnéis féiniúlachta a eisiúint sa chás seo áfach, céard a dhéanfaidh na Gardaí amach anseo tar éis dá leithéid tarlú arís. Go háirithe más eol dóibh go raibh baint ag duine iasachta le heachtra a mhúsclóidh faitíos agus b’fhéidir faltanas?

Dá intuigthe an cinneadh a rinneadar i gCeatharlach, d’fhéadfadh rogha an dá dhíogha a bheith rompu: fíorscéal a eisiúint chun muinín an phobail a choimeád nó é a cheilt ar fhaitíos go spreagfaí coireanna fuatha? Cibé rogha a dhéanfar, bainfidh antoiscigh agus amadáin araon leas as gan mhairg.

Chuir scéal Cheatharlach i gcuimhne d’airí rialtais arís gur beag smacht atá ar scaipeadh bréagaisnéise faoi láthair. Cé gur scéal brónach é scéal an fhir a d’éag, ní dhearna bréagaisnéis dochar go forleathan dá thoradh mar a tharla i gcás na léirsithe i mBaile Átha Cliath in 2024.

Dúirt an Taoiseach Dé Céadaoin gur foilsíodh bréaga uafásacha ar líne tar éis na heachtra i gCeatharlach agus go gcaithfí déileáil le mífhaisnéis a chuireann imní ar an bpobal.

Rud amháin é a fhógairt go bhfuil gníomh riachtanach. Rud eile é an gníomh a theastaíonn a dhéanamh.

Tá ráiteas ginearálta ar leathanach 148 de chlár an rialtais a deir go gcuirfear in aghaidh bréagaisnéise agus go dtabharfar tacaíocht d’fhoinsí muiníneacha eolais. Níl reachtaíocht ná rialacha nua geallta, áfach, ná beartaithe faoi láthair.

Léiríonn an mhoill atá ar fheidhmiú reachtaíocht toghcháin an chastacht a bhaineann le dlíthe in aghaidh scaipeadh bréaga contúirteacha ar líne.

Bhí súil ag an gCoimisiún Toghcháin go mbeadh an reachtaíocht i bhfeidhm sara dtosódh feachtas an toghchán uachtaránachta sa bhfómhar. Níl dáta feidhmithe fógartha fós áfach mar gheall ar chumarsáid atá ar bun le Coimisiún na hEorpa agus le comhlachtaí na meán sóisialta atá míshásta le forálacha áirithe.

Smaoineamh: níl sa chuir i gcás thíos ach ábhar machnaimh faoin gcineál reachtaíochta ba chóir a bhreithniú ar a laghad chun srian a chur ar sciar den dochar a dhéanann bréaga ar líne tar éis tubaiste.

Abair gur cheadaigh an dlí do na Gardaí a iarraidh ar na meáin shóisialta ábhar áirithe ar líne nach bhfuil fírinneach agus a fhéadfadh daoine a ghríosú chun foréigin nó chun imeaglaithe a bhaint anuas.

Abair go bhféadfaí dul chun cúirte chun iachall a chur ar chomhlacht an t-ábhar sin a bhaint anuas.

Abair go bhféadfaí fíneáil €100,000 a ghearradh ar chomhlacht as gach lá nár cuireadh iarratas na nGardaí i bhfeidhm.

Ní gan stró a dhréachtófaí rialacha nó reachtaíocht oiriúnach ach is féidir a bheith cinnte go léireofar an riachtanas arís i gcás práinne amach anseo.

Fág freagra ar 'An féidir bac a chur ar scaipeadh bréagaisnéise, mar a tharla tar éis na tubaiste i gCeatharlach?'