‘Da-da-da’ agus ‘lá-lá-lá’ – bunchlocha na cainte, na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo, tá iníon cara de chuid ár gcolúnaí díreach ag an aois sin go bhfuil na fóinéimí á bhfoghlaim aici

‘Da-da-da’ agus ‘lá-lá-lá’ – bunchlocha na cainte, na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta

Bhí orm leabhar do naíonáin a léamh an lá cheana. Os ard. Do naíonán.

Ba é an chaoi go raibh mé ar cuairt chuig cara nua de mo chuid a dtabharfaidh mé ‘fear bhun an bhóthair’ air toisc gurb ann a chónaíonn sé, agus tá iníon aige siúd atá díreach bliain d’aois.

Scéal faoi thíogar a bhí sa scéal a d’iarr mo chara orm a léamh dá iníon. Bhí dhá pholl sa leabhar, agus lámhainní ann don ordóg agus do mhéar amháin eile, agus bhí straidhpeanna mar a bheadh ar thíogar clóite orthu sin.

Focail shimplí, ghearra ar fad a bhí sa téacs agus bhí rím de chineál i gceist, agus chuimhnigh mé láithreach ar an leabhar atá á léamh agam roimh dhul a chodladh dom faoi láthair, an chéad leabhar mórdhíola úd leis an teangeolaí Steven Pinker, The Language Instinct.

Thuig mé láithreach go bhfuil iníon mo chara ag an aois sin faoi láthair go bhfuil na fóinéimí á bhfoghlaim aici, bunfhuaimeanna na teanga, ach níor chuir mé orm an glóirín úd a mbaineann tuismitheoirí úsáid as go minic agus iad ag caint le leanaí; nós é sin atá forleathan i dteangacha agus i sochaithe ar fud na cruinne, ach ní iontu ar fad, agus níl fianaise chinnte ann a chruthódh gur buntáiste i bhforbairt chumas teanga an pháiste atá sa ‘mháthairis’, mar a thugann Steven Pinker ar an gcineál sin cainte.

Chuimhnigh mé, leis, ar bhean eile a bhfuil cónaí uirthi ar bhóithrín s’againne agus a labhraíonn ‘máthairis’ ní hamháin lena cuid páistí ach lena fear céile; cloisim í ag argóint leis sa ghlóirín sin agus iad ag dul an bealach agus fiafraím díom féin cén saghas saol parailéalach lán aonbheannach ina bhfuil cónaí ar an gclann sin.

Shocraigh mé go mbeadh sé chomh maith céanna ag iníon mo chara a fháil amach gur mar dhaoine fásta a labhraíonn formhór mór na ndaoine fásta, ach rinne mé mo dhícheall na focail ar fad a fhuaimniú chomh soiléir agus a d’fhéadfainn.

Gan dabht ní ormsa ná ar chuairteoirí fánacha eile ach ar a muintir féin atá an cailín beag ag brath den chuid is mó maidir le forbairt a cumas teanga, ach is léir go bhfuil an próiseas sin ag dul i gceart: tá chuile ‘da-da-da’ agus ‘lá-lá-lá’ aici cheana féin, bunchlocha na cainte, na blocanna tógála lena mbeidh sí in ann a scéal féin a insint amach anseo.

Fág freagra ar '‘Da-da-da’ agus ‘lá-lá-lá’ – bunchlocha na cainte, na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta'