Deis díoltais ag Corcaigh ach Luimneach i mbarr a réime

Is cosúil go ndéanfaidh foireann dhochreidte Luimnigh a gcéad ghaisce stairiúil eile sa bhaile tráthnóna ach d’fhéadfadh an Ghaillimh an choróin a bhaint de Chill Chainnigh amárach

Deis díoltais ag Corcaigh ach Luimneach i mbarr a réime

Coicís ó shin agus sinn ag teacht amach as Páirc Uí Chaoimh, bhí formhór de na daoine gur labhair mise leo ar aon fhocal go raibh taispeántas Chorcaí leamh agus nach mbeadh a leithéid maith go leor in aon chor don chéad dúshlán eile. An tseachtain roimhe sin chuaigh Corcaigh isteach sa chluiche i gcoinne Luimnigh agus iad mar rogha na coitiantachta do chraobh na hÉireann 2025!

An lá sin chuir Luimneach fáilte roimh Chorcaigh chuig Páirc na nGael agus chinntigh Contae an Chonartha go mbainfí díoltas as an mbua a bhí ag na Reibiliúnaigh orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh. Rinne siad amhlaidh ar bhealach an-chinnte – comhartha láidir don chuid eile den chraobh. Bhuel tá seans eile ag Corcaigh an scéal a chur ina cheart agus sinn ag taisteal chuig Páirc na nGael i Luimneach arís tráthnóna agus níos mó dóchais ná muinín againn sa chontae.

Dar ndóigh caithfidh Corcaigh a bheith i bhfad níos fearr ná mar a bhíodar i gcoinne Luimnigh agus Phort Láirge. Tá cuid maith gortuithe sa champa agus roinnt fadhbanna foirne le réiteach.

An féidir a rá go cinnte go ndéanfadh sé difríocht Darragh Fitzgibbon a bhogadh go lár na páirce agus Shane Barrett go dtí an líne leatosach? Cé a choinneos súil ar Chian Lynch agus Aaron Gillane? An mbeidh an captaen Rob Downey aclaí go leor don chluiche? Cén plean a bheidh acu chun tionchar Kyle Hayes a laghdú?

Ar a laghad tuigeann na Corcaígh gur féidir leo Luimneach a bhualadh. Tá sé déanta acu cheana.

Tá Luimneach ag iarraidh tuilleadh gaisce a chlárú in annála na staire agus an an seachtú craobh cúige as a chéile a bhuachan. Tá Corcaigh ag iarraidh a gcéad cheann ó 2018 a fháil.

Tá Corcaigh ag dul isteach sa cluiche seo agus gan stádas na rogha foirne ina ualach orthu a thuilleadh agus tá talamh go leor le gnóthú acu, neart le hoibriú air agus éagóracha le ceartú. Beidh roinnt mhaith den fhoireann agus den scuad cois Laoi ag fáil taithí ar ócáid chluiche ceannais na Mumhan den chéad uair, fad is atá Luimneach ina saineolaithe uirthi. Gan dabht, ba é taispeántas Luimnigh cúpla seachtain ó shin an taispeántas ab fhearr ag aon chontae i bhfeachtas na bliana seo.

Thaispeáin Luimneach dúinn uilig sa chluiche sin i gcoinne Chorcaí gur féidir leo an caighdeán is airde iomána a imirt i gcónaí. Bhí an taispeántas sin chomh maith le haon taispeántas a thug siad ó thosaigh ré John Kiely. Is cosúil go bhfuil formhór na foirne a bhí ar thóir na gcúig chraobh na hÉireann as a chéile anuraidh ar ais i mbarr a maitheasa.

Caithfidh Corcaigh ‘taispeántas na bliana’ a thabhairt chun an cluiche seo a bhuachaint. Agus cé go bhfuil gach seans go mbeidh siad i bhfad níos fearr anocht, ag deireadh an lae ceapaim go ndéanfaidh foireann dhochreidte Luimnigh a gcéad ghaisce stairiúil eile sa bhaile.

Agus amárach tá foireann eile ag iarraidh a n-ainm féin a chur sa Táin, agus Cill Chainnigh ag iarraidh Corn Bob O’Keefe a thabhairt leo den séú huair as a chéile.

Ag tosach an chomórtais craoibhe, is dócha gur cheap formhór na leantóirí sa cúige gurb iad an dá chontae seo a bheadh ag imirt sa chluiche ceannais.

Téann na Cait chun páirce amárach agus iad ina rogha agus má bhíonn formhór den fhoireann aclaí is saor ó ghortuithe, beidh sé deacair iad a bhualadh. Ach tá feabhas tagtha ar an nGaillimh agus aonad daingean cúlaithe acu. Má éiríonn le Cathal Mannion, Conor Whelan agus Brian Concannon imirt mar is féidir leo ceapaim go bhfuil seans réasúnta ag an Ghaillimh.

Tá craobh thábhachtach eile ar siúl amárach i bPáirc an Chrócaigh agus craobh Joe McDonagh á himirt idir Cill Dara faoi Brian Dowling agus Laois, mar a bhfuil iariománaí na Gaillimhe agus Átha Cliath, Niall Corcoran ag cóitseáil. Is iomaí sin bliain ghnóthach a bhí ag Brian Dowling.

Taobh amuigh de bheith ina bhainisteoir ar iománaithe sinsir Chill Dara, bhí baint aige freisin le foireann bhuacach scoileanna Laighean, Coláiste Chiaráin, i mbliana, tar éis dó dhá Chraobh na hÉireann a bhuachan mar bhainisteoir ar fhoireann camógaíochta Chill Chainnigh. Anois tá Dowling ag déanamh éachtaí le hiománaithe na Lilywhites agus iad ag triall ar Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh dá gcéad chluiche ceannais i gCorn Joe McDonagh a bhuíochas do cheithre bhua as a chéile i ngrúpscéimeanna an chomórtais. Casfaidh siad ar Laois, an fhoireann ar bhuaigh siad orthu le 11 pointe, 4-20 in aghaidh 1-18.

Fág freagra ar 'Deis díoltais ag Corcaigh ach Luimneach i mbarr a réime'