Alex Dunne Uíbh Fhailí á stiúradh ag a aisling

Is beag stró a bhaineann leis an aislingeacht, ach is rud eile ar fad beart a dhéanamh dá réir mar atá léirithe ag an tiománaí carr rásaíochta óg Alex Dunne

Alex Dunne Uíbh Fhailí á stiúradh ag a aisling

Fiche nóiméad a thógadh a aistear chun na scoile ar Alex Dunne óna theach i gCluain Bolg i ndeisceart Uíbh Fhailí chomh fada leis an mbunscoil ar a ndearna sé freastal ar an Droichead Nua.

Fearacht a chomhdhaltaí bhí suim ag Alex sa spórt. Suite ag na deascanna ina thimpeall bhí buachaillí agus cailíní a mba é an rud a bhí uathu geansaí club nó contae, nó fiú na tíre, a tharraing orthu i spórtanna ina mbíonn liathróid i gceist.

Bhí mian a chroí ag Alex freisin. Ní raibh aon bhaint aige sin le málaí gaoithe cuma cén cruth a bhí orthu nó cén toirt a bhain leo.  Ní raibh rud ar domhan ab fhearr leis a bhaint amach ná a bheith ina thiománaí F1.

Is beag stró a bhaineann leis an aislingeacht, ach is rud eile ar fad beart a dhéanamh dá réir. Fiú agus é ag fágáil na bunscoile sin bhí tús curtha ag an leaidín óg 12 bliain ar thuras a fhágainn ar leic na tairsí sin é seacht mbliana dár gcionn.

Aistear é atá níos casta, níos costasaí agus níos crua ná aon aistear eile a dtugtar faoi in aon cheann de spórtanna an domhain.

20 Tiománaí F1 a bhíonn san iomaíocht sna 14 Grand Prix a bhíonn ar bun i séasúir na linne seo. Níl cur síos ar an seans atá ag duine a thóin a leagan ar shuíochán i gceann de na gluaisteáin a thiomáineann siad.

Léigh mé in áit éicint le gairid gur mó de sheans atá ann go mbuailfeadh tintreach duine nó páirt d’eitleán a bheadh ag titim as an aer ná atá go mbainfeadh sé ceann de na suíocháin sin amach. Bhí billiún dollar i gceann de chrannchuir na Stát Aontaithe le gairid.

Rinne saineolaí as Ollscoil Harvard amach gur seans amháin as 292,000,000 a bhí ag duine sin a bhuachan. Na figiúirí céanna a bheag nó a mhór a bhaineann leis an seans atá ann go mbainfeadh leithéidí Dunne amach a mian.

Agus níl leath den scéal féin ansin.

Faoin am a n-éiríonn le lúthchleasaithe i spórtanna eile an domhain an leibhéal is airde a bhaint amach, is é sin an uair a dtosaíonn siad ag saothrú.

Ní hamhlaidh sa rásaíocht gluaisteáin.

Murar de shliocht billiúnaithe tú (ná bac le do mhilliúnaithe), nó mura bhfuil tarraingt agat ar phócaí teanna urraithe idirnáisiúnta, caith do hata leis.

Tosaíonn siad siúd ar suim leo an spórt seo ag rásaíocht cairtíní beaga agus iad idir 4-8 mbliana d’aois. Caitheamh aimsire atá ann do 99.99% acu a théann chuig na traiceanna beaga is gaire dóibh – i gcás Alex Dunne go hÁth Buí taobh le Ráth Cairn, áit a n-íocann siad beagán os cionn €20 cíosa ar charr do sheisiún a mhairfidh 20 nóiméad.

Le himeacht ama ceannóidh an dream is acmhainní agus is dáiríre faoi cairtín dá gcuid féin ar chostas idir €3,000 – €10,000. Ní mór veain nó leantóir lena iompar ann agus abhaile agus cuir costais boinn agus meicneoireachta leis sin.

Bíonn an dornán beag is fearr acu in ann dul in iomaíocht air i gCraobhacha Cairtíní i réigiúin éagsúla ar fud an domhain – iad sin faoi chúram an Federation Internationale de l’Automobile, an eagraíocht a stiúrann chuile roinn den spórt ó chairtíní suas go F4, F3, F2 agus F1.

Le craobhacha idirnáisiúnta na gcairtíní a thosaíonn an costas ag méadú agus don bheagán a bhaineann áit amach san F4 tosaíonn sé ag imeacht as miosúr. Ba ag an staid sin a dhíol athair Lewis Hamilton a theach scór bliain ó shin le hairgead a chur ar fáil dá mhac. Infheistíocht a bhí ansin a d’íoc a bhealach, ach bíonn na mílte ar mhalairt scéil.

Leictreoir is ea Alex Noel Dunne, athair Alex. Ina óige bhí seisean sáite i rásaíocht Formula Ford agus nuair a bhuaigh a mhac Craobh Cairtíní na hÉireann in 2015 agus Craobh na hEorpa cúpla bliain dár gcionn thuig sé nach fada go mbeidís in airde láin.

Ghlac Noel cúraimí bainistíochta a mhic air féin agus le cabhair ó ghnólachtaí ina cheantar dúchais, sa gcuid eile den tír seo agus thar lear, tháinig siad ar an maoiniú a theastaigh. Measann sé go raibh costas suas le €300,000 ag baint leis an aistear a cháiligh Alex do rásaíocht Formula 4.

15 bliain a bhí sé an uair úd, an aois is óige ina gceadaítear iomaitheoirí isteach sa ngrád seo. Tá dhá ghrád eile idir an tiománaí agus a mhian agus a dhá oiread costais ag baint leis an séasúr agus atá leis na cairtíní.

Faoin tráth sin bhí éachtaí ógfhear Chluain Bolg á thabhairt faoi deara in áiteacha i bhfad i gcéin. Sa Spáinn a chaith sé tús an tséasúir 2021 agus bhí an séasúr beagnach thart nuair a fuair sé tacaíocht ón gcomhlacht US Racing a bhfuil Ralph Schumacher ina bhun agus d’aistrigh chun na Gearmáine. Sna trí rása a bhí fanta ar a bhféilire ba é a bhí san ionad cinn nuair a thosaigh péire acu, ba é a charr a rinne an timpeall ba thapúla sna trí cinn agus bhí sé ar ardán an bhronnta faoi dhó.

Sa mbliain 2022 bhuaigh Alex Craobh F4 na Breataine, bhí sa dara háit i gCraobh na hIodáile agus sa chúigiú háit i gCraobh na nÉimíríochtaí.

An bhliain dár gcionn agus an bhliain dheireanach aige in F4 chloígh sé leis an mBreatain, áit ar bhuaigh sé cúig rása agus chríochnaigh ina thánaiste craoibhe.

Ar Formula 3 a thug Alex Dunne a aghaidh in 2023 agus 2024. Bíonn gluaisteáin anseo in ann luas 300km san uair a dhéanamh gan mórán idir sin agus an 375km sa Formula 1. Bhí sé ar an tiománaí nua ab fhearr a rinne sa gcéad séasúr acu sin. De bharr a chumais thug McLaren, atá le n-áireamh ar mhaithe móra na rásaíochta, cuireadh dó a bheith páirteach san oiliúint a chuireann siadsan ar fáil do thiománaithe óga.

An séasúr seo in aois a 19 tá Dunne san iomaíocht i Formula 2 agus suíochán faighte aige i ngluaisteán de chuid na foirne rásaíochta Rodin as an Nua-Shéalainn.

Ritear na 14 rása sa gcomórtas F2 ar na cúrsaí céanna agus ag an deireadh seachtaine céanna agus a mbíonn comórtais Grand Prix Formula 1 ar bun. Bíonn dhá choimhlint i gceist san F2 – rása ráibe (120km nó 45 nóiméad – pé acu is túisce) agus an príomhrás beagán níos faide ná sin. Bíonn pointí craoibhe ag dul leis an dá rása.

Cé go mba aimsir na Féile Pádraig a tosaíodh ar iomaíocht an tséasúir seo i Melbourne, ní go maith a chuaigh sin don Éireannach – cuireadh an rása mór ar ceal de bharr báistí agus ba sa 9ú háit a chríochnaigh sé sa rás ráibe.

Fós d’fhág a bhua i Bahrain mí dár gcionn go raibh Alex sa dara háit ar thábla na craoibhe F2. Faoi lár na míosa seo caite a bheith sroichte agus rásaí Jeddah agus Imola thart, bhí sé ar thús cadhnaíochta agus tús sé phointe aige ar an té ba ghaire dó.

Cuairt thubaisteach a thug sé ar Mhonacó coicís ó shin. Ansiúd níor chríochnaigh seisean ná tuairim leath na dtiománaithe an cúrsa de bharr timpistí. Fós fágann an 20 pointe a bhailigh sé in Barcelona an deireadh seachtaine seo caite go bhfuil tús trí cinn aige ar an Ollannach Richard Verschoor.

Ocht ndeireadh seachtainí rásaíochta atá idir muid agus clabhsúr an tséasúir in Abu Dhabi i dtús mhí na Nollag.  Fiú agus é a bheith fós chun cinn ag an am sin níl aon chinnteacht ann go mbainfidh Alex Dunne amach suíochán i Formula 1 – an séasúr seo chugainn ná go deimhin go deo.

Nár bhreá an scéal é dá dtarlódh sin.

Fág freagra ar 'Alex Dunne Uíbh Fhailí á stiúradh ag a aisling'