CEOL
Feis Thoraí agus Féile Jimí Mháirí Bhillí
Cuirfear tús tráthnóna le Feis Thoraí agus Féile Jimí Mháirí Bhillí, féile bhliantúil a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht shaibhir amhránaíochta Thoraí, agus an bhéim ar chomóradh an amhránaí áitiúil, Jimí Mháirí Bhillí Ó Dubhgáin. Beidh an fhéile ar bun ó 23 go 25 Bealtaine, agus tá clár éagsúil imeachtaí ar siúl ar fud an oileáin.
Osclófar an fhéile go hoifigiúil i nGailearaí Dixon tráthnóna inniu ag 7:30 i.n., áit a mbeidh ceol beo le Dominic Mac Giolla Bhríde agus Frances Morton. Ar aghaidh go dtí An Club ina dhiaidh sin agus ceol le Muintir Chois Fharraige.
Déanfar ceiliúradh ar aifreann na féile maidin Dé Sathairn i dTeach Pobail Cholm Cille Naofa i gcuimhne ar Jimí Mháirí Bhillí agus Gráinne Uí Dhubhgáin. San Ionad Pobail ag a 11:00 r.n. beidh ceardlann damhsa agus amhránaíochta ar bun le Bríd Neansaí agus comórtas aithriseoireachta agus amhránaíochta ina dhiaidh sin.
Cuirfear céilí mór ar bun in Óstán Thoraí an oíche sin le Pádraig Ó Sé, Hugo Ó Baoill, Pádraig ‘ac Chonaic, Ciarán Ó Gallachóir agus ceoltóirí Thoraí.
Tuilleadh eolais le fáil faoin gclár agus na himeachtaí ar leathanach Facebook Fheis Thoraí.
Cáis, ceol agus ól sa gCaifé Ceoil
Beidh an chéad imeacht eile sa tsraith ‘Cáis, ceol agus ól’ sa gCaifé Ceoil in Áras Mhic Reachtain ar bun ar an Aoine, 6 Meitheamh ag 6:30 i.n. Bíonn an-éileamh ar na tráthnóntaí cultúrtha seo ina mbíonn ceol beo, deochín agus bia blasta san áireamh i gcostas na dticéad. In ócáid mhí an Mheithimh beidh ceol beo leis an mbanna snagcheoil giofógach Manouche agus is é Ciarán Ó Cruadhlaoic, chef an Chaifé Cheoil a bheidh sa gcistin ag réiteach an bhia.
Ticéad ar £38.62 agus é le fáil sa gcaifé nó ar-líne trí Eventbrite.
Féasta Ceoil an Spidéil faoi lán seoil
Tá Féasta Ceoil An Spidéil 25 ag leanúint ar aghaidh i Stiúideo Cuan agus sraith ceolchoirmeacha fós ar na bacáin le ceoltóirí den scoth. Sna himeachtaí atá fós le teacht, beidh Shaskeen ar an gCéadaoin 28 Bealtaine, Mary Bergin, Dordán, Mick Conneely & Tony Linnane ar an Aoine 29 Bealtaine, agus Steve Cooney & Breandán Begley ag cur clabhsúr leis an an bhféasta ceoil ar an Satharn 30 Bealtaine. Beidh na ceolchoirmeacha seo á dtaifeadadh do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus á gcraoladh sa bhfómhar.
Moltar ticéid (€25 / €22.50) a chur in áirithe go luath ag www.stiuideocuan.ie nó glaoch ar 091 553838.
SIÚLÓID
Siúlóid threoraithe trí Ghaeilge ar Shlí Cholmcille
Beidh siúlóid trí lá ar Shlí Cholmcille ar siúl ó 23 go 25 Bealtaine, go hiomlán i nGaeilge. Tosaíonn an turas i nGleann Cholm Cille (23 Bealtaine), leanann sé ar aghaidh go Toraigh (24 Bealtaine), agus críochnaíonn sé i gCloch Cheann Fhaola (25 Bealtaine). Is deis atá ann súil isteach a fháil ar shlí a nascann suíomhanna atá bainteach le beatha Naomh Colm Cille. Eagraithe i gcomhar le clár Cholmcille d’Fhoras na Gaeilge. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó sli@forasnagaeilge.ie.
EALAÍN
Ceardlanna ealaíne do pháistí i nGaoth Dobhair agus ar An Bun Beag
Beidh maidin scéalaíochta agus ealaíne do pháistí ar bun in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an Satharn, 24 Bealtaine ón 12 meán lae go dtí a 3 i.n. Cuirfear tús leis na himeachtaí le miondráma RUA, faoi ghruaig rua, agus ina dhiaidh sin beidh ceardlann ealaíne dhá uair a’ chloig ann do pháistí idir 7 agus 12 bliain d’aois. Roinnfear na páistí ina dhá ngrúpa de réir aoise agus beidh ceardlanna atá in oiriúint dá n-aoisghrúpa ar fáil do chaon ghrúpa. Níl aon táille ar na himeachtaí ach is gá áit a chur in áirithe roimh ré trí rphost a sheoladh ag mariagasolart@gmail.com nó glaoch ar 0879709969.
Cuirfidh Tuismitheoirí na Gaeltachta ceardlanna ealaíne ar bun mar chuid den tsraith Siamsán na nÓg in Ionad Naomh Pádraig Dobhar ar An Bun Beag ar an Satharn freisin. Beidh na ceardlanna ar bun ón 11 r.n. maidin Dé Sathairn 24 Bealtaine. Níl aon táille ach caithfear clárú roimh ré trí rphost a sheoladh chuig eilin@tuismitheoiri.ie
Fág freagra ar 'CULTÚR: Feis Thoraí, Siúlóid Ghaeilge ar Shlí Cholmcille, RUA in Amharclann Ghaoth Dobhair'