‘Cuir leaba ar fáil do mhac léinn’ – achainí an USI agus géarchéim lóistín ag bagairt

Tá an USI buartha go mbeidh éileamh níos mó ná riamh ar lóistín nuair a fhoilseofar torthaí na hArdteiste an tseachtain seo chugainn

‘Cuir leaba ar fáil do mhac léinn’ – achainí an USI agus géarchéim lóistín ag bagairt

Tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) ag impí ar an bpobal seomraí a chur ar fáil ar cíos. Ní raibh an ganntanas lóistín do mhic léinn “riamh chomh dona céanna”, dar leis an USI, agus deir siad go bhféadfadh úinéirí tí “suas le €12,000, saor ó cháin, sa bhliain” a thuilleamh trí sheomraí a chur ar cíos.

Chuir 80,877 dalta Ardteiste isteach ar chúrsa tríú leibhéal i mbliana, sin 877 níos mó ná mar a chuir isteach orthu anuraidh. Tá an USI buartha go mbeidh éileamh níos mó fós ar lóistín nuair a fhoilseofar torthaí na hArdteiste an tseachtain seo chugainn.

Dúirt an USI nach bhfuil ach 87 teach ar fáil ar an 1 Lúnasa i mbliana i gcathair Chorcaí, áit a raibh os cionn 1,000 ar fáil sé bliana ó shin, dar le hanailís atá déanta ag an Aontas ar fhigiúirí ón suíomh eastát réadach, Daft.ie.

“Ní raibh a leithéid de ghanntanas lóistín do mhic léinn ar fud na tire riamh. Tá muid ag moladh do dhuine ar bith a bhfuil seomra breise acu clárú le homes.usi.ie. Is próiseas an-simplí é seomra a ligean, go háirithe do thuismitheoirí a bhfuil “a n-ál féin imithe nó ag freastal ar choláistí ar an taobh eile den tír”.

“Cosnaíonn an coláiste tuairim is €11,000 agus ba mhór an cúnamh é dá ligfí seomra ar cíos do mhac léinn, mar d’fhéadfaí suas le €12,000 a thuilleamh sa bhliain, saor ó cháin,” a dúirt Annie Hoey, Uachtarán an USI.

Ba réiteach “a bheadh sásúil do chách” é dá ligfeadh úinéirí tí a gcuid seomraí ar cíos le mic léinn toisc go mbeadh “buntáistí an tí teaghlaigh” ann do na mic léinn agus go bhféadfadh an t-úinéir tí “airgead maith a dhéanamh agus gan le déanamh acu ach pictiúir de na seomraí a uaslódáil mar aon le cur síos orthu agus costas na míosa”. Maíonn an USI nach dtógann sé “ach cúig nóiméad ar an meán” le clárú leis an suíomh.

Fág freagra ar '‘Cuir leaba ar fáil do mhac léinn’ – achainí an USI agus géarchéim lóistín ag bagairt'