Drochsheachtain eile do mhná na hÉireann. Dé Domhnaigh seo caite thug Vicky Phelan a haghaidh ar na Stáit Aontaithe le bheith páirteach i dtriail do dhruga in aghaidh na hailse. Tá súil ag Vicky go dtabharfaidh an druga nua atá á fhorbairt i Maryland fad saoil agus tuilleadh ama lena cuid páistí di.
Tá Phelan i mbun feachtais ó 2018 nuair a fuair sí amach go raibh ailse i mbéal na broinne uirthi a bhí imithe ó leigheas cé, de bharr botúin sa gcóras scagthástála, go bhfuair sí toradh diúltach ar an tástáil smeartha. B’in an fhaillí ba dhéanaí ag cuid den státchóras in Éirinn ar mhná.
Dá Máirt foilsíodh tuarascáil an Choimisiúin fiosrúcháin faoinar tharla in Árais Máithreacha agus Páistí sa tír idir 1922 agus 1998. Díol uafáis a thug an Taoiseach ar líon na mbásanna agus ghabh sé leithscéal thar ceann an Stáit sa Dáil. Labhair sé ar an gcultúr inar léiríodh gráin ar mhná agus ina ndearnadh leatrom orthu.
Tá ceacht soiléir ann le foghlaim ó chás Vicky Phelan agus cás na mban eile a ndearnadh faillí orthu, bíodh sé de bharr drochíde in áras máithreacha agus leanaí nó de bharr scannail sa gcóras sláinte amhail CervicalCheck agus scannal Heipitíteas C. Caithfear an córas a athrú agus a fheabhsú. Cé go bhfuil aitheantas agus cúiteamh dlite dóibh siúd a d’fhulaing is gá a chinntiú nach dtarlaíonn uafáis mar seo arís.
Faoi láthair, tá beagnach 8,000 duine sa tír seo ina gcónaí in ionaid soláthair dhírigh. Tá go hard os cionn 8,000 duine gan dídean agus iad ag brath ar lóistín éigeandála. Tá seomraí óstáin ar fáil dóibh ach níl aon chaighdeán maireachtála acu. Faillí agus leatrom atá anseo freisin, cé nach bhfuil an scéal chomh brúidiúil leis an méid a nocht an tuarascáil i rith na seachtaine. Nach bhfuil sé in am againn anois breathnú amach do na daoine is laige inár measc?
Chomh maith leis an náire agus an faitíos roimh an Eaglais, bhí gné eile den scéal seo atá fíor fós inniu. Bhí go leor de na teaghlaigh a dhíbir nó a thug ar láimh a gclann iníon beo bocht agus b’fhacthas dóibh nach raibh de rogha acu ach na mná óga seo a chur sna hionaid. Bhí sé spéisiúil a fheiceáil sa tuarascáil go raibh teaghlaigh ghustalacha in ann áit a fháil dá gcuid iníonacha sna hionaid phríobháideach agus nár caitheadh chomh dona leis na mná óga sin. An bochtanas arís ba chúis leis an bhfulaingt ba mhó.
Feiceann an mháthair a theitheann trasna na hEorpa ó ghéarleanúint agus atá anois ag maireachtáil in ionad soláthair dhírigh go bhfuil an leatrom céanna á dhéanamh uirthise agus a dhéantar ar dhaoine bochta trí chéile. Nó an tuismitheoir aonair atá sáinnithe i seomra óstáin agus gan ach caolseans go mbeidh teach ceart ar fáil dóibh go luath. Nó an mháthair a bhfuil a páiste i measc na mílte ar liosta feithimh do chóir leighis.
Caolseans go dtarlóidh an bhrúidiúlacht a tharla sna hÁrais Máithreacha agus Leanaí go deo arís. Buíochas le Dia, tá an saol sin imithe. B’fhéidir nach aon dochar, mar sin féin, go mbreathnódh muid mar thír ar an bhfaillí agus an leatrom atá á dhéanamh ar shaoránaigh áirithe i gcónaí. Más linn aitheantas a thabhairt do na mná agus na leanaí a cuireadh sna hárais máithreacha agus leanaí, ba chóir go mbeadh a leithéid de scrúdú coinsiasa mar chuid den aitheantas sin.
Nó an gcaithfidh muid fanacht go ndéanfaidh Taoiseach éigin eile leithscéal eile thar ceann an Stáit.
Ciarán
An ceart ar fad ag Máirín san alt seo. Faraor, sna blianta amach romhainn foilseofar tuairisc faoin méid atá á fulaingt sna hionaid seo faoi láthair.