Cúigear óg arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2019…

Roghnaíonn Tuairisc.ie cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú go mór súil a choinneáil orthu in 2019

Cúigear óg arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2019…

Ryan O’Donoghue

Imreoir Mhaigh Eo, Ryan O’Donoghue. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Imreoir sacair cumasach a d’imir d’Éirinn, rinne Ryan O’Donoghue an cinneadh díriú ar an bpeil Ghaelach in 2016 agus tá sé imithe ó neart go neart ó shin. Bhí fear Bhéal an Mhuirthead ina chaptaen ar fhoireann Faoi 20 Mhaigh Eo a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann in 2018 agus é anois ar phainéal sinsir an chontae.

Léirigh O’Donoghue an choisíocht agus an scil atá ann nuair a d’aimsigh sé cúl den scoth i gcluiche ceannais na hÉireann i gcoinne Chill Dara agus beidh lucht leanta fadaraíonacha ag súil go rachaidh na buanna atá aige chun leasa na foirne sinsir.

Bhí sé ina chaptaen chomh maith ar fhoireann Bhéal an Mhuirthead a bhuaigh Craobh Idirmheánach Mhaigh Eo i mbliana, rud a léiríonn an meas atá air mar cheannaire. D’fhág gortú rúitín nár imir sé i gcluiche an chumainn i gcraobh an chúige ach meastar go mbeidh sé aclaí do thús na Sraithe Náisiúnta i mbliana.

Troy Parrott

Troy Parrott ag imirt d’fhoireann Faoi 17 na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Simon Stacpoole

Imreoir beag stuifiúil as Éirinn a bhíonn ag imirt i measc na dtosaithe do Tottenham Hotspur. Is deacair gan comparáid a dhéanamh idir Robbie Keane agus Troy Parrott. Níl Parrott ach 16 bliain d’aois –  beidh a bhreithlá á cheiliúradh aige an mhí seo chugainn – ach áirítear é ar dhuine de na himreoirí óga is fearr ón tír seo le fada an lá.

Ba é an Baile Átha Cliathach an t-imreoir ab fhearr a bhí ag Éirinn ag Craobh Faoi 17 na hEorpa an samhradh seo caite agus tá an-dul chun cinn déanta aige le Spurs ó shin. Tá gaiscí déanta aige le foirne Faoi 19 agus Faoi 23 an chumainn le cúpla mí anuas agus bhí sé mar chuid den scuad sinsir do chluiche in aghaidh Leicester i bPríomhroinn Shasana mí na Nollag. Ní raibh sé i measc na n-ionadaithe fiú an lá sin, ach léiriú ab ea é go bhfuil meas ag an mbainisteoir, Mauricio Pochettino, air.

Tá píosa fada le dul ag Parrott sula mbeidh aon duine in ann comparáid a dhéanamh dáiríre idir é féin agus Keane. Mar sin féin, tá an chuma air go bhfuil an mianach ann an beart a dhéanamh.

Sommer Lecky

An léimneoir ard Sommer Lecky. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Bhí bliain den scoth ag an léimneoir ard Sommer Lecky in 2018. Bhuaigh bean óg Thír Eoghain bonn óir ag Craobhchomórtas na hÉireann faoi dhíon agus boinn ag comórtais idirnáisiúnta eile ach níl aon amhras ach gurbh é buaicphointe na bliana di an bonn airgid a bhuaigh sí ag Craobhacha Faoi 20 an Domhain san Fhionlainn mí Iúil. Léim Lecky 1.90cm chun an dara háit a fháil sa chomórtas agus í i bhfoisceacht 2cm den bhonn óir.

Rinne Lecky gaiscí go leor faoi aois ach is cinnte gur ar na comórtais shinsir atá a haird anois. Chaill sí amach ar Chraobhchomórtais na hEorpa níos deireanaí in 2018 de bharr gortaithe ach beidh Lecky ag díriú ar Chraobhchomórtais an Domhain sa Chatar ag deireadh 2019 agus leathshúil freisin aici ar na Cluichí Oilimpeacha in 2020.

Caelan Doris

Imreoir Chúige Laighean, Caelan Doris. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Ba é Caelan Doris captaen agus sárimreoir na hÉireann ag Craobh Faoi 20 an Domhain sa Fhrainc an samhradh seo caite agus tá sé anois san iomaíocht d’áit ar fhoireann shinsir Chúige Laighean.

Rugadh Doris gar do Bhéal an Átha i gCo. Mhaigh Eo ach bhog a chlann go dtí Baile Átha Cliath nuair a bhí óg agus d’fhreastail sé ar Choláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath. Fuair sé áit in acadamh Chúige Laighean in 2017 agus níorbh fhada go raibh áit aige i scuad na sinsear.

Tá scata imreoirí den scoth ag Cúige Laighean sa líne chúil ach ba cheart go mbeadh neart deiseanna imeartha ag Doris in 2019 nuair a bheidh imreoirí idirnáisiúnta an Chúige gafa le hÉirinn i rith Chraobh na Sé Náisiún san earrach agus i rith Chorn an Domhain sa bhfómhar.

Ní fheicfidh muid Doris i ngeansaí na hÉireann ag na comórtais sin mura dtarlódh rud éigin fíor-aisteach, ach is cinnte go bhfuil an cumas an áit a bhaint amach ar an bhfoireann idirnáisiúnta as seo go ceann cúpla bliain.

Brian McGrath

Cosantóir Thiobraid Árann, Brian McGrath. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Is cinnte go bhfuil an iomáint sa dúchas ag Brian McGrath. Tá a dheartháireacha John agus Noel McGrath ag imirt d’fhoireann shinsir iomána Thiobraid Árann le roinnt blianta anuas agus beidh Brian leo in 2019.

Tosaithe cumasacha, sciliúla iad an bheirt is sine ach is cosantóir breá láidir é Brian, a bhí ina chaptaen ar fhoireann mhionúir Thiobraid Árann a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2016. Bhí McGrath ar fhoireann Faoi 21 an chontae a thug leo Craobh na hÉireann in 2018 agus agus é ar dhuine d’imreoirí lánchúil Thiobraid Árann ar éirigh leo sárthosaithe Chorcaí a choinneáil faoi chois mí Lúnasa seo caite.

Bhí an líne lánchúil ar cheann de na laigí ba mhó ag foireann shinsir Thiobraid Árann le cúpla bliain anuas agus is cinnte go mbeidh Liam Sheedy ag súil gur chuid mhór de leigheas na faidhbe sin McGrath.

Fág freagra ar 'Cúigear óg arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2019…'