Cuid de Ghaeltacht Dhún na nGall sa cheantar is measa sa tír atá buailte ag an gcoróinvíreas

Is i gceantar Bhaile na nGallóglach, mar a bhfuil na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile, atá an ráta is airde den choróinvíreas sa tír faoi láthair

Cuid de Ghaeltacht Dhún na nGall sa cheantar is measa sa tír atá buailte ag an gcoróinvíreas

Tá ráta scaipthe an Covid-19 anois faoi bhun an mheáinráta náisiúnta i ngach ceantar Gaeltactha seachas i nDún na nGall, agus ceantar amháin i gcontae na Mí.

De réir na staitisticí is deireanaí, níor tháinig ardú ar líon na gcásanna den víreas le seachtain anuas ach in dhá thoghcheantar i nDún na nGall agus tá formhór Ghaeltacht Thír Chonaill sa phéire sin.

Is i gceantar Bhaile na nGallóglach, mar a bhfuil na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile, atá an ráta is airde sa tír den choróinvíreas faoi láthair.

Aimsíodh 49 cás sa toghcheantar idir an 10-23 Samhain agus tá ráta scaipthe an ghalair imithe suas ó 327 go dtí 337 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar.

I dtoghcheantar na nGleanntach, d’ardaigh ráta scaipthe an Covid-19 ó 171 an tseachtain seo caite go dtí 180 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar le seachtain anuas. 43 cás ar fad a deimhníodh sa cheantar idir an 10-23 Samhain.

Cé gur tháinig laghdú ar ráta an Covid-19 sna cúig thoghcheantar eile sa chontae, is i nDún na nGall go fóill atá ceithre cinn de na sé thoghcheantar is measa sa tír atá buailte ag an Covid-19 – Baile na nGallóglach (356), Leitir Ceanainn (306), Bun Cranncha (282) agus Carn Domhnach (265).

Thit an ráta i gceantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae ó 143 go dtí 132 le seachtain anuas.

Tháinig laghdú ollmhór ar líon na gcásanna i nGaeltacht Mhaigh Eo le roinnt laethanta anuas.

Nuair a foilsíodh na figiúirí an tseachtain seo caite, bhí 23 cás aimsithe i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead sa choicís roimhe sin agus ráta 183 ann. Tá Béal an Mhuirthead anois ar cheann de na ceantair ina bhfuil an ráta is ísle den víreas sa tír agus níos lú ná cúig chás nua aimsithe ann idir an 10-23 Samhain.

Ba é an scéal céanna é i dtoghcheantair Chathair na Mairt, mar a bhfuil Tuar Mhic Éadaigh. Níos lú ná cúig chás a aimsíodh ansin le coicís anuas.

D’fhan na figiúirí i gConamara nach mór mar a chéile le seachtain anuas. Níor tháinig aon titim ná aon ardú ar líon na gcásanna i gConamara Theas agus ocht gcás a deimhníodh ansin idir an 10-23 Samhain. 38 go fóill ráta scaipthe an ghalair sa cheantar.

I gConamara Thuaidh, thit an ráta ó 35 go dtí 29 le seachtain anuas. Cúig chás den choróinvíreas a deimhníodh ann le cúpla seachtain anuas.

I gCiarraí, tháinig ardú ar an ráta i gCorca Dhuibhne den chéad uair le mí anuas. Níos lú ná cúig chás a bhí sa cheantar ó dheireadh mhí Dheireadh Fómhair ach cúig chás ar fad a deimhníodh ann idir an 10-23 Samhain, rud a fhágann go bhfuil ráta an ghalair ag 35.

Tá an ráta i dtoghcheantar an Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, tite don séú seachtain as a chéile. Ráta 36 atá ann anois agus naoi gcás deimhnithe ann le cúpla seachtain anuas.

I gCorcaigh, aimsíodh cás breise amháin i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, an tseachtain seo. 27 cás ar fad a deimhníodh sa cheantar idir 10-23 Samhain agus an ráta imithe suas beagáinín go dí 73.

Bhí ardú beag i gceist chomh maith i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. D’ardaigh an ráta ó 106 go dtí 109 an tseachtain seo, beagáinín os cionn an mheánráta náisiúnta – 108.

Ráta 102 a bhí i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib.

Tháinig laghdú ar an ráta sa cheantar timpeall ar Ghaeltacht na nDéise den chéad uair le coicís anuas. Thit an ráta i nDún Garbhán go dtí 54 agus 11 cás aimsithe ansin idir an 10-23 Samhain.

Fág freagra ar 'Cuid de Ghaeltacht Dhún na nGall sa cheantar is measa sa tír atá buailte ag an gcoróinvíreas'