Cuairt tugtha ag an Taoiseach ar an mBlascaod Mór agus oidhreacht cheoil an oileáin le ceiliúradh

Tráthnóna in Ionad an Bhlascaoid a sheolfaidh an Taoiseach Micheál Martin go hoifigiúil an bailiúchán ‘Beauty an Oileáin’

Cuairt tugtha ag an Taoiseach ar an mBlascaod Mór agus oidhreacht cheoil an oileáin le ceiliúradh

An Taoiseach Micheál Martin ar an mBlascaod Mór. Pic: Merrion Street/Twitter

Tá cuairt tugtha ag an Taoiseach ar an mBlascaod Mór den chéad uair riamh agus an lá caite aige ar an oileán Gaeltachta. 

Tá an Taoiseach i nGaeltacht Chorca Dhuibhne chun cnuasach ceoil agus amhránaíochta ón mBlascaod Mór, Beauty an Oileáin, a sheoladh. 

Agus é ag labhairt le RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Micheál Martin gurb í seo an chéad uair dó cuairt a thabhairt ar an oileán ach go bhfuil an-chuid ama caite aige i gCorca Dhuibhne ó bhí sé ina fhear óg. 

“Sí seo an chéad uair dom ar an oileán ach, nuair a bhíothas an-óg tháinig mé go Corca Dhuibhne le Coláiste Chríost Rí i 1973 agus 1975, le Séamus Langford a d’eagraigh saghas [coláiste Gaeltachta] ar an bhFeothanach,” a dúirt an Taoiseach. 

“Thiteas i ngrá leis an áit ón gcéad lá, ag teacht suas ó chathair Chorcaí le 100 buachaill. Bhí an-chraic againn. Níos déanaí, mar mhac léinn, dheineas an Ghaeilge agus thána anseo ar scoláireachtaí, go dtí Baile an Fheirtéaraigh.” 

Dúirt sé gur bhraith sé go raibh an ceantar, ní hamháin i gceartlár na Gaeltachta ach “i gceartlár saol eile” agus thagair sé don dán Fill Arís le Seán Ó Ríordáin. 

Tráthnóna in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin a sheolfaidh an Taoiseach go hoifigiúil an bailiúchán Beauty an Oileáin. Dlúthdhiosca agus leabhar atá i gceist sa bhailiúchán seo a dhéanann oidhreacht cheoil agus amhránaíochta an Bhlascaoid Mhóir a cheiliúradh. 

Eisíodh an dlúthdhiosca ar dtús i 1992 agus 17 amhrán agus píosa ceoil ó mhuintir an oileáin air, a bhailigh an béaloideasóir an Dr Ríonach Uí Ógáin. Tá curtha leis an gcnuasach sin sa leagan nua le taifeadtaí cartlainne a tháinig chun solais le 30 bliain anuas, chomh maith le píosaí ó cheoltóirí agus amhránaithe de shliocht an Bhlascaoid Mhóir. 

Claddagh Records atá ag eisiúint Beauty an Oileáin agus ní bheidh ach líon teoranta cóipeanna ar fáil. 

Fág freagra ar 'Cuairt tugtha ag an Taoiseach ar an mBlascaod Mór agus oidhreacht cheoil an oileáin le ceiliúradh'

  • JP

    Thug Mícheál an cnoc in airde air féin ‘le coiscéim éadrom lúfar’ ach bhí sé ‘tugtha’ go maith ar theacht anuas dó. ‘Níl an ceol céanna sna seanchnámha is a bhíodh’, ar sé go maolchluasach. Bhí fiontraí de chuid na háite i gcomhchlos dó agus rith an smaoineamh leis ar hap an tairnge go bhféadfaí (le cabhair airgid ón Rialtas) ‘Ionad Suathaireachta Pheig Sayers’ a bhunú sa Bhlascaod Mór…maille le foirgnimh áineasa is aoibhnis eile a bheadh oiriúnach le haghaidh Ardfheis Fhianna Fáil amach anseo. Mar chomhartha dílseachta dár n-oidhreacht bheadh ár dTaoiseach is a chamthaí ag luí amach orthu féin d’fhonn an tseanbhrí ársa álainn a chur faoin bhfocal ‘Feis’ an athuair. ‘Bhuailfí buille eile ar son na hathbheochana’, ar sé agus clab go cluasa air. An rud is annamh is iontach.

  • An Teanga Bheo

    Farewell tour is dócha a Mhairtín

  • Caoimhín

    Ní fhéidir leat a shéanadh gur fhear uasal é Mícháiln Martin, is cuma cén saghas polaitaíochta atá agat. Ardfhear é