Níl sé i gceist ag an eagraíocht Gaeloideachas cruinniú a reáchtáil i gceantar Chonamara mar chuid den tsraith cruinnithe faoin bpolasaí oideachais Gaeltachta atá á reáchtáil ag an eagraíocht faoi láthair.
Cuireadh tús Dé Luain le sraith cruinnithe faoin bpolasaí in Óstán Loch Altan i nGort an Choirce agus bhí cruinniú eile aréir ann in Óstán an Clayton, ar an taobh thoir de chathair na Gaillimhe. Tuairiscítear go raibh timpeall 90 duine ar an gcruinniú i nDún na nGall agus gur thart ar 65 duine a d’fhreastail ar chruinniú na hoíche aréir sa Ghaillimh.
D’iarr tuismitheoirí i gConamara ar an eagraíocht Gaeloideachas cruinniú eile a reáchtáil i gConamara faoin bpolasaí agus roinnt daoine, in iarthar na Gaillimhe, míshásta, gur in ar an taobh thoir de chathair na Gaillimhe a bhí cruinniú na hoíche aréir ar siúl.
Tá scríofa ag cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, Donncha Ó hÉallaithe, chuig príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin, a bhí i láthair ag an gcruinniú i nGaillimh aréir, le cur in iúl di “nach bhfeileann [Óstán an Clayton] mórán tuismitheoirí sa cheantar mór Gaeltachta i gConamara” toisc go mbeadh orthu taisteal go dtí “an taobh eile de chathair na Gaillimhe” le freastal ar an gcruinniú.
Dúirt sé go gcuirfeadh cúrsaí tráchta i gcathair na Gaillimhe an t-am sin den tráthnóna isteach ar iarrachtaí tuismitheoirí freastal ar an gcruinniú.
“Ní thuigimid cén fáth nár eagraíodh ar a laghad cruinniú amháin in ionad lárnach i nGaeltacht Chonamara, an ceantar Gaeltachta is mó sa tír ina bhfuil scoileanna ag teagasc trí mheán na Gaeilge, ag an dá leibhéal,” a scríobhadh sa litir.
Thairg Ó hÉallaithe “acmhainní, cúnamh, agus tacaíocht” Chumann Forbartha Chois Fharraige do Gaeloideachas le cruinniú a eagrú sa cheantar an tseachtain seo chugainn.
Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin le Tuairisc.ie tráthnóna aréir, áfach, nach raibh sé i gceist ag Gaelscoileanna cruinniú a reáchtáil i gConamara “mar chuid den tsraith seo” ach go dtiocfaidh an eagraíocht chuig an taobh sin den chontae an chéad uair eile a bheadh a leithéid de chruinniú á reáchtáil.
Thug sí le fios gur roghnaíodh Óstán an Clayton mar láthair don chruinniú aréir mar gheall ar a lárnaí is atá an t-óstán sin do na ceantair Ghaeltachta éagsúla i gcontae na Gaillimhe, ní hamháin Conamara.
Dúirt sí go raibh an eagraíocht ag iarraidh go bhfreastalóidh tuismitheoirí agus múinteoirí ó scoileanna i nGaeltacht an Eachréidh, Gaeltacht Chathair na Gaillimhe agus ceantair bhreacGhaeltachta eile sa chontae ar chruinniú na hoíche aréir, chomh maith le pobal Chonamara.
“Aithnímid cinnte go bhfuil grúpa láidir i gConamara, ach tá go leor daoine sna breacGhaeltachtaí atá buartha faoin bpolasaí, agus teastaíonn uainn na grúpaí sin a tharraingt le chéile ag an gcruinniú seo,” a dúirt Ní Ghréacháin.
Tá na cruinnithe á reáchtáil i ndiaidh don Roinn Oideachais litreacha a chuir chuig scoileanna Gaeltachta ag deireadh na míosa seo caite maidir leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta.
Ceithre sheisiún ar fad atá beartaithe ag Gaeloideachas, na seisiúin i dTír Chonaill agus sa Ghaillimh san áireamh.
Bíonn painéil chainteoirí i láthair ag gach seisiún ar a mbíonn saineolaithe sa tumoideachas agus príomhoidí ó scoileanna atá ag cur an tumoideachais i bhfeidhm ina gcuid scoileanna cheana féin.
Tá Gaeloideachas ag súil go mbeidh múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí, agus daltaí ó scoileanna Gaeltachta ar fud na tíre i láthair ag na seisiúin seo, atá á reáchtáil in óstáin éagsúla as seo go deireadh na míosa.
An mhí seo caite, d’fhógair an tAonad Gaeltachta, an t-aonad nua de chuid na Roinne Oideachais atá ag plé le cur i bhfeidhm an Pholasaí Oideachais Gaeltachta, go mbeadh ar scoileanna sa Ghaeltacht ar mian leo aitheantas a fháil mar scoil Ghaeltachta léiriú spéise a chur isteach roimh an 15 Meitheamh i mbliana.
Léiríodh imní an tseachtain seo caite faoi na himpleachtaí a bheadh ag an tumoideachas ar chumas daltaí Gaeltachta sa Bhéarla. Más faoi scoil atá lonnaithe sa Ghaeltacht stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach faoin bpolasaí nua, beidh ar an scoil sin gan an Béarla a theagasc i ranganna na naíonán beag agus na naíonán mór. Bhí plé fada ar an ábhar ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite agus léirigh roinnt tuismitheoirí Gaeltachta an bhuairt atá orthu faoin gceist.
Tá imní léirithe ag príomhoidí i scoileanna Gaeltachta freisin faoin “easpa cinnteachta” a bhaineann leis na hacmhainní daonna atá an Roinn Oideachais sásta a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm.
Deir na príomhoidí nach mbeifear in ann an ghné tumoideachais den pholasaí, is é sin gan aon Bhéarla a mhúineadh i ranganna na naíonán beag ná na naíonán mór, a chur a i bhfeidhm nuair a bhíonn “ilranganna” nó seomraí ranga ina mbíonn níos mó ná rang amháin iontu sa scoil.
Mánus
Arbh fhiú do thuismitheoirí taistil chun éisteacht leis na saineolaithe nuair atá bunshraith an pholasaí , an tumoideachas, díreach scriosta ag an Aire Bruton.
Cén plainéad ar a bhfuil Gaeloideachas? Ní “breacGhaeltachtaí” atá taobh thoir den Choirib . Is iarGhaeltachtaí atá sna ceantracha “oifigiúla Gaeltachta” ar an mbruach thoir. Is “breacGhaeltachtaí” atá i gConamara agus níos lú ná deich mbliain tugtha ag teangeolaithe dóibh.