Cruinniú á lorg leis an Aire Sláinte agus ‘aiféala’ ar an Roinn Sláinte faoi theip an stáit i leith na Gaeilge

Tá an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee ag iarraidh cruinniú leis an Aire Sláinte agus Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte, Robert Watt, a deir gur oth leis na fadhbanna a bhain le soláthar seirbhísí i nGaeilge le linn na paindéime

Cruinniú á lorg leis an Aire Sláinte agus ‘aiféala’ ar an Roinn Sláinte faoi theip an stáit i leith na Gaeilge

Tá cruinniú á lorg ag polaiteoir leis an Aire Sláinte agus le hArd-Rúnaí na Roinne Sláinte chun plé a dhéanamh ar theip an rialtais seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge le linn na paindéime.

Deir an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee go bhfuil sé i gceist aici cruinniú “cuimsitheach” a bheith aici leis an mbeirt chun na fadhbanna a bhí ann ó thaobh eolais agus seirbhísí faoin Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge.

Tá a hiarratas ar chruinniú déanta ag an Seanadóir i ndiaidh d’Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte, Robert Watt, a ghéilleadh go raibh “aiféala” air faoi theip na n-údarás sláinte ó thaobh seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil le linn na paindéime.

Dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil le Tuairisc.ie go raibh teagmháil déanta aici leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly agus go raibh sé tugtha le fios aige go raibh sé sásta casadh léi. Tá Clifford-Lee fós ag fanacht ar fhreagra ó Robert Watt, Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte.

“Ba mhaith liom cruinniú maith, suntasach, cuimsitheach a bheith againn. Ní díreach glaoch le haghaidh cúpla nóiméad,” a dúirt an Seanadóir. Thug sí le fios freisin go raibh sé i gceist aici cuireadh a thabhairt d’Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, freastal ar aon chruinniú a bheadh ann.

Dúirt Clifford-Lee go raibh sí ag súil go bhfreastalódh Watts ar an gcruinniú freisin.

Bhí Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte os comhair Choiste Sláinte an Oireachtais an tseachtain seo caite, áit ar fhiafraigh Clifford-Lee de faoi na fadhbanna a bhí ann maidir leis an nGaeilge agus dúirt sé nach raibh dóthain eolais aige faoin scéal agus go bhfillfeadh sé ar an ábhar.

“Bhí roinnt fadhbanna ann. Dar ndóigh, is oth linn sin. Ní dhéanfaidh mé aon leithscéalta dó. Ní raibh ach am gairid ann chun rudaí a dhéanamh,” a dúirt Watt.

“Beidh mé i dteagmháil arís leis an Seanadóir. Scríobh sí chugam faoi seo agus measaim gur thug mé freagra di i rith an tsamhraidh, ach tiocfaidh mé ar ais chuici. Níl sonraí an scéil agam ach is oth linn go raibh na botúin sin déanta.”

Dúirt Clifford-Lee le Tuairisc.ie nach bhféadfaí an scéal a chur ar leataobh agus é geallta ag Ard-Rúnaí Roinn ag coiste Oireachtais go ndéileálfadh sé leis.

Dúirt an Seanadóir go bhfuil a fhios aici go raibh na seirbhísí sláinte faoi bhrú ollmhór le linn na paindéime ach nach bhféadfaí glacadh leis an gcaoi ar caitheadh leis an nGaeilge lena linn.

“Bhí an t-eolas [i nGaeilge] a bhí ag teacht amach ón Roinn agus ón HSE míchruinn,” a dúirt Clifford-Lee.

“Tá dualgais reachtúla ar gach Roinn agus ba mhaith liom é sin a chur in iúl do Robert Watt.”

Beidh fiosrúchán faoi theip an rialtais agus na seirbhísí sláinte eolas agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge le linn na paindéime ina mhórchuid d’obair Choiste Gaeilge an Oireachtais, a bhfuil an Seanadóir Clifford-Lee ina ball de, an fómhar seo.

Tá sé i gceist ionadaithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón Roinn Sláinte a thabhairt os comhair an choiste níos deireanaí i mbliana chun cás na teanga le linn na géarchéime sláinte poiblí a chíoradh.

Tá cáineadh go leor déanta ar na húdaráis sláinte agus ar an rialtas as teip an stáit eolas faoin bpaindéim Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge. I mBéarla amháin a bhí formhór an eolais a foilsíodh faoin ngéarchéim ó thosaigh sí bliain go leith ó shin agus is minic go mbíonn moill ar aon ábhar i nGaeilge, má fhoilsítear in aon chor é.

Fág freagra ar 'Cruinniú á lorg leis an Aire Sláinte agus ‘aiféala’ ar an Roinn Sláinte faoi theip an stáit i leith na Gaeilge'