Cruachás na gclubanna – cén mhaith a bheith ag caint air?

Is cuma cad é a deirtear faoi thábhacht na gclubanna do CLG, is beag maitheas a dhéanann sé dóibh nuair thagann an fhoireann chontae ag triall ar a n-imreoirí

Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Bhuel tá an chéad chorn a bhfuil tábhacht leis tugtha leo ag an gClár agus an chuma ar an scéal nach bhfuil deireadh déanta fós acu.

Seo an dara bliain i ndiaidh a chéile go bhfuil an corn seo tugtha leo ag foireann ó roinn 1B na sraithe.

Tá sé sin deacair go leor a thuiscint agus b’fhéidir go neartaíonn sé an cás gur cheart níos mó foirne bheith i roinn 1A.

Táim ag súil cheana féin le babhta a trí san ionad céanna agus seans ag Port Láirge díoltas a bhaint amach ar an gClár.

Ag filleadh ar a gclubanna atá cuid maith imreoirí faoi láthair. Tá babhtaí cluichí club ar siúl na laethanta seo fud fad na tíre. Tá athrú mór tagtha ar an gcóras cluichí do na clubanna le tamall de bhlianta anois.

Tá an ré nach mbíodh ach cluiche craoibhe amháin ag cuid mhaith clubanna thart agus córais dhifriúla tugtha isteach i gcontaetha éagsúla a chinntíonn go mbíonn clubanna fós ag imirt i dtús an fhómhair. 

Ach mar sin féin níl na himreoirí club ag fáil cothrom na féinne. Bíonn siad i mbun diantraenála sa drochaimsir ag tosach na bliana. Ansin bíonn cúpla cluiche sraithe le himirt acu is gan teacht acu ar na himreoirí idirchontae agus ina dhiaidh sin uilig bíonn an chéad bhabhta den chraobh ann. Faraor is cuma sa diabhal faoin gcéad bhabhta sin mar bíonn an dara seans ag gach aon fhoireann. Aontaím go hiomlán gur cheart an dara cluiche a bheith ag an bhfoireann a chailleann a gcéad chluiche craoibhe ach an rud a chuireann fearg orm ná nuair a chuirtear stop leis na cluichí ar fad mar go bhfuil an fhoireann chontae fós san iomaíocht sa chraobh idirchontae.

Is minic anseo i gCorcaigh nach n-imríonn clubanna aon chluiche craoibhe i mí Iúil nó i mí Lúnasa. Is cúis náire é sin. Agus anseo cois Laoi, de ghnáth, ní chuirtear stop le gach rud don fhoireann chontae mar a tharlaíonn i gcontaetha eile. Fós is minic nach mbíonn cluiche craoibhe le himirt ag cuid mhaith clubanna i lár an tsamhraidh.

Is cuma cad é a deir nó cad é a scríobhann aon iriseoir nó riarthóir faoi na clubanna a bheith i gcroílár an Chumainn, is beag maitheas a dhéanann sé dóibh nuair thagann an fhoireann chontae ag lorg a n-imreoirí.

Scríobh mé cheana faoi seo agus scríobh iriseoirí eile faoi freisin. Tá sé thar a bheith deacair ag na bainisteoirí club na himreoirí a choimeád ag traenáil i rith an tsamhraidh agus gan aon chluiche ceart á imirt acu. Tá sé thar a bheith deacair ar na himreoirí aon saoire a thógáil mar tarlaíonn sé go minic go n-athraíonn rudaí agus cuirtear cluichí ar siúl gan mórán réamhfhógra a thabhairt.

Agus an rud is measa ar fad, i mo thuairimse, ná nach gcríochnaítear gach cluiche ar an lá. Is cuma cén chúis a thugtar faoi seo is masla é do na himreoirí club gurb amhlaidh atá. Cuireann sé isteach go mór ar na máistirliostaí cluichí a bhíonn ag gach contae. Tá sé in am ag Cumann Lúthchleas Gael na rialacha a athrú ar mhaithe leis an ngnáth-imreoir club.

Tá an meas sin tuillte aige.

Focal Scoir: An deireadh seachtaine i ndiaidh bhabhta a trí den sága idir Chontae an Chláir agus Port Láirge bhíos chun aghaidh a thabhairt ar Bhaile Brigín, don fhéile cheoil Ravelóid. Is mór an trua go raibh ar an lucht eagraithe é a chur ar athló.

Fág freagra ar 'Cruachás na gclubanna – cén mhaith a bheith ag caint air?'