Cothrom an lae seo 200 bliain bádh 21 duine ó Chorca Dhuibhne. Inseofar an scéal inniu ar RnaG…

Inseofar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go gairid tar éis meán lae inniu, scéal brónach agus conspóideach cheann de mhórthragóidí Chorca Dhuibhne – bá Bhád na nGort nDubh

Cothrom an lae seo 200 bliain bádh 21 duine ó Chorca Dhuibhne. Inseofar an scéal inniu ar RnaG…

Cothrom an lae inniu, dhá chéad bliain ó shin, is ea tharla ceann de mhórthragóidí agus óspairtí Chorca Dhuibhne; bá Bhád na nGort nDubh, bád saighne a bhí ar thóir árthaigh raice a bhí tagtha le cósta. Bádh fear agus fiche ó pharóiste an Fheirtéaraigh, ar Mhainínigh a bhformhór, nuair a cailleadh an bád, oíche na Féile Bríde 1818.

Bhí an Brilliant, árthach céad tonna, ar a slí ó Luimneach go Glaschú le ládáil cruithneachtan, nuair a stracadh a seolta le linn anaithe. Bádh triúr dá criú sa stoirm chéanna, agus an méid acu a bhí fágtha, d’éirigh leo í a stiúradh go dtí na Blascaodaí. ‘An tÁrthach Maol’ a thugadh muintir na háite seo uirthi, toisc í bheith gan seol gan stiúir. D’éirigh lena criú an mhíntír a bhaint amach, agus d’fhág an t-árthach ag imeacht le sruth ó thuaidh.

Bhí sí tugtha fé ndeara ag muintir Dhún Chaoin fén dtráth seo, agus b’eo le dhá bhád saighne ina diaidh. Chuadar ar a bord, ag féachaint an raibh aon ní le dealramh le tabhairt aisti inti, ach níorbh fhada go raibh bád ó pharóiste an Fheirtéaraigh tagtha suas leo. Bhí fear is fiche dulta amach i mBád na nGort nDubh, cé gur ochtar criú a bhíodh sna báid saighne de ghnáth, agus chuireadar an ruaig ar mhuintir Dhún Chaoin aisti.

Ba ansan a thosnaigh an tubaist. Chuaigh cuid de mhuintir na nGort nDubh ar bord an árthaigh, agus d’fhan cuid acu sa bhád, á ainliú ina haice. Ach, agus iad ag caitheamh earraí ón árthach go dtí’n bád, tharla rud éigin agus shuncáil an bád, agus chuaigh na fearaibh san uisce. Cuireadh i leith mhuintir Dhún Chaoin ina dhiaidh sin nár dheineadar faic chun muintir na nGort nDubh a shábháil, ach deireadh muintir Dhún Chaoin nach rabhadar in ann, toisc an fharraige bheith rócháite. Bheadh sé seo ina chnámh spairne idir an dá pharóiste ar feadh i bhfad.

Bhí an méid sin báite, ach bhí daoine fós ar bord an árthaigh. Ghlasaigh an aimsir, bhog an Brilliant ó thuaidh, gan aon tslí acusan a bhí ar a bord chun í a stiúradh, agus deineadh cipíní di lastuaidh ó Cheann Sibéal.

Ní bhfuaireadh oiread agus corp amháin den bhfear is fiche riamh.

Namhadas idir Paróistí…Cuntas as bailiúchán na scol faoin tragóid, atá ar fáil ar Dúchas.ie

Bhí sé ráite go raibh an tubaist seo tuartha ag bean ar an mBaile Uachtarach Thoir, nó ag Ultach mná a ghabh an treo. Bhí sé ráite chomh maith, gur mallacht a leag sagart ar chuid díobh siúd a bádh, toisc babhta bruíne a dheineadar i séipéal na Carraige, ba chúis leis an mbá. Iarracht a bhí anso, is dócha, ar mhíniú éigin a fháil ar uafás an lae.

Bhí fonn díoltais ar mhuintir na ndaoine a bhí báite, agus ní thógfá san orthu. Tosnaíodar ag tabhairt fogha fé Dhún Chaoin. Bhídís ag dul siar istoíche, ag loiteadh agus ag ionradh, ag dó agus ag crústáil. Bhíodh muintir Dhún Chaoin ag teitheadh lena n-anamacha rompu, nó gur deineadh síocháin idir an dá pharóiste trí chleamhnas, trí chúirt agus trí bhagairt chogaidh. Ní raibh muintir pharóiste an Fheirtéaraigh ag dul thar teorann siar istoíche, ach d’fhan an drochsprid idir an dá pharóiste ar feadh na nglúinte.

Ar na saolta seo, níl aon rian den nimh ná den ndrochsprid idir pharóistí seo Dhún Chaoin agus an Fheirtéaraigh, buíochas le Dia, agus is beag duine anso a chuala trácht fiú ar Bhád na nGort nDubh, ná ar an Árthach Maol. Níl iontu inniu ach dhá phobal beag tuaithe, ag iarraidh éirí tríd agus ag iarraidh maireachtaint ar an imeall, ach is fiú eachtra mhillteach an lae a thabhairt chun cuimhne.

– Sa chlár speisialta Bád na nGort nDubh  a chraolfar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, inniu, Dé Céadaoin, an 31 Eanáir ar a 12.10.pm, inseofar scéal na tragóide agus an t-achrann a lean é.  Cloisfear míreanna ó chartlann Raidió na Gaeltachta, agus ó fhoinsí eile, chomh maith le taighde úrnua  

Fág freagra ar 'Cothrom an lae seo 200 bliain bádh 21 duine ó Chorca Dhuibhne. Inseofar an scéal inniu ar RnaG…'

  • Sean

    Dis lest a Dhaithi!
    Sean O Ciobhain.

  • Fhéach anois

    Ard-chlár