Cóta ‘maith’ geimhridh uait? Seo ocht rogha…

Tá ár gcomhfhreagraí an-tógtha leis an rogha de chótaí geimhridh atá sna siopaí faoi láthair

Cóta ‘maith’ geimhridh uait? Seo ocht rogha…

Tugaim faoi deara go bhfuil na cótaí geimhridh sna siopaí cheana féin agus seo an t-am le dul ag siopadóireacht leis an rogha is fearr a fháil. Is deacair an cóta traidisiúnta olla a shárú ach tá cótaí dúbailte deasa, cinn ‘ró-mhór’ agus meascán breá dathanna ar tairiscint faoi láthair.

Is breá liom féin cótaí geimhridh atá mór agus fada, ní hamháin de bharr an teas breá atá iontu ach go gclúdóidh siad gach rud eile a bheadh á chaitheamh ag duine.

Má dhéantar rogha chiallmhar ba cheart go bhfaigheadh duine cúpla bliain maith as cóta geimhridh.

Seo rogha de na hocht gcinn is fearr liom féin atá ar an margadh faoi láthair:

 

Cóta dúbailte ar dhath uaine ó Marks & Spencer ar €165

Measaim féin go mbíonn ardchaighdeán i gcónaí sna cótaí ag M&S agus más cóta ‘maith’ atá uait mholfainn an siopa sin ar an bpointe. Cóta dlúthluiteach néata é an ceann seo agus uaine dhorcha a dhath.

 

Cóta olla ar dhath béas ó H&M ar €119

Tá gearradh agus stíl fhearúil ar an gceann seo ón lipéid Conscious ag H&M. D’fhéadfadh an dath seo a bheith beagán deacair le coinneáil glan ach fós féin tá sé an-deas. Bheadh an ceann seo go hálainn le feisteas simplí dubh faoi.

 

Cóta olla ó COS ar €225

Leagan comhaimseartha den chóta traidisiúnta olla atá sa gceann seo le muineál cearnógach. Is breá liom an cúl atá air agus é beagán ‘aisteach’.

 

Cóta sa stíl ‘rómhór’ ó Zara ar €129

Mheall an cóta bánghorm seo de léim mé nuair a shiúil mé isteach i Zara. Tá an dath bánghorm féin neamhghnách go maith do Zara mar is iondúil gur cótaí ar dhath gorm dorcha a bhíonn acu sin. Tá fabraic álainn sa gceann seo, cóta a mhairfidh ar feadh roinnt blianta.

 

Cóta dúghorm le beilt ó & Other Stories ar €199

An muineál gan chába is mó a thaitin liom ar an gcóta fíordheas seo. Cabhraíonn an bheilt le cruth deas a chur air freisin. Cóta ar ardchaighdeán é seo.

 

Cóta dúbailte ar dhath dubh ó River Island ar €113

Roghnaíonn go leor daoine cótaí simplí dubha don gheimhreadh. Ní ghabhfá mícheart leis an gceann álainn seo ó River Island, ceann eile a mhairfeadh ar feadh na mblianta fada. Má tá an dath dubh róchoitianta duit, tá an dearadh seo ar fáil i ndathanna crón agus béas chomh maith.

 

Cóta bándearg ó Forever New ag ASOS ar €152.08

Tá an fhabraic agus an patrún cnámh scadáin fíordheas ar an gcóta bándearg seo. Is cinnte go bhfágann na muinchillí bolgacha gur cóta geimhridh ‘difriúil’ an ceann seo.

 

 

Cóta ar a dtugtar ‘Fretty” ó Max Mara ag Brown Thomas ar €2,150

Ag magadh atá mé leis an rogha seo ach dá mbeadh saibhreas gan teorainn agam seo cinnte an ceann a phiocfainn féin. Tá an dearadh, an dath agus an fhabraic thar cionn ach, faraor, is scéal eile é an praghas. Gheofá gach cóta de na seacht rogha eile ar an bpraghas sin agus bheadh €1,000 fágtha agat.

 

Fág freagra ar 'Cóta ‘maith’ geimhridh uait? Seo ocht rogha…'