Cosc ar dhaoine os cionn 70, vótaí seachtracha agus moltaí eile faoi roghnú Bhord Údarás na Gaeltachta

Bhí timpeall 90% de na haighneachtaí i bpróiseas comhairliúcháin phoiblí ar son toghcháin nó meascán toghcháin agus ceapacháin do Bhord Údarás na Gaeltachta

Cosc ar dhaoine os cionn 70, vótaí seachtracha agus moltaí eile faoi roghnú Bhord Údarás na Gaeltachta

Gan aon duine atá os cionn 70 bliain d’aois a bheith ar an mBord agus córas vótaí ‘seachtracha’ a thabhairt isteach i gcuid den Ghaeltacht – sin péire de na moltaí atá i measc 21 aighneacht a chuir an pobal isteach faoin gcaoi a dtoghfaí nó roghnófaí Bord Údarás na Gaeltachta amach anseo.

Pé ar bith deis atá ann go nglacfar le moladh Dhonncha Uí Éallaithe faoin vótáil sheachtrach, is ar éigean go nglacfar leis an tuairim a bhí ag Uinseann Mac Thomáis gurbh fhearr go mbeadh comhaltaí Bhord Údarás na Gaeltachta idir 18-70 bliain d’aois.

Ach bíodh sin mar atá, is fiú go mór aird a thabhairt ar na haighneachtaí seo ón bpobal, idir choistí, chomharchumainn agus daoine aonair, a chuir de dhua orthu féin a bheith páirteach sa gComhairliúchán Poiblí a reáchtáladh san earrach seo caite.

Cuireadh ar bun an Comhairliúchán seo de bharr moladh sa gClár Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcaoi a dtoghfaí, nó a gceapfaí, an Bord.

Ceithre seachtainí a tugadh don phobal agus cuireadh 21 sraith moltaí isteach, agus péire nach raibh bailí.

As Gaeltacht na Gaillimhe ba mhó a tháinig moltaí – 14 uilig.  Tháinig péire as Gaeltacht na Mí; ceann as Ciarraí; ceann as Dún na nGall agus péire taobh amuigh den Ghaeltacht.  Níor tháinig moltaí ar bith as Gaeltachtaí Chorcaí ná Phort Láirge.

Bhí timpeall 90% de na haighneachtaí ar son toghcháin nó meascán toghcháin agus ceapacháin.   Ach bhí moltaí ann freisin gur cheart go dtoghfaí an Bord uilig i measc mhuintir na Gaeltachta agus bhí Éanna Ó Cróinín as Gaeltacht na Mí ar dhuine a chuir an tuairim sin chun cinn.  Ach mura mbeadh roinnt cothromaíochta idir fir agus mná de bharr an toghcháin cá bhfágfadh sé sin Bord an Údaráis?  Mhol Ó Cróinín go spreagadh eagraíochtaí áitiúla díospóireachtaí le súil agus go mbeadh níos mó ban bainteach le cúrsaí poiblí agus pobail.    Bheifí ag súil, a deir sé, go spreagfadh an díospóireacht sin tuilleadh ban le seasamh i dtoghchán an Údaráis.

Bhí Majella Ní Ghallchobhair as Maigh Eo ar an intinn freisin gur dheacair cothromaíocht idir fir agus mná a chur i bhfeidhm i dtoghchán daonlathach.

Bhí duine nár thug a ainm/hainm as Gaeltacht na Gaillimhe den bharúil nach féidir córas a thugann 40% de na suíocháin do mhná – nó d’fhir – ar Bhord an Údaráis a chur i bhfeidhm i dtoghchán.  Cuireann sé/sí an méid seo a leanas leis an tuairim sin:  “Ní fheileann próiseas toghchánaíochta mná le scileanna; feileann sé fir le ceangail pholaitíochta.”

Ina chuid moltaí féin, dúirt Feargal Mac Amhlaoibh as Gaeltacht Chiarraí gur cheart go mbeadh 14 ar an mbord, deichniúr tofa go daonlathach agus ceathrar ainmnithe ag Aire na Gaeltachta.  Bíodh na daoine is fearr ann “tofa nó ceaptha”, a deir Feargal.  Chur sé béim freisin ar chóras a thabharfadh deis do choistí, comharchumainn agus eagrais Ghaeltachta eile daoine a ainmniú le dul san iomaíocht sa toghchán.

Thug Donncha Ó hÉallaithe, an gníomhaí teanga agus pobail as Cois Fharraige aghaidh ar chuid de na ceisteanna is conspóidí a bhaineann le toghcháin an Údaráis.  Creideann sé gur cheart go gcoinneofaí polaitíocht páirtí amach as cúrsaí toghcháin d’Údarás na Gaeltachta.  Daoine a bheadh curtha ar aghaidh de bharr ainmniúcháin ó choistí agus ó ghrúpaí is eagraíochtaí éagsúla pobail (bheadh clárú agus aitheantas inghlactha ag na coistí/grúpaí seo) agus sin é an branda a bheadh orthu sa toghchánaíocht.  Ní bheadh cead ag baill ar Bhord an Údaráis a bheith ar Chomhairlí Contae, sa Seanad ná sa Dáil le linn dóibh a bheith ina mbaill de Bhord an Údaráis.

Ansin tá an cheist ann faoi cheantair atá gann ar an nGaeilge ach atá istigh sa nGaeltacht oifigiúil; sampla maith de sin iad na ceantair Ghaeltachta – ar nós Tír Oileáin agus Cnoc na Cathrach – i gcathair na Gaillimhe.  Creideann Donncha Ó hÉallaithe nár cheart go  mbeadh deis vótála i dtoghchán d’Údarás na Gaeltachta (má thugtar na toghcháin ar ais) ag daoine sna ceantair sin i gcathair na Gaillimhe.  Ach tá moladh san aighneacht a chuir sé isteach a d’fhágfadh go dtabharfaí vóta do dhuine sna ceantair chéanna sin dá mba as Gaeltacht Chonamara é/í.   Chaithfeadh na daoine seo clárú roimh ré.   Caithfear a chur sa gcomhaireamh anseo nach raibh ach líon teoranta focal ceadaithe do dhaoine ina gcuid aighneachtaí.  Níor thug sin deis dóibh le tuilleadh feola a chur ar a gcuid moltaí, i gcásanna áirithe.

Ba mhór an t-athrú é go dtabharfaí vótáil ‘sheachtrach’ isteach i dtoghchán Údarás na Gaeltachta ach chonaic muid na mílte de mhuintir na Brasaíle atá lonnaithe in Éirinn ag vótáil anseo i dtoghchán Uachtaránachta a dtíre féin le gairid.

Ach chuile sheans go mbeadh ceisteanna dlí agus achtanna Oireachtais le cíoradh agus le soiléiriú sula bhféadfaí a dhul i dtreo vótáil sheachtrach do mhuintir na Gaeltachta.

Ar ndóigh, tá ceist eile atá le réiteach sula dtabharfaí aghaidh ar vótáil sheachtrach ná vótáil ar bith eile – sin an mbeidh toghcháin ann d’Údarás na Gaeltachta aríst agus sin ceist atá le réiteach fós lá níos faide anonn.  Ach, má táthar le haird a thabhairt ar na haighneachtaí a bhaineann leis an gComhairliúchán Poiblí seo, is mian le go leor de phobal na Gaeltachta go mbeadh deis acu féin vóta a chur sa mbosca ballóide.

—————————————————————

Cúig ghrúpa a rinne aighneacht: Cumann Forbartha Chois Fharraige, Comharchumann Forbartha Árann, Conradh na Gaeilge, Comharchumann Dhúiche Sheoigheach agus Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Naonúr astu féin a chuir ainm le haighneacht: Feargal Mac Amhlaoibh, Máirín Ní Choisdealbha Seoige, Ciarán Ó Cofaigh, Éanna Ó Cróinín, Donncha Ó hÉallaithe, Uinseann Mac Thomáis, Katie McGreal, Majella Uí Ghallchobhair agus Siobhán Seoighe.

Ní raibh seachtar acu siúd a chuir aighneachtaí isteach sásta go bpoibleofaí a gcuid ainmneacha.

Fág freagra ar 'Cosc ar dhaoine os cionn 70, vótaí seachtracha agus moltaí eile faoi roghnú Bhord Údarás na Gaeltachta'

  • Nuala Holloway

    Is ‘Aoiseachas’ é seo. Sa saol nua – aimseartha seo níl sé ceart go mbeadh ‘aois’ mar cheist. Tá gach duine I dteideal dtuairimí a nochtadh, olc nó maith.
    Tá géarghá le meas a thabhairt do gach duine is cuma cén aois atá acu. Iarraim ar chainteoirí Gaeilge’ níos mó ‘Intelligence’ a thaispeáint ar an ábhar seo.

  • Bean Gaeltachta

    Níl sé ceart go mbeadh fir aosta, 60 bliain + d’aois agus tionchar acu ar thodhchaí daoine óga sa nGaeltacht. Tá a fhios ag gach duine cé mhéid duine ar bhord an Údarás faoi láthair a bhfuil deacrachtaí acu fiú rphoist a láimhseáil – ach tá siad ag deanamh cinntí a bhaineann le todhchaí dhigiteach na Gaeltachta agus tograí nuálacha?
    Agus ní bhaineann ‘tuilleadh plé agus diospóireacht’ leis an chúis nach bhfeileannn toghcháin do mhná agus léiríonn ráiteas mar sin an meon sean fhaisenta atá ag fir níos sine sa nGaeltacht agus sa tír go ginearalta. Ní easpa spéise atá ar mhná ach easpa ama agus tacaíocht nuair atá dualgaisí clainne orthu.