Cosaint déanta ar chaighdeán oibre na Rannóige Aistriúcháin ag Príomh-Aistritheoir

Deir Vivian Uíbh Eachach gur 40,000 focal a bhí i ndoiciméad a maítear go ndearnadh 100 botún ann

Cosaint déanta ar chaighdeán oibre na Rannóige Aistriúcháin ag Príomh-Aistritheoir

Vivian Uíbh Eachach. PICTIÚR: Portráidí.ie

Tá aghaidh tugtha ag Príomh-Aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais ar líomhaintí maidir le botúin a bheith á ndéanamh in obair aistriúcháin na Rannóige.

Líomhnaíodh i dtuairisc a foilsíodh ar an Irish Times go mbíonn botúin i gcuid den reachtaíocht a bhíonn á haistriú ó Bhéarla go Gaeilge sa Rannóg agus go raibh tuairim is 100 botún sa leagan Gaeilge de phíosa reachtaíochta amháin.

Pléann Príomh-Aistritheoir na Rannóige, Vivian Uíbh Eachach, leis na líomhaintí sin i dteachtaireacht a scaip sé an tseachtain sé ar fhoireann na Rannóige.

Deir Uíbh Eachach, sa chomhfhreagras sin atá feicthe ag Tuairisc.ie, gur 40,000 focal a bhí sa doiciméad a maítear go ndearnadh 100 botún ann.

“Bhí na caighdeáin ab airde riamh ag Rannóg an Aistriúcháin maidir le cáilíocht ár gcuid oibre agus tá an tSeirbhís tar éis gníomhú chun tacú linn i ndáil leis sin trí thriúr eagarthóirí nua a cheapadh agus trí dhul chun an mhargaidh chun bogearraí aistriúcháin úrscothacha a fháil (faoi lán seoil faoi láthair).

“Cabhróidh sé sin linn mion-earráidí den saghas dá dtagraítear san alt nuachtáin úd a sheachaint. Ina theannta sin, is ceart a nótáil, sa chomhthéacs sin, go ndealródh sé, maidir leis an tiontú oifigiúil a maítear go bhfuil 100 earráid ann, gur doiciméad é sin ina bhfuil os cionn 40,000 focal.”

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ar chaighdeán oibre na Rannóige Aistriúcháin ag Príomh-Aistritheoir'

  • Harriet P.

    Spéisiúil go leor nach ndúirt sé tada faoina líomhaintí eile, .i. gur thug an Rannóg neamhaird ar shaineolas nuair a bhí an Caighdeán is déanaí á fhorbairt acu agus nár tugadh deis do dhaoine áirithe atá ag obair sa rannóg páirt a ghlacadh i bhforbairt na Treorach Stíle.

  • Ian Ó Caoimh

    Ardfhear, a Harriet! Conas tá David Webb na laethanta seo? Or should I say na laethanntaibh so?

  • Harriet P.

    ‘Ardbhean’, a Ian, mura mhiste leat.

    Níl barúil na ngrást agamsa cé hé ‘David Webb’ – ná tusa ach oiread, le bheith ionraic – ach go gcuire Dia bláth ar an mbeirt(ibh) agaibh!

  • Ian Ó Caoimh

    Próifíl bhréige ab ea ‘David Webb’ a chruthaigh cladhaire éigin chun bréaga a scaipeadh go hanaithnid. Próifíl bhréige is ea ‘Harriet P.’ An comhtharlú é sin dar leatsa, a dhuine? ‘Just asking questions’ mar adúirt an té a dúirt.

  • Harriet P.

    Fear a bhí ionam ar dtús agus ‘próifíl bhréige’ atá ag iarraidh ‘bréaga’ á ‘scaipeadh’ atá ionam anois, an ea? Ceart go leor, a Ian. Níl mé ag iarraidh a bheith cantalach leat ach, chun bheith soiléir, ní uaimse a tháinig na líomhaintí a luaigh mé. Léigh mé fúthu in alt eile a foilsíodh ar an suíomh seo. Bíonn ailt de chuid Thuairisc.ie á léamh agam go rialta le tamall anuas, an bhfuil a fhios agat, agus bím ag scríobh tráchtanna ó am go ham. Léitheoir a scríobhann tráchtanna… An comhtharlú é sin dar leatsa, a dhuine? ‘Just asking questions’ mar adúirt an té a dúirt.