Corp fir faighte ag na Gardaí mar chuid d’fhiosrúchán faoi ionsaí ag Sliabh Liag

Tuairiscítear gur thóg na Gardaí, le cabhair an Gharda Cósta, an corp as an bhfarraige ag Sliabh Liag go moch ar maidin

Corp fir faighte ag na Gardaí mar chuid d’fhiosrúchán faoi ionsaí ag Sliabh Liag

Tá corp fir faighte ag na Gardaí mar chuid d’fhiosrúchán faoin ionsaí tromchúiseach a deirtear a tharla i gceantar Shliabh Liag i nGaeltacht Dhún na nGall.

Tuairiscítear gur thóg na Gardaí, le cabhair an Gharda Cósta, an corp as an bhfarraige ag Sliabh Liag go moch ar maidin. Tá scrúdú iarbháis anois le déanamh ar an gcorp ag Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn.

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí sa cheantar i ndeisceart Dhún na nGall le seachtain ó chuaigh an fear ar iarraidh. Meastar go ndearnadh ionsaí ar an bhfear am éigin idir Dé Sathairn an 24 Meitheamh agus Dé Domhnaigh an 25 Meitheamh.

Gabhadh beirt, fear agus bean, Dé Luain seo caite mar chuid den fhiosrúchán agus scaoileadh saor iad oíche Dé Máirt.

Rinneadh cuardach ar theach sna Cealla Beaga freisin agus glacadh samplaí fóiréinseacha ó charr a fuarthas a bhí smeartha le fuil.

Bhí an bealach go dtí na haillte dúnta ar feadh cuid mhaith den tseachtain seo caite ach dheimhnigh na Gardaí inné go bhfuil na haillte oscailte arís don phobal.

Fág freagra ar 'Corp fir faighte ag na Gardaí mar chuid d’fhiosrúchán faoi ionsaí ag Sliabh Liag'