Corp an fhir a bhí ar iarraidh i nGaeltacht Chonamara faighte

Tháinig foireann cuardaigh na nGardaí ar chorp Hayden Jones, a bhí 49 bliain d’aois, ar thalamh coille cóngarach don Spidéal go gairid tar éis a 7am maidin inniu

Corp an fhir a bhí ar iarraidh i nGaeltacht Chonamara faighte

Thángthas go moch ar maidin i gceantar an Spidéil i gConamara ar chorp an fhir Hayden Jones, an fear as an Nua-Shéalainn a chuaigh ar iarraidh sa cheantar sin ag an deireadh seachtaine.

Measann na Gardaí nach raibh feillbheart i gceist lena bhás.

Tháinig foireann cuardaigh na nGardaí ar chorp Jones, a bhí 49 bliain d’aois, ar thalamh coille cóngarach don Spidéal go gairid tar éis a 7am maidin inniu.

Tugadh a chorp go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, le haghaidh scrúdú iarbháis.

Dé Sathairn a tuairiscíodh go raibh Jones ar iarraidh.

Bhí sé ar cuairt ar chairde leis ar an Spidéal sula ndeachaigh sé ar iarraidh.

Bhí cónaí ar Jones san Eilvéis le scór bliain anuas.

Fág freagra ar 'Corp an fhir a bhí ar iarraidh i nGaeltacht Chonamara faighte'

  • Pól Ó Braoin

    Go ndéana Dia trócaire ar an bhfear bocht agus go dtuga Sé faoiseamh dá mhuintir.