Corp an chadhcóra a chuaigh ar iarraidh ar chósta Ghaeltacht na nDéise faighte

Maidin inné a d'fhág an fear Ceann Heilbhic i nGaeltacht na Rinne ina chadhc

Corp an chadhcóra a chuaigh ar iarraidh ar chósta Ghaeltacht na nDéise faighte

Thángthas ar chorp sa bhfarraige ar maidin inniu ar chósta Phort Láirge agus cuardach mór ar siúl ansin ó tháinig an scéala tráthnóna aréir nár fhill cadhcóir abhaile.

Tamaillín tar éis 11.30am inné a d’fhág an fear Ceann Heilbhic i nGaeltacht na Rinne i gcadhc.

Ag tarraingt ar 5.30pm tráthnóna aréir a cuireadh fios ar an nGarda Cósta agus tugadh faoin gcuardach.

Le maidneachan inniu tosaíodh ar an gcuardach arís agus thart ar 8.30am tháinig Garda Cósta Bhun Machan sna Déise ar chorp amach ó Cheann Bhaile Uí Bhaoill.

Fear sna seascaidí a raibh taithí mhór aige ar spóirt uisce é an cadhcóir.

Tugadh corp an fhir a fuarthas sa bhfarraige go dtí stáisiún an Bháid Tarrthála ag Ceann Heilbhic ar bád righin inséidte [RIB] de chuid na seirbhíse cabhlaigh.

An tIonad Comhordaithe Tarrthála ar Muir a rinne comhordú ar an gcuardach ar fad i gcomhar leis an LÉ Aoibhinn, bád patróil le cósta an chabhlaigh.

Bhí aonaid agus foirne an Gharda Cósta as Heilbhic, Bun Machan, Dún Mór Thoir, Trá Mhór, Aird Mhór agus Eochaill páirteach sa gcuardach, chomh maith leis an héileacaptar tarrthála an Rescue 117.

Bád tarrthála an RNLI agus an Garda Cósta a thug an corp as an uisce ach níl sé aitheanta go hoifigiúil go fóill.

Tá Oifig an Phaiteolaí Stáit curtha ar an eolas faoin scéal agus beidh scrúdú iarbháis iomlán le déanamh ar an gcorp níos déanaí inniu nó amárach in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge.

 

Fág freagra ar 'Corp an chadhcóra a chuaigh ar iarraidh ar chósta Ghaeltacht na nDéise faighte'