Corn Tailteann tagtha go dtí Páirc an Chrócaigh do na babhtaí leathcheannais

Imreoidh An Cabhán in aghaidh Shligigh agus tabharfaidh Uíbh Fhailí aghaidh ar An Iarmhí I mbabhtaí leathcheannais Chorn Tailteann atá le craoladh beo ar RTÉ

Corn Tailteann tagtha go dtí Páirc an Chrócaigh do na babhtaí leathcheannais

Sligeach v An Cabhán – Páirc an Chrócaigh, 1.45pm (Beo ar RTÉ)

Bainfidh Corn Tailteann Páirc an Chrócaigh amach tráthnóna agus na babhtaí leathcheannais sa chomórtas peile le himirt ar Bhóthar Mhic Sheoin.

Ní raibh aon duine róchinnte cén chaoi go n-éireodh leis an gcomórtas nua i mbliana ach, cé nach bhfuil sé gan locht, chaithfeá rá gur raibh rath air go dtí seo i mbliana. Thug na foirne faoi go díograiseach agus b’in an rud ba thábhachtaí.

Ba iad peileadóirí an Chabháin rogha na coitiantachta chun an comórtas a thabhairt leo ón tús agus tá a gcumas léirithe acu le roinnt seachtainí anuas. Thug foireann Mickey Graham taispeántas maith uathu in aghaidh Dhún na nGall i gCraobh Uladh an mhí seo caite agus cé raibh díomá orthu go raibh orthu aghaidh a thabhairt ar Chorn Tailteann seachas fanacht i gCraobh Uladh, rachaidh feachtas na bliana seo chun tairbhe dóibh.

Farasbarr naoi bpointe a bhí ag an gCabhán sa dá chluiche a bhí acu sa chomórtas go dtí seo, in aghaidh an Dúin agus i gcoinne Fhear Manach, agus cuma na maitheasa ar leithéidí Gearóid McKiernan, Paddy Lynch agus ar an mbeirt Galligan, Thomas agus Raymond sa chúl.

Beidh siad ag súil leis an gceann is fearr a fháil ar Shligeach inniu ach tá a mianach léirithe ag foireann Andy McEntee ina gcuid taispeántas go dtí seo freisin. Bhí am breise ag teastáil sa dá chluiche a bhí ag Sligeach go dtí seo sa chomórtas ach tháinig siad slán in aghaidh Londan agus in aghaidh Liatroma – bhí ciceanna éirice ag teastáil chun na foirne a scaradh sa dara cheann de na cluichí sin.

Thabharfadh sé an-spreagadh do Shligeach dá mbeadh an tosach Niall Murphy, a bhí gortaithe le tamall anuas, ar fáil don chluiche ach tá déanta go maith ag Paddy O’Connor agus Alan Reilly agus é imithe.

Bhuaigh an Cabhán ar Shligeach i Roinn 4 na sraithe níos luaithe i mbliana ach cluiche crua a bhí ann agus bhí an cárta dearg a taispeánadh de dhuine d’imreoirí Shligigh luath sa dara leath cinniúnach. Ba cheart go mbeadh an bua ag na hUltaigh arís tráthnóna agus ní gheobhaidh siad tada éasca.

An Iarmhí v Uíbh Fhailí – Páirc an Chrócaigh, 4pm (Beo ar RTÉ)

Dhá fhoireann as Cúige Laighean atá sa chluiche leathcheannais eile agus An Iarmhí agus Uíbh Fhailí ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Ach oiread leis an gCabhán, measadh go mbeadh an-seans ag an Iarmhí an comórtas seo a thabhairt leo agus tá ag éirí go maith leo go dtí seo.

Uíbh Fhailí an tríú foireann as a gcúige féin a thabharfaidh an Iarmhí aghaidh orthu i gCorn Tailteann 2022 agus Laois agus Ceatharlach sáraithe acu roimhe seo. Ní raibh ach cúl idir iad agus Laois sa chéad bhabhta agus cé go raibh cúig phointe idir an Iarmhí agus Ceatharlach sa chluiche ceathrú ceannais, bhí an Iarmhí cuid mhaith níos fearr ná a gcéilí comhairc.

Scóráil John Heslin 1-9 sa chluiche sin agus tá sé féin agus Luke Loughlin ag imirt ar fheabhas i measc na dtosaithe. Bhí an t-imreoir lár páirce Sam McCartan tharr barr sa chomórtas go dtí seo freisin agus  trí phointe scóráilte aige in aghaidh Cheatharlach chomh maith le 1-1 in aghaidh Laoise.

Bualadh buille trom ar Uíbh Fhailí i rith na seachtaine agus drochghortú glúine bainte de Niall Darby, duine de seanfhondúirí na foirne, ag seisiún traenála. D’admhaigh an bainisteoir John Maughan gur bhain an eachtra croitheadh as gach duine agus níor chabhraigh sé go raibh tinneas boilg ag cur as don champa an tseachtain seo freisin.

Bhí Uíbh Fhailí ag dul go maith roimhe sin. Is mór an t-ugach a bhí sa bhua aon phointe amháin a bhí acu in aghaidh Loch Garman sna réamhbhabhtaí agus bhíodar rómhaith do Chill Mhantáin agus Nua-Eabhrac sa dá chluiche eile.

Tá tosaithe cumasacha acu agus roinnt imreoirí ón bhfoireann bhuacach faoi-21 freisin, ach beidh le feiceáil cén tionchar a bheidh ag an droch-ullmhúcháin ar chluiche an lae inniu.

Fág freagra ar 'Corn Tailteann tagtha go dtí Páirc an Chrócaigh do na babhtaí leathcheannais'