Corn Mhic Con Charraige buaite ag Yolanta Kruk ag Oireachtas Gaeilge Cheanada

Tá an fhéile 'Ghaeltachta' á reáchtáil le sé bliana anuas agus ‘fás ag teacht uirthi bliain i ndiaidh bliana’

IMG_1493

Ba í Yolanta Kruk as Montreal, a thug léi Corn Mhic Con Charraige ag Oireachtas Gaeilge Cheanada 2016 an deireadh seachtaine seo caite. Is bean de bhunadh na Polainne í Kruk a d’fhoghlaim a cuid Gaeilge i ndiaidh di teacht ar cuairt go hÉirinn.

D’fhreastail os cionn 200 duine, idir chainteoirí agus fhoghlaimeoirí Gaeilge, ar an bhféile, atá á reáchtáil le sé bliana anuas i ‘nGaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir’ in Erinsville, Ontario. I láthair ag an ócáid freisin, bhí toscaireacht ó Oireachtas na Gaeilge in Éirinn – Máirín Nic Dhonnchadha, Louise Ní Dhaibhéid agus Uachtarán an Oireachtais Ray Mac Mánais.

Bhronn Mac Mánais slabhra an Uachtaráin ar Uachtarán Oireachtas Gaeilge Cheanada, Bríd Ní Ghriallais-Guglich, le haghaidh an deireadh seachtaine. Is as an mBaile Chruaich i gContae Mhaigh Eo í Ghriallais-Guglich, áit ar tógadh ina cainteoir dúchais Gaeilge í.

I measc na moltóirí a bhí ag na comórtais damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós bhí Máirín Uí Chéide agus Mícheál Newell a tháinig aneas ó Boston agus triúr atá i gCeanada mar chuid de chláracha Fhondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada, Cáit Ní Shiúrtáin (Ollscoil Ottawa), Siobhán Ní Mhaolagáin (Concordia University) agus Sinéad Ní Mheallaigh (Ollscoil Memorial).

Bhronn Máirín de Brún corn speisialta ar Oireachtas na Gaeilge d’amhránaíocht ar an sean-nós sa chatagóir oscailte. Buanchorn de Brún a thugtar ar an gcorn sin agus é ainmnithe i ndiaidh thuismitheoirí Mháirín a “bhí ina gcrann taca ag Oireachtas na Gaeilge agus ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann”.

Thug Mícheál Newell aoichaint uaidh ag “féasta” an Oireachtais oíche Dé Sathairn dar teideal “Teacht an Phiarsaigh go Meiriceá” inar pléadh an chuairt a thug Pádraig Mac Piarais ar Mheiriceá roimh Éirí Amach na Cásca.

Ba é téama Oireachtas Cheanada na bliana seo comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca agus tugadh “tús áite” don téama sin ó thús deireadh na féile, dar le hAralt Mac Giolla Chainnigh, duine d’eagraithe an Oireachtais.

“Tá an tOireachtas ag fás bliain i ndiaidh bliana, agus níl sé as an áireamh go dtiocfadh daoine ó Éirinn díreach chun freastal air.  I mbliana, bhí Paddy Mhéime Ó Súilleabháin, as Carna, i láthair chun a dhuais don Chnuasach Filíochta i gComórtas Liteartha Oireachtas Gaeilge Cheanada a ghlacadh.

“Roimh Shearmanas Bhronnadh na nDuaiseanna, cuireadh crann darach mar siombail den chairdeas agus an comhoibriú idir Gaeilgeoirí na hÉireann agus Gaeilgeoirí Cheanada.  Is nós atá ann ó bunaíodh an fhéile go gcuirtear crann achan bliain,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Corn Mhic Con Charraige buaite ag Yolanta Kruk ag Oireachtas Gaeilge Cheanada'