Conradh d’aersheirbhís Árann ‘i sáinn’ agus easaontas idir Aer Arann Islands agus Roinn na Gaeltachta

Níl Aer Arann Islands sásta le gnéithe den chonradh a bronnadh orthu, ach deir Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne tráthnóna go bhfuil deireadh leis an idirbheartaíocht

Conradh d’aersheirbhís Árann ‘i sáinn’ agus easaontas idir Aer Arann Islands agus Roinn na Gaeltachta

Tá sé tugtha le fios ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne tráthnóna go bhfuil cosc ar a Roinn dul i mbun idirbheartaíochta faoin gconradh don tseirbhís aeir d’oileáin Árann, conradh nach bhfuil sínithe fós ag Aer Arann Islands, an comhlacht ar éirigh leo sa chomórtas tairisceana.

Níos túisce inniu, dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, go bhféadfaí “dochar mór fadtéarmach” a dhéanamh d’inmharthanacht na haersheirbhíse go hÁrainn mura socróidh an tAire Kyne na fadhbanna atá tagtha chun cinn maidir leis an tseirbhís sin.

Mhaígh an Seanadóir as an gCeathrú Rua go raibh na comhráite atá ar bun maidir leis an gconradh don tseirbhís aeir “i sáinn” faoi láthair. Bronnadh an conradh PSO chun seirbhís aeir a chur ar fáil idir Aerfort na Mine agus na hoileáin ar Aer Árainn.

“Tuigtear dom go leagann an conradh atá tairgthe ag Roinn na Gaeltachta síos don chomhlacht go mbainfí táillí breise amach ar gach eitilt leis an gcomhlacht go hÁrainn lasmuigh den PSO agus nach bhfuil an comhlacht sásta leis seo.

“Go praiticiúil, deirtear liom go gciallóidh sé seo go mbeadh táillí níos airde le baint de phaisinéirí ar aon eitilt bhreise agus nach mbeadh glacadh ar bith leis seo. Meastar go staonfaidh daoine d’úsáid na seirbhíse aeir, rud a chuirfeadh inmharthanacht na seirbhíse ar fad i mbaol,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Thug an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne le fios tráthnóna, áfach, nach mbeadh a thuilleadh idirbheartaíochta á dhéanamh ag a Roinn faoi théarmaí an chonartha a bronnadh ar chomhlacht an tSeanadóra Pádraig Ó Céidigh, Galway Aviation Services Limited (ag trádáil mar Aer Árann).

Dúirt an tAire go raibh an conradh don tréimhse 1 Eanáir 2017 go dtí 31 Nollaig 2020 bronnta ar an gcomhlacht “d’fhorghníomhú agus le síniú”. 

“Tar éis próiseas fada agus an-chuid comhfhreagrais idir na páirtithe éagsúla, tá cosc ar an Roinn anois tabhairt faoi phróiseas idirbheartaíochta eile faoina bhfuil sa chonradh sin,” adúirt Kyne.

Dúirt sé go raibh sé “an-sásta” go raibh ar chumas a Roinne “teacht chuig pointe go bhfuil conradh curtha ar fáil” a chinnteodh “seirbhís aeir rialta d’Árainn ar feadh tréimhse cheithre bliana”. 

“Bheadh seirbhís chuimsitheach sceidealta ar fáil faoin gconradh seo. Mar a bhí amhlaidh faoi chonarthaí roimhe seo, d’fhéadfaí cairtfhostú a dhéanamh ar eitiltí breise taobh amuigh de na heitiltí a bhfuil d’oibleagáid ag an gcomhlacht iad a dhéanamh faoin gconradh atá fóirdheonaithe ag mo Roinn,” a dúirt an tAire Stáit Kyne.  

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh gur cheart don Aire déileáil leis na “deacrachtaí” faoin gconradh.

“Tá am fós ag an Aire Kyne déileáil leis na deacrachtaí seo, ach ní mór dó sin a dhéanamh go luath. Caithfidh sé comhráite a eagrú idir Aer Arann agus feidhmeannaigh na Roinne chomh luath agus is féidir agus caithfear mianta mhuintir Árann, mar atá sonraithe ag a gcuid urlabhraithe arís agus arís eile, a thógáil ar bord,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Conradh d’aersheirbhís Árann ‘i sáinn’ agus easaontas idir Aer Arann Islands agus Roinn na Gaeltachta'