Scairdeáin uisce agus piléir phlaisteacha á scaoileadh ar shráideanna Bhéal Feirste in aghaidh buamaí peitril, tinte ealaíne, clocha agus brící. Na scórtha póilíní gortaithe, carranna agus bus loiscthe, damáiste mhór déanta i gcomharsanachtaí bochta agus taifead coiriúil ag daoine óga. Macalla ar fhuaimrian na dTrioblóidí ón héileacaptar atá ag faoileáil os cionn na gcíréibeacha.
Ba mhór an t-údar díomá é go raibh sé ag tarlú trí bliana fichead i ndiaidh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta ar an 10 Aibreán 1998. Bhí na polaiteoirí aontaithe go raibh an foréigean doghlactha, ach an bhfuil oideas acu lena leigheas? An féidir leis na polaiteoirí logánta a gcuid easaontais a chur i leataobh, an pholaitíocht lochtach a fheabhsú agus an tsíocháin easnamhach a neartú ar mhaithe leis an leas coiteann?
Bhí an raic agus an réabadh i gceantair dhílseacha le breis is seachtain sách dona ach ba mheasa fós an géarú ar an trioblóid ag ‘geata síochána’ in iarthar Bhéal Feirste. Maíodh gur in aon turas a eagraíodh círéib ar Bhóthar na Seanchille in aice le geata Lanark Way chun trioblóid a chothú le daoine ar thaobh Bhóthar Chluana den deighilt. Cibé cuspóir a bhí le hionsaí na n-ógánach dílseach ar an ngeata san oíche Dé Céadaoin ba é a thoradh, ar an drochuair, go raibh círéibeacha ar an taobh náisiúnach freisin agus póilíní faoi ionsaí ón dá thaobh ar feadh oícheanta. Bhí na scairdeáin – canóin uisce – in úsáid den chéad uair le sé bliana.
B’údar imní don PSNI é plean a bhí luaite le dílseoirí léirsithe a eagrú in iliomad ceantar chun brú a chur ar acmhainní na bpóilíní. Níorbh iontas é go raibh imní ar pholaiteoirí ó Bhéal Feirste, Baile Átha Cliath, Londain agus sa Teach Bán in Washington. Teastaíonn ó Billy Hutchinson ceannaire an PUP, an páirtí a mbíodh nasc aige leis an UVF agus RHC, go mbeadh deireadh leis an trioblóid. Feachtas polaitiúil a d’éiligh sé. Cháin an UDA i ndeisceart Bhéal Feirste an foréigean agus dúirt leis an lucht léirsithe éirí as. Breis is mí ó d’aistarraing an LCC [Comhairle na bPobal Dílseach], scáthghrúpa na bparaimíleatach dílseach a dtacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta bhí amhras faoi sheasamh na heagraíochta i dtaca leis na círéibeacha. Thug an Státrúnaí Brandon Lewis dúshlán an LCC an cheist sin a fhreagairt agus ar deireadh d’eisigh siad ráiteas ar an Aoine.
Dúradar nach raibh aon bhaint acu leis na círéibeacha agus mhol siad do dhaoine fanacht glan ar an gcorraíl. Dúirt siad, áfach, go gcaithfí deireadh a chur leis an bPrótacal – a raibh rialtas na hÉireann freagrach as, dar leo.
Chífimid cén tionchar a bheidh polaiteoirí in ann a imirt ar lucht na léirsithe. Is fada daoine ag casaoid faoi easpa gnímh ón dá rialtas agus níl aon dabht ach go bhfuil an caidreamh idir Baile Átha Cliath agus Londain lagaithe go mór de bharr an Bhreatimeachta. Is nimh sa chaidreamh idir na páirtithe aontachtacha agus an chuid eile in Stormont é freisin. Tá an DUP éirithe níos nimhní in aghaidh an Phrótacail de réir mar atá ag méadú ar líon na ndaoine atá a chur an mhilleáin orthu as an bPrótacal conspóideach. Maítear gur as a dtacaíocht don Bhreatimeacht crua a d’eascair an Prótacal.
Caithfidh na páirtithe in Stormont a theacht thairis sin ach ní ribín réidh é.
Cloistear ó dhaoine ar na sráideanna a léiríonn imní faoin dream óg a bheith ag léirsiú agus an reitric chéanna acu a chloistear ón DUP agus ón TUV faoin bPrótacal.
“Ní hé seo a theastaíonn uainn do ghlúin eile den aos óg ach cén rogha eile atá againn in aghaidh an Phrótacail,” arsa fear ar Bhóthar na Seanchille, “ach caithfimid ár n-áit san Ríocht Aontaithe, fiú ár bhféiniúlacht a chosaint.”
Cloistear gearáin freisin go bhfuil gach rud buaite ag poblachtánaithe agus, dá réir, gach rud caillte ag aontachtaithe. Tá teannas agus suaitheadh síceolaíoch á gcothú agus caint go forleathan faoin ngá atá le seasamh láidir chun an t-aontachtachas a chaomhnú.
Tá na teachtaireachtaí sin á scaipeadh ar mheáin shóisialta le seachtain agus daoine á ngríosú chun agóide – a iarmhairt, na círéibeacha.
Ní de sheans atá na círéibeacha ag tarlú i gceantair bhochta. Tá na comharsanachtaí ar dhá thaobh an bhalla síochána ag Bealach Lanark i measc na gcinn is measa ó thaobh míbhuntáiste i dTuaisceart Éireann, rátaí arda bochtanais, dífhostaíochta agus easpa oideachais. Masla is ea díbhinn na síochána a lua sna ceantair sin.
Thug iriseoirí a bhí ag tuairisciú ar na círéibeacha ar Bhóthar na Seanchille agus ar an taobh náisiúnach, ar Bhóthar Chluana, suntas d’fhógra ar cheann de na geataí ar an bhalla síochána. Ráiteas ó Benjamin Franklin is ea é: “There was never a good war or a bad peace.” Is léir go bhfuil an tsíocháin easnamhach ach tá sí róluachmhar lena cur amú cheal ceannaireachta stuama. Sé dúshlán na bpolaiteoirí anois obair tharrthála fhónta a dhéanamh.
Sean Fennell
Deireadh laethe saoire na Cásca anois agus pilleadh ar scoil do na meánscoltacha….cuirfidh sin deireadh leis an achrann, ná bí buartha!
Déagóirí óga fuinniúla a bhfuil leadrán orthu agus amharcann siad air seo ar fad ar an drochuair, mar caitheamh aimsire! Brónach.