‘Comhrá faoi chúrsaí polaitíochta amháin a bheidh sa phlé faoin margadh Breatimeachta’ – Macron

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May nach raibh sí ag súil go ndéanfaí aon dul chun cinn ag cruinniú mullaigh dhá lá an Aontais Eorpaigh maidir le ceist theorainn na Breataine in Éirinn

‘Comhrá faoi chúrsaí polaitíochta amháin a bheidh sa phlé faoin margadh Breatimeachta’ – Macron

Tá ráite ag Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron nach mbeidh aon dul siar ar an margadh Breatimeachta agus gur “comhrá faoi chúrsaí polaitíochta” amháin a dhéanfar faoi ag cruinniú mullaigh an AE.

Dúirt Macron gur socrú dlí a bhí sa mhargadh Breatimeachta agus nach bhféadfaí aon leasú a dhéanamh air dá réir.

“Is faoi chúrsaí polaitíochta atá plé na hoíche anocht…Féadaimis comhrá faoi chúrsaí polaitíochta a bheith againn faoi, ach ní comhrá faoi chúrsaí dlí,” arsa Uachtarán na Fraince.

Dúirt Macron go raibh sé tábhachtach “aon débhrí a sheachaint” faoin margadh Breatimeachta.

“Ní féidir linn filleadh ar shocrú dlí, ní féidir idirbheartaíocht a dhéanamh athuair ar rud éigin a chaitheamar roinnt míonna i mbun idirbheartaíochta faoi. Is féidir linn comhrá polaitiúil a bheith againn sa chomhthéacs seo.”

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May nach raibh sí ag súil go ndéanfaí aon dul chun cinn ag cruinniú mullaigh dhá lá an Aontais Eorpaigh maidir le ceist theorainn na Breataine in Éirinn.

Tá May, a tháinig slán ó vóta mímhuiníne in Westminster aréir, ar a dícheall ag iarraidh leasaithe a fháil ar an gcúlstop d’fhonn tuilleadh feisirí parlaiminte a mhealladh chun tacaíocht a thabhairt dá margadh imeachta.

Dúirt sí tráthnóna go raibh fúithi leanúint ar aghaidh ag iarraidh “gealltanais” a fháil ón AE maidir leis an margadh chun dul i ngleic leis an “imní” atá ar go leor feisirí parlaiminte faoi.

Dúirt ceannairí Eorpacha éagsúla tráthnóna nach rachfaí i mbun idirbheartaíochta arís faoin margadh.

Tá lucht an Aontais sásta gnéithe áirithe den socrú maidir le ceist na teorann “a shoiléiriú”.

Is ar éigean a shásódh a leithéid na feisirí parlaiminte a bhfuil sé i gceist acu vótáil i gcoinne an mhargaidh nuair a chuirfear faoina mbráid é.

Cé gur éirigh léi teacht slán ó vóta muiníne na hoíche aréir in Westminster, tá Theresa May faoi bhrú mór agus é ag dul di a margadh Breatimeachta a dhíol le dóthain feisirí in Westminster.

Bhuail May inniu leis an Taoiseach Leo Varadkar mar chuid de na cainteanna éigeandála atá ar bun aici faoi athruithe a dhéanamh ar an gcúlstop, an socrú sa mhargadh Breatimeachta chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint agus an dris chosáin is mó roimh an margadh i Westminster.

Chuir an Príomh-Aire siar an vóta faoin margadh a bhí beartaithe do Westminster an tseachtain seo agus d’admhaigh sí nach n-éireodh lena bplean sa pharlaimint mar gheall ar an imní a bhí ar chuid mhór feisirí faoi cheist an chúlstop.

Fág freagra ar '‘Comhrá faoi chúrsaí polaitíochta amháin a bheidh sa phlé faoin margadh Breatimeachta’ – Macron'

  • An Teanga Bheo

    An Bhreatimeacht i sainn ceart anois níl fios cá bhfuil teorann na Breataine mó léan ? cóilineachtaí go leor i gceist