Comhlíonadh dhualgas reachtúil Gaeilge RTÉ ag brath ar airgead – Ard-Stiúrthóir

Cuireadh i leith RTÉ i dTeach Laighean inniu go mba dhóigh leat ar a gcuid cainte nach raibh ina soláthar Gaeilge ach rud ‘breise’ a dhéanfaí dá mbeadh an t-airgead ann chuige

Comhlíonadh dhualgas reachtúil Gaeilge RTÉ ag brath ar airgead – Ard-Stiúrthóir

Ghéill Ard-Stiúrthóir RTÉ go bhfuil an dlí á shárú i gcónaí ag an gcraoltóir náisiúnta maidir lena ndualgas reachtúil i leith na craoltóireachta i nGaeilge.

Thug Dee Forbes le fios, áfach, go raibh comhlíonadh dhualgas reachtúil teanga RTÉ ag brath ar an méid airgid a bheadh le caitheamh ag an gcraoltóir.

“Caithfimid féachaint ar an méid is féidir linn a dhéanamh i gcomórtas leis an méid atá le caitheamh againn,” arsa Ard-Stiúrthóir RTÉ agus í ag caint ar dhualgas teanga an chraoltóra.

Ag labhairt di ag cruinniú de choiste Oireachtais i dTeach Laighean inniu, dúirt Dee Forbes gur shíl lucht RTÉ gur leor an clár 7Lá a athchraoladh chun a ndualgas i leith cúrsaí reatha i nGaeilge a chomhlíonadh.

“De réir dealraimh ní hamhlaidh gurb ea,” arsa Forbes.

Leagtar dualgas san Acht Craolacháin 2009 ar RTÉ réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil ina sceideal i nGaeilge agus i mBéarla chomh maith le cláir nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla.

Dúirt Dee Forbes ag an gcruinniú de Choiste Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Meán an Oireachtais go rachfaí i ngleic i bplean trí bliana nua leis an scéala nach mbíonn aon chlár cúrsaí reatha Gaeilge dá gcuid féin ag RTÉ.

Cuireann RTÉ an clár 7Lá ar fáil do TG4 mar chuid den dualgas ar leith atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún Gaeilge in aghaidh na bliana.

Chinn an Coimisinéir Teanga in 2019 go raibh an reachtaíocht chraolacháin á sárú ag RTÉ toisc nár chláir Ghaeilge ach 0.7% den sceideal iomlán teilifíse in 2017.

Mar chuid den imscrúdú sin, dúirt an Coimisinéir Teanga nach raibh a ndualgas i leith cúrsaí reatha Gaeilge á gcomhlíonadh ag RTÉ.

Ag cruinniú an lae inniu, dúirt Brendan Griffin, Teachta Dála de chuid Fhine Gael, go mba dhóigh leat ar chaint thoscaireacht RTÉ nach raibh ina soláthar Gaeilge ach rud “breise” a dhéanfaí dá mbeidh an t-airgead ann chuige.

Dúirt Dee Forbes nach raibh i réimse na Gaeilge ach ceann amháin de na réimsí nach raibh “dóthain cothaithe” á fháil acu le roinnt blianta anuas. Dúirt sí go raibh ar an stáisiún “íobairtí” a dhéanamh i réimse na drámaíochta, an chultúir agus na gclár do leanaí toisc, a dúirt sí, go raibh €100 milliún níos lú ná mar a bhíodh le caitheamh ag an gcraoltóir le 10 mbliana anuas.

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ go raibh an Ghaeilge “an-an-tábhachtach” don chraoltóir agus go raibh siad meáite ar “an méid ab fhéidir agus an méid ba ghá a dhéanamh”.

Dúirt sí go raibh méadú mór tagtha ar líon na n-uaireanta an chloig a chraoltar i nGaeilge ó chinn an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú acu.

Dúirt Moya Doherty, Cathaoirleach Bhord RTÉ, go raibh an craoltóir “dáiríre” faoina ndualgais i leith na Gaeilge ach nach féidir cás na teanga a scaradh ó na dúshláin chasta eile atá i saol na craoltóireachta.

Fág freagra ar 'Comhlíonadh dhualgas reachtúil Gaeilge RTÉ ag brath ar airgead – Ard-Stiúrthóir'