Na hiarrthóirí ar phost Enda Kenny – cé acu is mó bá le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta?

Tá cúigear á lua le ceannaireacht Fhine Gael ach an fearrde an Ghaeilge aon duine acu?

Na hiarrthóirí ar phost Enda Kenny – cé acu is mó bá le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta?

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil deireadh ag teacht le ré Enda Kenny mar cheannaire ar Fhine Gael, agus tá baill an pháirtí a d’fhéadfadh teacht i gcomharbacht ar fhear Mhaigh Eo á meas ag na meáin agus ag an bpobal — ach cé acu is báúla le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta? Nó cé acu is fearr a dhéanfadh beart do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre?

Ar ndóigh, murab ionann is na daoine ar fad atá á lua lena phost, is cainteoir líofa é an Taoiseach agus chaith sé go leor ama le linn a óige i gceantair Ghaeltachta éagsúla, go mór mór Conamara agus Inis Oírr. Bhí a athair, Anraoi Ó Cionnaith, ina mhúinteoir Gaeltachta agus bhí lámh aige i mBailiúchán na Scol i gceantair Ghaeltachta.

Ainneoin an chúlra Gaeilge agus Gaeltachta atá ag Kenny, áfach, is beag duine a déarfadh gur fear é a bhfuil aon mhórghaisce déanta aige ar son na teanga.

Bhí Kenny ina cheannaire ar Fhine Gael le linn fheachtas Olltoghchán 2011, agus ba é a mhol go gcuirfí deireadh leis an nGaeilge éigeantach san Ardteist. Ba é a bhí ina Thaoiseach nuair a d’éirigh Seán Ó Cuirreáin as a phost mar Choimisinéir Teanga mar agóid i gcoinne fhaillí an Rialtais i leith na teanga, agus ba é a chinn gan aireacht shinsearach a thabhairt don Ghaeltacht agus an cúram sin a leagadh ar Aire Stáit, Joe McHugh, nach raibh líofa sa Ghaeilge. Le bheith dearfach faoi, tugadh isteach le linn ré an Taoisigh polasaí oideachais nua don Ghaeltacht a d’fhéadfaí tairbhe mór a bhaint as má chuirtear i bhfeidhm i gceart é agus is minic a labhair sé i nGaeilge agus é i mbun a dhualgas.  

Ach, tríd is tríd, bhí na gníomhaithe teanga ar labhair Tuairisc.ie leo inné ar aon fhocal leis an tráchtaire a mhaígh roinnt blianta ó shin go raibh an Ghaeilge ‘ina cheann ag Enda Kenny, ach nach raibh sí ina croí aige’.

I mbeagán focal, faoin tráth seo, d’fháilteodh cuid mhór de lucht na teanga roimh athrú, bíodh is gur ar éigean go bhfuil an Ghaeilge ina gcroí ná ina gceann ag aon duine acu siúd atá a lua mar chomharba ar an Taoiseach.

Tá cúigear ann anois a meastar a d’fhéadfadh ceannas a ghlacadh ar Fhine Gael nuair a imeoidh Kenny — Leo Varadkar, Simon Coveney, Simon Harris, Richard Bruton agus Frances Fitzgerald.

Is cosúil gurb é Leo Varadkar an duine is mó bá leis an teanga. Tá iarrachtaí á ndéanamh ag an Aire Coimirce Sóisialaí le tamall Gaeilge a fhoghlaim agus déanann sé iarracht ó am go chéile freagraí ó na meáin a fhreagairt i nGaeilge, cé go mbíonn cleachtadh roimh ré le hiriseoirí i gceist go fóill. Déarfadh mórán gur comhartha é sin ar fad ar an tsuim atá ag Varadkar sa phost mór, ach tuairiscítear freisin go bhfuil suim dáiríre aige an teanga a shealbhú agus tá socruithe déanta aige chuige sin.

An beart ba mhó a rinne Varadkar ar son na teanga ná glacadh le moltaí Chonradh na Gaeilge maidir le comharthaíocht dhátheangach bhóthair agus is cosúil go raibh lucht an Chonartha an-tógtha leis an dearcadh dearfach a léirigh sé faoin scéal. D’ordaigh sé, agus é ina Aire Iompair, don Údarás um Bóithre Náisiúnta tús a chur le comharthaí nua a chrochadh a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla. Chuir a chomharba, Paschal Donohoe, an t-ordú sin ar ceal.

Nuair a ceapadh ina Aire Coimirce Sóisialaí anuraidh é, ba é Varadkar an  t-aon Aire nua a shínigh Clár na nAirí i dTithe an Oireachtais i nGaeilge. Cé nach nós leis an Ghaeilge a labhairt ar na meáin shóisialta, tá corrtheachtaireacht sa teanga náisiúnta foilsithe aige ar leithéidí Twitter agus Facebook i gcaitheamh na mblianta.

Thug foinsí le fios do Tuairisc.ie go bhfuil Simon Coveney ag foghlaim na Gaeilge freisin, nó ar a laghad go bhfuil rún aige í a fhoghlaim amach anseo. Is cosúil go bhfuil spéis léirithe ag Coveney i gcúrsa teanga i mBaile Átha Cliath, cé nach léir cé acu ar thosaigh nó nár thosaigh sé an cúrsa sin go fóill. Seachas sin, is beag rud a thabharfadh le fios go bhfuil spéis mhór sa teanga ag Coveney nó bá aige léi. Ach an oiread leis na daoine eile atá á lua le ceannaireacht an pháirtí, ní cosúil gur thug Coveney aon óráid shuntasach riamh i nDáil Éireann faoi cheist na Gaeilge ná ceist na Gaeltachta.

Ní raibh mórán spéise riamh ag deartháir Richard Bruton, John, a bhí ina Thaoiseach sna 1990í, sa Ghaeilge. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoin Aire Oideachais, ach tá iarrachtaí déanta aige le tamall anuas an teanga a úsáid níos minice agus é dul i ngleic le ceisteanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Thug sé óráid iomlán uaidh i nGaeilge nuair a sheol sé an Polasaí Oideachais Gaeltachta ar an gCeathrú Rua anuraidh. Cé gur léir óna chuid cainte an lá sin gur ag léamh ‘Gaeilge’ a scríobhadh de réir chóras foghraíochta an Bhéarla a bhí sé, bhain siombalachas áirithe leis an iarracht a rinne sé agus é i gceartlár na Gaeltachta.

Ar an lámh eile, ní dhearna Bruton eisceacht de scoileanna lán-Ghaeilge agus an Bille Iontrála Scoile á dhréachtú aige, agus ghlac sé gan cheist le cinneadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin san ollscoil sin.

Is é Simon Harris, an tAire Sláinte, an duine is óige atá á lua le post an cheannaire. Níl aon spéis léirithe ag Harris go poiblí i gcúrsaí Gaeilge ná Gaeltachta ó toghadh ina Theachta Dála é in 2011. Sular toghadh ina Theachta Dála é, thacaigh Harris go poiblí le polasaí Fhine Gael deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge san Ardteist. Seachas sin ní heol dúinn tada eile a bheith ráite aige faoi chás na teanga.

Tá Frances Fitzgerald ina Teachta Dála do Dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir-Theas, ceantar a bhfuil obair ar bun ann maidir le ‘Líonra Gaeltachta’ a bhunú. Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil corrfhocal agus frása nó dhó ag Fitzgerald ach nach mbeadh sí ar a compord ag labhairt as Gaeilge ná baol air.

Tá tacaíocht agus spéis léirithe aici, áfach, sna hiarrachtaí sin stádas mar líonra Gaeltachta a bhaint amach don cheantar, go mór mór i gCluain Dolcáin agus an ceantar thart timpeall ionad na Gaeilge, Áras Chrónáin. Taobh amuigh dá dáilcheantar féin, áfach, is beag teagmháil a bhíonn ag Fitzgerald le pobal na Gaeilge agus is beag spéis atá léirithe riamh aici i gcás na teanga. 

Is cosúil gurb é Leo Varadkar an rogha a bheadh ag gníomhaithe teanga a mbíonn ceist na Gaeilge á plé acu leis an aos polaitiúil. “Bheadh muinín agus dóchas agam go ndéanfadh Leo beart fiúntach,” a dúirt fostaí sinsearach amháin i gceann de na heagraíochtaí teanga.

Ghéill sé, áfach, nach raibh mórán de chomórtas ann.

Fág freagra ar 'Na hiarrthóirí ar phost Enda Kenny – cé acu is mó bá le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta?'

  • Daithí Mac an Bhaird

    Maith thú, a Mhaitiú. An taighde atá déanta agat nó ag tuairisc.ie le breis is bliain anuas i measc na bpolaiteoirí, agus an brú a chuireann sí nó an teachtaireacht a thugann sí, thar a bheith luachmhar ar fad. Níl aon chlaonadh i dtreo pháirtí ná iarrthóir ar leith – díreach claonadh ar som na Gaeilge is na Gaeltachta. Bail ó Dhia ar an obair.