Comhairle dlí á lorg agus cruinniú eile faoin nGaeilge curtha ar ceal mar gheall ar ‘dímheas’ an DUP

Deir an tAire Pobal, Deirdre Hargey go bhfuil drochmheas á léiriú ag an DUP ar phobal na Gaeilge agus ar institiúidí Chomhaontú Aoine an Chéasta

Comhairle dlí á lorg agus cruinniú eile faoin nGaeilge curtha ar ceal mar gheall ar ‘dímheas’ an DUP

“Léiriú dímheasa ar phobal na Gaeilge” is ea teip an DUP freastal ar chruinnithe trasteorann faoi chúrsaí teanga, a deir an tAire Pobal, Deirdre Hargey.

Tá comhairle dlí á lorg ag an Aire de chuid Shinn Féin faoi athbhreithniú dlíthiúil a thosú in aghaidh an DUP mar gheall ar a neamhfhreastal ar chruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas.

Den dara huair le dhá mhí, cuireadh ar ceal inné cruinniú ardleibhéil faoi chúrsaí teanga mar go ndúirt aire de chuid an DUP nach mbeadh sé ar fáil le freastal air.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, cuireadh cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi chúrsaí teanga ar ceal ag an nóiméad deireanach mí Aibreáin nuair a dúirt Gordon Lyons, aire de chuid an DUP, nach raibh sé ar fáil le freastal air.

Ní raibh Lyons ar fáil ach oiread  don chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi chúrsaí Gaeilge agus Ultaise a bhí beartaithe don lá inné.

Ní raibh airí eile de chuid an DUP le fáil do chruinnithe eile le hairí na Dála le tamall.

Ní raibh ach cruinniú amháin den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas [CATT] faoi chúrsaí teanga le cúig bliana anuas, i mí na Samhna seo caite.

Ní raibh  aon chruinnithe CATT ann idir 2016 agus 2020, nuair a athbhunaíodh Feidhmeannas Stormont.

An t-aire nó an t-aire stáit atá freagrach as an earnáil – Jack Chambers sa chás seo – a dhéanann ionadaíocht thar ceann Rialtas na hÉireann ag na cruinnithe CATT seo.

Ainmníonn an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire beirt Airí ar bhonn trasphobail chun ionadaíocht a dhéanamh ar an bhFeidhmeannas in Stormont.

Go hiondúil an tAire a bhfuil cúram na hearnála sin air nó uirthi sa bhFeidhmeannas duine den bheirt sin –  Deirdre Hargey sa chás seo.

Faoi réir cheanglais Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus an Achta um Thuaisceart Éireann 1998 ní mór aon rannpháirtíocht a bhíonn ag an bhFeidhmeannas sa  Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas a bheith ar bhonn trasphobail. 

Dúirt an tAire Pobail Deirdre Hargey go raibh na cruinnithe Thuaidh-Theas ina ndlúthchuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus d’obair an fheidhmeannais.

“Inniu ab ea an dara huair nár fhreastail aire ar chruinniú teanga leis na hairí as Baile Átha Cliath, rud a chuir stop le reáchtáil an chruinnithe.

“Léiríonn sé seo drochmheas ar phobal na Gaeilge agus chomh maith leis sin ní féidir glacadh leis go mbeifí ag cur isteach ar ghnó an rialtais mar seo le baghcat de chuid an DUP ar cheann d’institiúidí Chomhaontú Aoine an Chéasta.

“Ní féidir ligean don sotal agus don dímheas seo leanúint ar aghaidh.

“D’fhéadfadh an t-iompar seo a bheith ina shárú ar chód na n-airí agus tá iarrtha agam ar an Roinn Pobal comhairle dlí a chur ar fáil dom i dtaobh an cheist seo a chur faoi bhráid na gcúirteanna mar athbhreithniú dlíthiúil.”

Fág freagra ar 'Comhairle dlí á lorg agus cruinniú eile faoin nGaeilge curtha ar ceal mar gheall ar ‘dímheas’ an DUP'