Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag tacú le comharthaíocht Ghaeilge ag lárionad nua taistil i lár na Cathrach

Beidh litir á cur ag an chomhairle chuig Translink, atá i mbun na forbartha, ag moladh go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach laistigh agus lasmuigh den stáisiún bus agus traenach nua i lár chathair Bhéal Feirste

Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag tacú le comharthaíocht Ghaeilge ag lárionad nua taistil i lár na Cathrach

Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste aréir le rún ag éileamh comharthaíocht Ghaeilge ag an mhol iompair nua ‘Weaver’s Cross’ nó ‘Cros na bhFíodóirí’ atá á fhorbairt i lár na Cathrach.

Beidh litir á scríobh ag an Chomhairle chuig Translink, atá i mbun na forbartha, ag moladh go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach laistigh agus lasmuigh den stáisiún bus agus traenach nua a bhfuil na céadta milliún á chaitheamh air agus atá á thógáil ar shuíomh stáisiún Europa.

Beidh eolas á iarraidh ag an Chomhairle ó Translink maidir lena bhfuil ar bun lena chinntiú go bhfuil a ndualgas faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh á chomhlíonadh acu agus lena chinntiú gur “spás comhroinnte” a bheas sa mhol iompair nua “a fhreastalóidh ar phobal na Gaeilge”.

Éilítear sa rún chomh maith go mbeadh comharthaíocht dhátheangach le feiceáil sa stáisiún agus sa cheantar timpeall air.

Bhí an grúpa feachtasaíochta An Dream Dearg i mbun agóide ag suíomh an stáisiúin nua le déanaí ag éileamh go mbeadh comharthaíocht dhátheangach le feiceáil ag an stáisiún nua.

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge ó thuaidh, gur “céim chun cinn shuntasach” go raibh tacaíocht na Comhairle faighte ag a n-éileamh.

“Is iontach go deo agus is tráthúil an cinneadh seo ag Comhairleoirí i mBéal Feirste tacú leis an rún. Anois beidh siad, mar ghníomh ag éirí as an rún sin, ag scríobh chuig an Aire Bonneagair agus chuig Translink lena dtacaíocht do chomharthaíocht dhátheangach a chur in iúl.

“Ba cheart go mbeadh tionchar láidir ag an tacaíocht seo ón Chomhairle Cathrach ar Translink, go háirithe agus an lárionad taistil lonnaithe i gcroílár limistéar an údaráis áitiúil agus iad aitheanta mar scairshealbhóir lárnach sa tionscadal trí chéile.”

Chuir Nic Liam fáilte roimh an tacaíocht “láidir” atá léirithe ag an Aire Bonneagair John O’Dowd don chomharthaíocht dhátheangach ag an stáisiún agus dúirt gur ceist do Translink a bhí ann a chinntiú go mbeadh comharthaí Gaeilge le feiceáil ag Cros na bhFíodóirí.

“Sa chás go leanann Translink orthu ag brú soláthar aonteangach Béarla amháin chun tosaigh, titfidh sé ar ais ar an Aire treoir a thabhairt do Translink cloí leis na bunphrionsabail a luaitear sa Chairt Eorpach, faoi mar atá luaite i bpolasaí Gaeilge na Roinne féin,” a dúirt Cuisle Nic Liam.

Glacadh le rún eile ag cruinniú na Comhairle Cathrach aréir faoin chéim dheireanach dá bplean comharthaí Gaeilge a chrochadh ar 302 sráid sa cheantar in iarthar Bhéal Feirste ar a dtugtar an Cheathrú Ghaeltachta. Fágann sin go mbeidh go mbeidh comharthaí Gaeilge le feiceáil freisin ar na sráideanna atá buailte leis an lárionaid nua taistil, Cros na bhFíodóirí.

Fág freagra ar 'Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag tacú le comharthaíocht Ghaeilge ag lárionad nua taistil i lár na Cathrach'