Comhad le cur chuig an DPP faoi fhear a gabhadh i dtaca le gabháil cócaoin i gConamara 

Gabhadh beirt fhear tar éis do na Gardaí cócaon arbh fhiú €75,000 é a ghabháil i gCois Fharraige ag an deireadh seachtaine

Comhad le cur chuig an DPP faoi fhear a gabhadh i dtaca le gabháil cócaoin i gConamara 

Tá comhad le cur faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag na Gardaí faoi fhear a gabhadh i dtaca le gabháil cócaoin i gConamara ag an deireadh seachtaine.

Gabhadh beirt fhear tar éis do na Gardaí cócaon arbh fhiú €75,000 é a ghabháil i gCois Fharraige ag an deireadh seachtaine.

Tugadh an duine eile, Michael Langan, fear sna fichidí, as na hAille in Indreabhán, os comhair cúirte i nGaillimh inné. Scaoileadh amach ar bannaí é i ndiaidh dó a bheith cúisithe as cócaon a bheith ina sheilbh aige ar mhaithe lena dhíol nó a sholáthar do dhuine eile.

Le linn cuardaigh ar thrí láthair i gCois Fharraige Dé Sathairn a thángthas ar an gcócaon, ar roinnt cannabais agus ar airgead tirim.

Cuardach pleanáilte a bhí ann agus é déanta mar chuid de Operation Tara, feachtas de chuid an Gharda Síochána atá dírithe ar dhul i ngleic leis an ngáinneáil ar dhrugaí.

Fág freagra ar 'Comhad le cur chuig an DPP faoi fhear a gabhadh i dtaca le gabháil cócaoin i gConamara '