Coláiste Íosagáin ar an scoil friothálach ‘is fearr’ i measc scoileanna gan táille agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair ar an scoil ‘is mó feabhas’

Tá cúig scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna gan táille is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal, de réir figiúirí nua a foilsíodh ar maidin

Colaiste-Eoin

Tá cúig scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna gan táille is mó a sholáthraíonn daltaí d’institiúidí tríú leibhéal, de réir figiúirí nua a foilsíodh ar maidin agus tá Pobalscoil Ghaoth Dobhair ar an scoil ‘is mó feabhas’ sa stát, de réir anailís atá foilsithe ar maidin sa Sunday Independent.

Tá Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, ar bharr an liosta de scoileanna gan táille maidir le soláthar mac léinn d’institiúidí tríú leibhéal.

Tá an scoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath ar an gceathrú scoil is fearr sa tír ó thaobh líon na ndaltaí a théann chuig an ollscoil nuair a chuirtear scoileanna táille sa áireamh. Le seacht mbliana anuas, chuaigh 78% de na cailíní a d’fhreastail ar Choláiste Íosagáin go dtí an ollscoil agus d’fhreastail 100% acu ar institiúid tríú leibhéil.

Tá ceithre scoil lán-Ghaeilge eile i measc an dosaen scoil is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal: Coláiste Eoin i mBaile Átha Cliath; Gaelcholáiste Luimnigh agus Laurel Hill Coláiste FCJ i gcathair Luimnigh; Coláiste an Phiarsaigh i nGleann Maighir i gCorcaigh; agus Coláiste na Coiribe i gcathair na Gaillimhe.

Tá Coláiste Oiriall, Muineacháin ar cheann de na meánscoileanna is mó i gCúige Uladh a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal, de réir anailís an Sunday Independent atá bunaithe ar fhigiúirí ó 2009-2015.

Idir an dá linn, tá Pobalscoil Ghaoth Dobhair áirithe ar an meánscoil ‘is mó feabhas’ sa stát le roinnt blianta anuas. De réir na hanailíse a foilsíodh ar maidin, le dhá bhliain anuas, chuaigh gach aon dalta a dhein an Ardteist sa Phobalscoil i nGaeltacht Dhún na nGall ar aghaidh go coláiste tríú leibhéil. Fuair aon trian de dhaltaí na Pobalscoile idir 500-600 pointe san Ardteist anuraidh.

Sna liostaí ‘feeder schools’ seo, déantar iarbhunscoileanna a mheas bunaithe ar líon na ndaltaí a théann ar aghaidh uathu go dtí an tríú leibhéal tar éis na hardteistiméireachta, slat tomhais róchúng ar chaighdeán agus fairsinge an oideachais, dar le mórán.

Bhí scoileanna lán-Ghaeilge go mór sa treis chomh maith ar an liosta de scoileanna friothálacha ‘is fearr’ a d’fhoilsigh an Irish Times ag deireadh na bliana seo caite. Dúradh sa nuachtán sin go bhfuil an scéal amhlaidh mar go mbíonn togha agus rogha na ndaltaí ag scoileanna áirithe.

Is minic éilíteachas curtha i leith scoileanna Gaeilge agus is minic líomhaintí dá leitheid séanta go láidir ag na scoileanna féin agus ag eagraíochtaí gaeloideachais.

Fág freagra ar 'Coláiste Íosagáin ar an scoil friothálach ‘is fearr’ i measc scoileanna gan táille agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair ar an scoil ‘is mó feabhas’'

  • séamus mac seáin

    Tá 6 Chontae Cúige Uladh scríofa amach as an stair athuair ag Tuairisc.ie!!
    An Saor Stát abú de réir dealraimh.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Córas ‘oideachais’ na tíre á chaolú agus á chúngú go leanúnach ag an stáit seo – agus na meáin ag léimtigh ar an ‘anailís’. Do shaol iomlán bunaithe ar an foghlaim de ghlan mheabhair don Ardteist. Go sábhálfaí na deithe muid ar an bómánú!