Moladh ag cruinniú i dTeach Laighean an tseachtain seo go mbeadh Coiste Pleanála Straitéise don Ghaeilge ag gach údarás áitiúil a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina chúram.
Dúirt John Prendergast, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo caite gur chóir sampla Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a leanúint agus tuilleadh coistí speisialta Gaeilge a bhunú sna comhairlí. Dúirt sé go raibh sé i láthair ag cruinniú sa chomhairle le déanaí ag ar pléadh na féidearthachtaí a bheadh ann “comharthaí breise a chur timpeall ar chathair na Gaillimhe”.
Dúirt sé gur pléadh “rudaí suntasacha a bhaineann le feiceálacht agus úsáid na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe agus seirbhísí na Comhairle chomh maith”.
Mhaígh sé go raibh “an dul chun cinn atá á dhéanamh” ag comhairle cathrach na Gaillimhe le feiceáil cionn is go bhfuil SPC Gaeilge acu.
Bhí Prendergast ag freagairt ceist ón Teachta Dála Naoise Ó Muirí ó Fhine Gael.
Pléadh ag an gcruinniú i dTithe an Oireachtais, a raibh cainteoirí óga Gaeilge i láthair aige, na seirbhísí poiblí dátheangacha atá de dhíobháil ar dhaoine óga chun a saol a chaitheamh trí Ghaeilge.
Bhí Luke Ó Floinn, as Árainn, ar dhuine de thriúr cainteoirí óga a labhair ar an lá agus dúirt sé nach mbeidh pobal ná teanga fágtha ar Árainn mar gheall ar na fadhbanna a bhaineann le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht san am i láthair.
Dúirt Naoise Ó Muirí, go bhfuil coiste Gaeilge ag comhairle cathrach Bhaile Átha Cliath cheana féin agus go raibh an cruinniú a bhí ag comhairle cathrach Bhaile Átha Cliath “ar fad as Gaeilge” an tseachtain seo ó tharla Seachtain na Gaeilge a bheith ar siúl.
Dúirt Prendergast, go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh SPC Gaeilge ag na comhairlí contae agus cathrach agus muid “ag dul i dtreo na ré dátheangaí seo” sa tseirbhís phoiblí.
San am i láthair tá Coiste Pleanála Straitéise Gaeilge ag trí údarás áitiúil a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram – Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.
Cé go bhfuil oifig na Gaeilge ag comhairle cathrach Mhaigh Eo agus coistí pleanála straitéise a bhaineann le cúrsaí cultúir, oidhreachta agus Gaeltachta ag comhairle contae Chiarraí, Chorcaí agus na Mí, deir Prendergast go bhfuil siad “níos cúinge de ó thaobh na n-ábhar” a mbíonn siad ag plé leo i dtaca leis an nGaeilge.
Deir sé, gurbh é an tuiscint atá aigesean ná go mbíonn an Ghaeilge nó an Ghaeltacht “pléite mar mhír amháin ar an chlár” agus go mbíonn “formhór na gcruinnithe as Béarla” agus nach bpléitear cúrsaí teanga “i gceart”.
Fág freagra ar 'Coiste Pleanála Straitéise Gaeilge á mholadh do gach comhairle contae a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina cúram'