Coinnítear na srianta go dtí nach mbeidh gá lena n-athnuachan

Bheadh ciall le cinneadh na srianta a choinneáil sa tsiúl go dtí i ndiaidh na Cásca

Coinnítear na srianta go dtí nach mbeidh gá lena n-athnuachan

Níorbh iontas é nuair a d’fhógair Stormont go raibh síneadh míosa á chur le srianta reatha an Covid-19.

Ba é an t-iontas nach raibh i gceist ach mí sa bhreis, go dtí an 5 Márta. Shíl roinnt gur cheart dianghlasáil a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go dian go dtí go mbeadh an Cháisc curtha tharainn, i dtús an Aibreáin. Pléadh an dáta sin ag cruinniú an Fheidhmeannais agus níl sé curtha as an áireamh; déanfar athbhreithniú ar an scéal ar an 18 Feabhra.

Is léir go bhfuil buaic na paindéime sroichte agus gach beart is féidir faoi chaibidil le súil is gur féidir a chinntiú nach n-éireoidh cúrsaí níos measa fós. 

Ba í an tseachtain seo thart agus na laethanta amach romhainn an tréimhse is contúirtí don bpobal agus don tseirbhís sláinte i dTuaisceart Éireann. Thug an tAire Sláinte agus an Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire, Arlene Foster agus Michelle O’Neill, foláireamh go raibh sé fíorphráinneach go gcloífí leis na srianta chun tubaiste a sheachaint. Ba é tuar na saineolaithe, bunaithe ar an bhfianaise a bhí acu coicís ó shin, gur sa tseachtain seo a ghabhfadh an cás go cnámh na huillinne. 

Tá an aicíd níos rábaí le tamall ná mar a bhí an uair ba mheasa a bhí anuraidh agus an leagan nua den choróinvíreas níos tógálaí. Anuraidh ba 350 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil an lá ba mhó a raibh brú orthu, ach bhí 1,000 iontu an tseachtain seo caite agus breis is 800 a bhí i gceist an tseachtain roimhe sin. Bhí méadú scanrúil freisin ar líon na ndaoine a cailleadh de dheasca an víris. 24 meánráta báis na seachtaine go dtí Déardaoin,  i gcomparáid le 14 anuraidh. An 1,700 duine a fuair bás le linn na paindéime, an mhí seo a cailleadh an cúigiú cuid acu. 

Tá brú millteanach ar na hospidéil agus bhí róbhrú ar cheithre cinn acu in amanna le seachtain. Bhí Ospidéal Uladh in oirthear Bhéal Feirste plódaithe agus iad ag déileáil le 105.4% dá n-acmhainn, bhí Aontroim ag 103.9%, Cúil Raithin ag 101.9% agus Ospidéal Ríoga Victoria ag 101%. Tá obráidí ailse agus cásanna práinneacha eile curtha ar athló agus fadhb mhór ann le ganntanas foirne agus oibrithe atá tugtha traochta. Bhí folúis d’os cionn 2,500 altra sa chóras roimh an bpaindéim agus anois tá suas le 1,500 eile as láthair de dheasca an Covid-19 nó iad ag aonrú.

Ba é sin an comhthéacs inar iarr Robin Swann, an tAire Sláinte, cabhair ó oibrithe sláinte míleata. Díol suntais ab ea é go raibh an LeasChéad Aire, Michelle O’Neill, Sinn Féin, toilteanach glacadh le cabhair an airm. Ní chuirfidís in aghaidh aon bheart chun beatha a shábháil, a dúirt sí. 

Ní raibh an cinneadh gan chonspóid, áfach. 

D’eisigh Unison, an ceardchumann is mó sa tseirbhís sláinte ráiteas ar na meáin shóisialta ag ceistiú an bhirt. Theastaigh uathu a fháil amach an raibh tacaíocht iarrtha ag an Aire ó fhoinsí eile, seirbhísí príobháideacha, cur i gcás. Cháin polaiteoirí aontachtacha an ráiteas agus dúirt go leor, idir náisiúnaithe agus aontachtaigh, gur mhaith ann an tacaíocht. ‘Dá mbeinnse tinn nó duine de mo mhuintir in otharlann ní bheinn ag ceistiú cérbh as altra,’ a dúradh.

 D’athraigh Unison a phort taobh istigh de dhá uair déag ag rá gur ‘mhíthuiscint’ a bhí sa bharúil go raibh an ceardchumann ag diúltú don gcabhair. Ba í an fhadhb, a dúirt Ard-Rúnaí Unison, Patricia McKeown, nach ndeachaigh an Roinn i gcomhairle leis an bhfoireann roimh ré agus gur theastaigh eolas uathu faoin ngéarchéim.

Timpeall 100 oibrí atá á dtairiscint, ó Aerfhórsa, Arm agus Cabhlach na Breataine. Cuideoidh cuid acu le hoibrithe san ospidéal Nightingale i mBéal Feirste – an t-ospidéal speisialta Covid-19 – agus ní heol cá mbeidh an chuid eile. De bharr na contúirte ó easaontóirí poblachtacha, ní neosfar an t-eolas is cosúil.

Mhaígh an Chéad-Aire, Arlene Foster agus an leasChéad-Aire, Michelle O’Neill, go raibh léas beag dóchais ann. Tá súil go mbeidh an chéad dáileog den vacsaín faighte ag oibrithe sláinte, oibrithe sna hionaid chúraim agus daoine os cionn ceithre scór i gceann roinnt laethanta agus go mbeidh sé le fáil go luath ag an gcéad aoisghrúpa eile, daoine os cionn 70. 

Dúirt na hairí freisin go raibh ráta scaipthe an víris ag maolú, an uimhir R, tite ó 1.8 go dtí idir 0.65 agus 0.85. Beidh le feiceáil an mbeidh a rian sin le feiceáil ar líon na gcásanna nua an tseachtain seo chugainn. Fiú má bhíonn, is ag titim ó lion an-ard ar fad a bheifí, beagnach a thrí oiread in ospidéil is a bhí anuraidh agus gan laghdú ar bith ar an mbrú ar an tseirbhís sláinte. 

Bheadh ciall, mar sin le cinneadh na srianta a choinneáil sa tsiúl go dtí i ndiaidh na Cásca  (saoire na Cásca a sheachaint). Go deimhin bheadh sé inmholta leanúint le dianghlasáil go dtí go mbeadh vacsaíniú rathúil déanta go forleathan agus seans an-mhaith ann nár ghá diansrianta a chur i bhfeidhm arís.

Fág freagra ar 'Coinnítear na srianta go dtí nach mbeidh gá lena n-athnuachan'