Thart ar thús mhí na Bealtaine théadh muid amach ag piocadh sabhaircíní i gcomhair altóir na Bealtaine. Bhí na sabhaircíní ab fhearr i gcónaí le fail i ngarraí Bhrian Óg Freyne. Bhí srutháinín beag ag dul tríd an ngarraí freisin agus chaith mé féin agus mo dheartháir Peadar an-chuid ama ag cur damba air. Gan mórán toraidh.
Bhí Brian Óg cúpla bliain ní ba shine ná mé- sílim go raibh sé sa rang céanna le deartháir eile liom agus chonaic mé uair amháin é i ngrianghraf damhsóirí sa bhunscoil.
Ní fhaca mé é nuair a d’fhás sé suas agus chinn ar dhul go Meiriceá. Caithfidh sé nach raibh sé i bhfad thall nuair a chuaigh sé isteach in Arm Mheiriceá agus leaindeáil sé i Vítneam.
Chuimhnigh mé air le gairid nuair a bhí an tsraith teilifíse ‘The Vietnam War’ leis na stiúrthóirí Ken Burns agus Lynn Novick ar an teilifís. Bhí mé idir dhá chomhairle an mbreathnóinn air ar chor ar bith, toisc go raibh John Pilger, stiúrthóir iomráiteach eile, tar éis ionsaí láidir a dhéanamh air.
Ach chas mé air an chéad chlár (10 gclár san iomlán atá ann), agus níor chaill mé oiread is nóiméad de na dhiaidh sin. Bhí sé thar barr ar fad. Bhí daoine faoi agallamh ó ‘chaon taobh agus chuile dhuine acu roghnaithe toisc go raibh scéal le hinsint acu. Bhíodar ionraic, deisbhéalach. Bhrisfeadh cuid de na scéalta do chroí.
Bhí na pictiúir ó pháirc an áir millteanach. Ba é an chéad uair é gur ligeadh ceamaraí teilifíse chomh gar d’aicsean míleata.
Bhí an taighde a rinneadh don tsraith ar fheabhas ar fad. Bhí pictiúir, idir ghrianghraif agus scannáin acu ón gcartlann a d’fheil do na cainteoirí ar fad beagnach. Bhí téipeanna ‘audio’ acu ó Oifig an Uachtaráin sa Teach Bán.
Tá cuid de na daoine ba mhó le rá an t-am sin fós beo – Henry Kissinger, mar shampla. An Seanadóir John McCain, freisin. Níl ann ach cúpla bliain ó bhásaigh an Ginearál Giap. Bhain seisean cáil amach lena bhua mór do Vítneam Thuaidh le linn Chath Diên Bien Phû.
Bhí seisean beo nuair a thug mé féin agus mo dheirfiúr Nóirín cuairt ar Vítneam cúpla bliain ó shin. ‘Cogadh na Meiriceánach,’ a thug ár dtreoraí, arb as Vítneam Thuaidh é, ar an gcogadh. Aon tír amháin atá inti anois agus gan aon fhianaise ann gur tháinig an Cumannachas i réim agus gur thit gach rud as a chéile mar a bhí tuartha. Tugtar cuairteoirí thart ar shuíomhanna éagsúla an uafáis. Is cuimhin liom agus mé im’ ghasúr ag cloisteáil faoin ‘Mekong Delta’. Chuamar amach i gcurach bheag ar an inbhear sin.
Is cuimhin liom freisin an faitíos forleathan a bhí ann ag an am, maidir leis an gCumannachas. Bagairt dhomhanda a bhí ann, dúradh.
Dúradh go scaipfeadh an Cumannachas tríd an Áise ar fad, dá dtitfeadh Vítneam, dá dtarraingeodh na Meiriceánaigh amach. Ach mar a chonaic muid sa tsraith teilifíse, agus an cogadh fós ar siúl, thug an tUachtarán Richard Nixon cuairt oifigiúil ar an tSín agus bhain stangadh as an domhan mór ag an am céanna. Agus saighdiúirí agus sibhialtaigh fós á marú, bhí an tUachtarán ag cothú cairdis leis na Cumannaigh scanrúla.
I 1968 thug Arm Vítneam Thuaidh faoin ‘Tet Offensive’. Níor stop sé an cogadh ach bhain sé siar as gach éinne go raibh siad in ann a leithéid de ruathar ollmhór a chur sa tsiúl. Chuir sé leis an iarracht frithchogaidh a bhí ag bailiú nirt i Meiriceá ag an am. Bhí an pobal ar fad ag iarraidh go dtabharfaí na saighdiúirí abhaile.
Tháinig an iarracht sin rómhall d’fhear Bhealach an Doirín. Beagán le cois caoga bliain go ham seo – Márta 1967 – a bhásaigh Brian Óg i gcogadh fuilteach Vítneam. Bhásaigh os cionn 58,000 Meiriceánach san ár. Bhásaigh os cionn dhá mhilliún de phobal Vítneam sa gcogadh ach tá sé deacair teacht ar fhigiúr cruinn.
Tá balla cuimhneacháin Vítneam le feiceáil i gcathair Washington. Bhí an balla féin conspóideach go maith nuair a nochtadh den chéad uair é. Tá ainm gach saighdiúir Meiriceánach a fuair bás de bharr an chogaidh greanta air. Cuartaíonn tú an t-ainm i dtosach i leabhar atá leagtha i leataobh. Tugann sé sin suíomh an ainm ar an mballa duit.
Agus muid ar cuairt ar Washington le gairid, fuaireamar a ainm go héasca ar an mballa. Bernard Freyne a thug sé air féin i Meiriceá.
Dá mbeadh pabhsae sabhaircíní againn, d’fhéadfaimis iad a fhágáil ann in ómós dó.
Fág freagra ar 'Brian Óg, cogadh Vítneam agus Bealach an Doirín'