‘Codladh sámh i measc na n-aingeal a stóirín’ – pobal Mhaigh Eo croíbhriste ag bás Ben Duffy (5)

Deir an tAthair John Kenny, sagart paróiste Thuar Mhic Éadaigh, go bhfuil an pobal go léir ‘croíbhriste do mhuintir Uí Dhufaigh’ i ndiaidh bhás tragóideach Ben Duffy

‘Codladh sámh i measc na n-aingeal a stóirín’ – pobal Mhaigh Eo croíbhriste ag bás Ben Duffy (5)

Tá pobal Ghaeltacht Mhaigh Eo faoi scamall bróin i ndiaidh bhás tragóideach Ben Duffy, an buachaill cúig bliana d’aois a bádh i Loch Measca i dTuar Mhic Éadaigh Dé Luain.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an tAthair John Kenny, sagart paróiste Thuar Mhic Éadaigh, go raibh an pobal go léir “croíbhriste do mhuintir Uí Dhufaigh”.

“Is scéal uafásach ar fad é do chlann Uí Dhufaigh, do chairde Ben agus don cheantar ar fad. Tá muid go léir croíbhriste don chlann. Is teaghlach mór aitheanta iad muintir Uí Dhufaigh sa cheantar, is daoine iontacha iad, Alan agus Treacy, tuismitheoirí Ben. Tá muid ar fad anseo le tacaíocht a thabhairt dóibh,” a dúirt sé.

Dúirt an tAthair Kenny gur am “an-deacair” é don teaghlach, go háirithe agus na srianta agus an scaradh sóisialta i bhfeidhm.

“Níl bhíonn sé éasca ag aon am, ach tá sé an-dona ar fad i láthair na huaire.” 

Dúirt an tAthair Kenny paidreacha i dteannta an tslua a bhailigh ag Loch Measca oíche Dé Luain, an lá a ndeachaigh Ben ar iarraidh san uisce.

“D’fhan daoine cois locha ar feadh na hoíche in éineacht leis an teaghlach. Tháinig siad le chéile arís maidin inné ag seasamh agus ag guí le chéile go dtiocfaidís ar Ben. Bhí faoiseamh mór ann nuair a fuarthas Ben.”

Dúirt an tAthair Kenny gur “leanbh iontach é Ben”.

“Ba aige a bhí na súile is lonraí dá bhfaca tú riamh. Peata na clainne é.”

Léirigh Cumann Lúthchleas Gael Thuar Mhic Éadaigh a gcomhbhrón faoi bhás Ben i dteachtaireacht a chuir siad ar na meáin shóisialta agus iarradh ar dhaoine coinneal a lasadh agus a leagan ar leac fuinneoige i ngach teach i dTuar Mhic Éadaigh agus Partraí in ómós do Ben. 

“Tá ár gcroí briste. Codladh sámh i measc na n-aingeal a stóirín.”

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála tráthnóna Dé Luain ag a 6.30pm nuair a chuaigh an buachaill, arb as an gceantar dó, ar iarraidh san uisce.

Chuir an Garda Cósta, an Garda Síochána, oibrithe deonacha de chuid na seirbhíse Cosanta Sibhialta, Tarrtháil Uisce Loch Measca agus foireann tumadóirí as an áit tús leis an chuardach oíche Dé Luain agus tugadh faoi arís maidin inné ag 6am.

Thart ar 8.30am maidin inné a thángthas ar chorp Ben.

Ghlac héileacaptair de chuid an Gharda Cósta páirt sa chuardach chomh maith.

Tuairiscíodh gur thit Ben, an páiste is óige de chúigear, isteach san uisce i ndiaidh dó a bheith ag spraoi ar dhingí lena dheartháireacha, Matthew, Daniel agus Dolan agus a ndeirfiúr Dorothy.

Tuigtear go ndearna Matthew (11), an páiste is sine sa teaghlach, gach iarracht an bád a tharraingt ar ais ach gur thug sruth láidir an bád leis amach sa loch.

Tuigtear gur sheas Ben suas agus gur iompaigh an bád bomaití ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar '‘Codladh sámh i measc na n-aingeal a stóirín’ – pobal Mhaigh Eo croíbhriste ag bás Ben Duffy (5)'