Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?
An chéad Oireachtas is cuimhin liom ná Corcaigh 2008 más buan mo chuimhne. Chuir mé féin agus mo chol ceathrar Páid isteach ar na hagallaimh beirte le ‘Cóilín agus an Cigire Scoile’ agus thug muid linn an dara háit. Is dóigh liom, mura bhfuil dul amú orm, gur roinn muid an duais sin le Diarmuid agus Colm Ó Meachair ach d’fhéadfainn a bheith mícheart faoi sin.
An rud is fearr faoin Oireachtas?
Mo chuid cairde Gaelacha, nach bhfeicim an-mhinic i rith na bliana, a fheiceáil.
An rud is measa faoin Oireachtas?
Praghsanna na n-ollticéad nó lucht Béarla ag freastal ar chomórtais nach gcaitheann siad labhairt iontu (damhsa, ceol srl.)
Cill Airne arís?
Cinnte ach ní chuile bhliain
Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas.
Téigh chuig comórtas na sceitseanna
Club na Féile nó Corn Uí Riada?
Cén chaoi a bhféadfainn rud ar bith ach Corn Uí Riada a rá?
Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?
Ticéid in aisce do dhaoine atá ag iomaíocht sna comórtais (nó ar a laghad lascaine suntasach)
Céard is comhartha Oireachtas maith ann?
Oícheanta go maidin (gan araoid ar bith ón bhfoireann slándála)
Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?
Codladh amach, caife láidir agus feed mór maidin Dé Domhnaigh
Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?
Oireachtas 2023 mar gheall go raibh mé féin, mo dheirfiúr Adhna, mo mháthair Caitlín agus m’uncail Michael san iomaíocht i gCorn Uí Riada lena chéile (nó in aghaidh a chéile!).
Fág freagra ar '‘Codladh amach, caife láidir agus feed mór maidin Dé Domhnaigh a theastaíonn chun teacht slán ón Oireachtas’'