Clúmhilleadh – thar am an dlí a leasú

Baineann cuid mhór den míshuaimhneas faoi chúrsaí clúmhillte le costais dlí agus go háirithe leis na damáistí gan teorainn a bhronntar go minic ar ghearánaithe

Clúmhilleadh – thar am an dlí a leasú

Denis O'Brien. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Ní chuirfidh teideal an cholúin seo iontas ar mhórán. 

Ar ndóigh, ceapann iriseoirí go bhfuil an dlí a choinníonn smacht ar a saothar iomarcach. Ar ndóigh, teastaíonn maolú uathu ar na srianta agus ar na pionóis a chuirtear i bhfeidhm de réir dlí faoi láthair. Ar ndóigh, ní hionann míshásamh iriseoirí agus cás a chruthaíonn go bhfuil leasuithe riachtanach.

Ní foláir mar sin tagairt don athmhachnamh (ar a laghad) a shíl an rialtas a bhí riachtanach, agus an freasúra sa Dáil ar aon tuairim leo.

Is in 2014 a gheall an rialtas athbhreithniú oifigiúil ar an dlí a bhaineann le clúmhilleadh. Níor thosaigh an obair i gceart go dtí 2016, nuair a d’fhógair Frances Fitzgerald (a bhí ina haire dlí agus cirt) go mbeadh deis ag an bpobal a dtuairimí a chur chun a roinne go dtí deireadh na bliana sin.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, mí na Nollag 2018, thug Charlie Flanagan, a comharba san aireacht sin, le fios go gcríochnófaí an t-athbhreithniú i mí Aibreáin na bliana seo. Níor foilsíodh fós é.

Tá cumann na nuachtán náisiúnta (a bhaist ainm gránna nua ‘Newsbrands Ireland’ orthu féin tamall ó shin) ag áitiú ar an rialtas an tuairisc athbhreithnithe a fhoilsiú, is é sin má tá sí críochnaithe. Ba chóir na leasuithe, a deir siad a theastaíonn go géar, a thabhairt isteach gan mhoill.

Baineann cuid mhór dá míshuaimhneas le costais dlí agus go háirithe leis na damáistí gan teorainn a bhronnann giúiréithe go minic ar ghearánaithe.

Ní call do ghearánaí fianaise shubstaintiúil a chur faoi bhráid cúirte chun a éileamh go ndearna tuairisc a bhí bréagach nó míchruinn dochar mór dó a chruthú.

Breathnaíodh ar an gcás inar dhiúltaigh giúiré le gairid d’éileamh an fhir ghnó Denis O’Brien go ndearna an Sunday Business Post clúmhilleadh air mar bhua tábhachtach do nuachtán cróga. Ach bhí contúirt an cháis soiléir lena linn.

Dá n-aontódh an giúiré sa chás sin le Denis O’Brien, agus dá gceapfaidís go raibh damáistí móra (os cionn €2m, abair) tuillte aige, bheadh an nuachtán in éag faoin tráth seo.

Ceileann an dlí mar atá sé contúirt níos doimhne. Mura bhfoilsíonn nuachtán nó seirbhís nuachta ábhar a chuirfeadh as do dhaoine saibhre nó d’eagraíochtaí cumhachtacha, beidh siad slán ó bhuairt. Ach ní chun leasa an phobail riamh an t-aineolas.

Tá plean conspóideach leathanbhanda díreach foilsithe ag an Rialtas. Cá bhfios cé mhéad ábhar amhrais a thiocfaidh chun solais amach anseo maidir le maoiniú agus cur i bhfeidhm an phlean sin? Nó cé mhéad ceist a chuirfear arbh fhiú d’iriseoirí a iniúchadh agus a fhios acu go mb’fhéidir go gcuirfeadh na freagraí olc ar dhaoine mór le rá?

Teastaíonn leasú ar an gcóras reatha ionas gur pionóis réasúnta a ghearrfaí ar nuachtáin a fhoilsíonn tuairiscí a dhéanann éagóir shuntasach ar dhaoine. Teastaíonn leasú freisin a chosnóidh an t-iniúchadh a dhéanann iriseoirí chun leasa an phobail.

Fág freagra ar 'Clúmhilleadh – thar am an dlí a leasú'