Cluichí Leathcheannais Chorn na hEorpa: Lá na cinniúna do Chúige Mumhan agus Cúige Laighean

Oiread na fríde atá idir na Cúigí agus a gcéilí comhraic i mbabhta leathcheannais Chorn na hEorpa

Cluichí Leathcheannais Chorn na hEorpa: Lá na cinniúna do Chúige Mumhan agus Cúige Laighean

Pictiúr: INPHO/Byran Keane

Ó thaobh cluichí rugbaí idirchlubanna sa taobh seo den domhan, níl ach cluiche amháin níos mó ná cluichí leathcheannais Chorn na gCuradh atá linn an deireadh seachtaine seo agus sin é an cluiche ceannais féin a bheas á imirt faoi cheann trí seachtaine. 

Is léargas maith ar sheasamh rugbaí na tíre seo faoi láthair go bhfuil dhá chúige ag imirt sna babhtaí leathcheannais arís i mbliana.  Seo an dara séasúr as a chéile ar tharla seo.

Is iad na Laighnigh is túisce a bheas ag dul chun páirce inniu, iad ag cur fáilte roimh churaidh an Pro 12, na Scarlets ón mBreatain Bheag. Tá an t-ádh ar Chúige Laighean gur acu atá buntáiste imirt sa mbaile, bhuel ina gcathair féin ar aon chaoi. Tá na cluichí seo á n-imirt i Staid Aviva mar gur éirigh le Cúige Laighean an lámh in uachtar a fháil i chuile cheann de na seacht gcluiche a d’imir siad sa gcomórtas go dtí seo.  Cúig chluiche a bhuaigh na Scarlets. Mar sin féin, ní dóigh go mbeidh aon fhaitíos ar na Scarlets a bheith ag imirt i gcoinne na Laighneach, ná a bheith ag imirt i gcathair Átha Cliath ach oiread.

D’éirigh leo an ceann is fearr (27- 15) a fháil ar Chúige Laighean agus iad á n-imirt san RDS i gcluiche leathcheannais an Pro 12 anuraidh. Ní hamháin sin, tá sé chomh maith a rá go mbeidh Cúige Laighean ag imirt i gcoinne fhoireann na Breataine Bige mar gur ó fhoireann na Scarlets a tháinig dáréag imreoirí a d’imir do Warren Gatland i gcomórtas na Sé Náisiún i mbliana. Mar sin féin, is iad na Laighnigh rogha na coitiantachta sa choimhlint seo, ach creid uaimse é, ní bheidh tada éasca ag baint leis. Creideann go leor de lucht leanta rugbaí, mé féin ina measc, gur idir an dá fhoireann seo atá gradam churaidh chomórtas na bliana seo. Bí ag súil le cluiche crua, ceann a bheas thar a bheith fisiciúil. Tá mise ag tabhairt mo vóta d’fhoireann an bhaile, díreach mar gurb iad atá sa mbaile. Chaill siad i gcoinne Clermont ag an staid seo anuraidh, ach is sa bhFrainc a imríodh an cluiche sin. 

In Bordeaux na Fraince a bheas na Muimhnigh, foireann nach bhfuil ach díreach fillte abhaile ón Afraic Theas. Racing 92 an fhoireann a bheas ina gcoinne. D’imir na foirne seo a chéile faoi dhó cheana féin i gcomórtas na bliana seo. Bhí an lámh in uachtar ag foireann an bhaile sa dá chluiche sin. D’imir na foirne a chéile faoi dhó anuraidh freisin.  Bhí an lá le Cúige Mumhan sna cluichí sin. Fágann sin nach mbeidh aon fhaitíos ar na Muimhnigh roimh Racing ná roimh na himreoirí ar fad a bhfuil cáil dhomhanda orthu a bhíonn ag imirt leo, leithéidí an iar-All Black Dan Carter ná Donnacha Ryan na hÉireann. Is fiú a mheabhrú freisin nach bhfuil buntáiste imirt sa mbaile, ag Racing.  Níl de bhuntáiseacu ach gur ag imirt ina dtír féin a bheas siad. Tá neart scríofa roimhe seo faoi na deacrachtaí a bhíonn ag aon fhoireann ón bhFrainc nuair nach mbíonn siad sa mbaile.

Is cinnte go mbeidh na Muimhnigh ag iarraidh teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, ach beidh gá le níos mó ná sin. Caithfidh siad a bheith fisiciúil agus meon agus cur chuige a léiriú nach bhfaca muid rómhinic acu an séasúr seo. Mar sin féin, ní féidir an stair ná gaiscí na Mumhan agus iad ag imirt sa bhFrainc a chur as an áireamh.  

Fág freagra ar 'Cluichí Leathcheannais Chorn na hEorpa: Lá na cinniúna do Chúige Mumhan agus Cúige Laighean'