Cluichí cinniúnacha i gCiarraí ach obair le déanamh ag foirne Gaeltachta i nGaillimh, i nDún na nGall agus sa Mhí

Beidh foirne Gaeltachta ó cheithre chontae san iomaíocht i gcluichí craoibhe an deireadh seachtaine seo

Cluichí cinniúnacha i gCiarraí ach obair le déanamh ag foirne Gaeltachta i nGaillimh, i nDún na nGall agus sa Mhí

Steven Ó Conchúir (An Ghaeltacht). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ciarraí

Tá craobhacha na gclubanna i gCiarraí ag dul i ndéine an deireadh seachtaine seo agus na babhtaí leathcheannais agus ceathrú ceannais le himirt i ngráid shinsir agus idirmheánacha. 

Beidh foirne ó Chorca Dhuibhne agus Daingean Uí Chúis agus An Ghaeltacht ag dul chun páirce i gcluichí tábhachtacha.

Sa Chraobh Idirmheánach, beidh fir na Gaeltachta ag iarraidh teacht slán ó na babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh cliseadh ag an gcéim seo den chomórtas le dhá bhliain anuas. Is in aghaidh Ghníomh go Leith a bheidh foireann Mhichíl Uí Shé tráthnóna agus is buntáiste mór dóibh go mbeidh an cluiche á imirt ar a bpaiste féin i nGallaros.

Níor chuir an Ghaeltacht tús rómhaith leis an gcraobh is chlis orthu in aghaidh Ghleann Bheithe-Gleann Chárthaigh ach rinne siad téarnamh láidir agus fuair buanna maithe in aghaidh Chill Chuimín agus Dheasúnaigh Oileán Ciarraí. Tá Gníomh go Leith ag cruthú go maith ó tháinig siad as grád na sóisear anuraidh. Mar sin féin beidh an Ghaeltacht dóchasach faoi ardú céime ó tharla Brian Ó Beaglaoich, Éanna Ó Conchúir, Dara Ó Sé agus Rob Ó Sé ag déanamh go maith dóibh.

Ba in 2019 a bhain an Ghaeltacht cluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí amach go deireadh ach fuair An Teampall Nua an ceann is fearr orthu an lá sin. Tá fir Chiarraí Theas anois i measc bhoic mhóra na príomhchraoibhe agus is i gcoinne an Daingin a bheidh siadsan i gcluiche leathcheannais inniu.

Bhuaigh an Daingean Roinn 1 na sraithe i mbliana ach tá obair le déanamh acu más leo an ceann is fearr a fháil ar an Teampall Nua agus ar mhuintir Spillane agus Crowley, cnámh droma na foirne. Níl aon easpa cumais ar an Daingean ach an oiread, idir mhuintir Geaney agus na Súilleabhánaigh atá ar an bhfoireann. Thug George Durrant an-taispeántas uaidh in aghaidh Neidín an tseachtain seo caite agus beidh buachaillí an Daingin ag iarraidh filleadh ó Chiarraí Theas anocht agus bua eile acu.

Is sna babhtaí dícháilithe sa Chraobh Idirmheánach a bheidh Piarsaigh na Dromad inniu. Foireann eile ó Chiarraí Theas, Naomh Muire, a bheidh ina gcoinne agus cluiche ceannais dícháilithe rompu mura n-éiríonn leo.

Dé Sathairn, an 27 Lúnasa

Craobh Shinsir Peile

An Teampall Nua v Daingean Uí Chúis – An Teampall Nua, 6pm

Craobh Idirmheánach Peile

Naomh Muire v Piarsaigh na Dromad – An Coireán, 6pm

Dé Domhnaigh, an 28 Lúnasa

Craobh Idirmheánach

An Ghaeltacht v Gníomh go Leith – Gallaras, 2.30pm

Gaillimh

Táthar beagnach leath bealaigh trí bhabhtaí na ngrúpaí sa Chraobh Shinsir Peile i nGaillimh faoin tráth seo agus cúpla cluiche idir foirne Gaeltachta le bheith ann an deireadh seachtaine seo.

Ar dtús, tabharfaidh An Cheathrú Rua agus Bearna aghaidh ar a chéile i Staid an Phiarsaigh amárach. Bhí bua maith ag Bearna ar Naomh Séamus sa bhabhta deireanach ach tá bua ag teastáil go géar ón gCeathrú Rua leis na babhtaí dícháilithe a sheachaint.

Tá pointí de dhíth ar An Spidéal agus ar Naomh Anna, Leitir Móir i nGrúpa 1 freisin agus beidh na foirne sin in aghaidh a chéile i mBóthar na Trá amárach. Grúpa an-deacair é seo agus ó thús na craoibhe bheadh an dá fhoireann ag díriú ar an gcluiche seo mar dheis le bua tábhachtach a fháil.

Tráthnóna a bheidh an fhoireann Ghaeltachta eile atá sa chomórtas ag imirt agus Maigh Cuilinn ag tabhairt aghaidh ar Chora Finne. Meastar iad seo a bheith i measc na bhfoirne is fearr sa chomórtas agus thabharfadh bua inniu an-mhuinín do pé dream a n-éireoidh leo.

Sa Chraobh Idirmheánach, bhí a ndara gcluiche ag peileadóirí Mhicheál Breathnach aréir nuair a thug siad aghaidh ar Naomh Breandán agus inniu, imreoidh Oileáin Árann in aghaidh Áth Cinn agus seans ag na hoileánaigh áit sna babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach. Beidh an dara foireann ag Maigh Cuilinn ag imirt in aghaidh Ghleann na Madadh amárach.

Dé Sathairn, an 27 Lúnasa

Craobh Idirmheánach Peile

Oileáin Árann v Áth Cinn – Baile Átha an Rí, 2.15pm

Craobh Shinsir Peile

Maigh Cuilinn v Cora Finne – Staid an Phiarsaigh, 6.30pm

Dé Domhnaigh, an 28 Lúnasa

Craobh Shinsir Peile

Bearna v An Cheathrú Rua – Staid an Phiarsaigh, 1.30pm

An Spidéal v Naomh Anna, Leitir Móir – Staid an Phiarsaigh, 3.15pm

Craobh Idirmheánach Peile

Maigh Cuilinn v Gleann na Madadh – Baile Átha an Rí, 1.45pm

Dún na nGall

Imreofar an tríú babhta de Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo agus Gaoth Dobhair agus Chill Charthaigh ar phéire de na foirne atá ag iarraidh a dtríú cluiche as a chéile a bhuachan.

Is ar Pháirc Mhachaire Gathlán a bheidh Gaoth Dobhair ag dul chun páirce tráthnóna amárach in aghaidh fir Bhealach Féich, Seán Mac Cumhaill. Tá cuid mhaith den fhoireann a bhuaigh craobh an chontae in 2018 ar iarraidh ar Ghaoth Dobhair ach tá tús maith curtha acu leis an bhfeachtas mar sin féin.

Is annamh go mbíonn aon trioblóid ag Cill Charthaigh chomh luath seo sa chraobh agus bhuaigh siad an dá chluiche a bhí acu go dtí seo gan mórán stró. Is in aghaidh Ard an Rátha, atá fós gan aon phointe, a bheidh siad amárach.

Foireann eile atá fágtha gan aon bhua tar éis dhá chluiche is ea Cloich Cheann Fhaola. Beidh seaimpíní idirmheánach na bliana seo caite in aghaidh churaidh shinsir 2021, Naomh Adhamhnán, i gcluiche crua inniu.

I measc na gcluichí eile a mbeidh foirne Gaeltachta ag imirt iontu amárach, beidh Gleann Fhinne in aghaidh Ghleann tSúilí, beidh Naomh Conaill in aghaidh Naomh Micheál agus Naomh Náille in aghaidh Aodh Ruadh as Béal Átha Seanaidh.

Sa Chraobh Idirmheánach, tá babhta cinniúnach cluichí ann chun áiteanna sna cluichí ceathrú ceannais a shocrú. As na foirne Gaeltachta, tá An Clochán Liath agus An Tearmann cinnte d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais agus seans maith freisin ag Naomh Columba agus Na Dúnaibh. D’fhéadfadh Naomh Muire, Íochtar na Rosann agus Gaeil Fhánada an chéad bhabhta eile a bhaint amach freisin chomh fada is nach gcaillfidh siad a gcluichí tráthnóna.

Dé Sathairn, an 27 Lúnasa

Craobh Shinsir Peile

Naomh Adhamhnán v Cloich Cheann Fhaola – Páirc Uí Dhomhnaill, 1.30pm

Craobh Idirmheánach Peile

Gaeil Fhánada v An Bheart- Páirc Uí Shiail, 7pm

An Clochán Liath v Naomh Muire, Íochtar na Rosann – An Clochán Liath, 7pm

An Tearmann v Málainn – An Tearmann, 7pm

Naomh Bríd v Na Dúnaibh – Páirc Naomh Bríd, 7pm

Naomh Columba v Bun Cranncha – Páirc na nGael, 7pm

Dé Domhnaigh, an 28 Lúnasa

Craobh Shinsir Peile

Aodh Ruadh v Naomh Náille – Páirc an Athar Uí Thiarnaigh, 1.30pm

Naomh Micheál v Naomh Conaill – Naomh Micheál, 2pm

Gleann tSúilí v Gleann Fhinne – Gleann tSúilí, 2pm

Cill Charthaigh v Ard an Rátha – Cill Charthaigh, 3pm

Gaoth Dobhair v Seán Mac Cumhaill – Gaoth Dobhair, 4.30pm

An Mhí

Bainfidh Clann na nGael áit amach i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh Shinsir Iomána na Mí chomh fada is nach gcaillfidh siad in aghaidh Chill Liatháin tráthnóna. Tá Clann na nGael ar bharr Ghrúpa B i láthair na huaire théis dóibh trí chluiche as ceithre cinn a bhuachan ach tá toradh maith ag teastáil chun a chinntiú go mbeidh siad fós sa chraobh anocht. D’aimsigh Éamon Ó Donnachadha trí chúl sa chluiche a bhuaigh siad ar Mhuileann an Chláir sa bhabhta deireanach agus chuideodh taispeántas eile mar sin go mór leo inniu.

Dé Sathairn, an 27 Lúnasa

Craobh Shinsir Iomána

Cill Liatháin v Clann na nGael – Cill Dealga, 6.30pm

Fág freagra ar 'Cluichí cinniúnacha i gCiarraí ach obair le déanamh ag foirne Gaeltachta i nGaillimh, i nDún na nGall agus sa Mhí'