Cluiche mór don Bhreatain Bheag agus deis eile cumas na nIodálach a mheas

Agus tús á cur leis an dara babhta cluichí ag EURO 2020 inniu, caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar choimhlintí an lae

Cluiche mór don Bhreatain Bheag agus deis eile cumas na nIodálach a mheas

An Fhionlainn v An Rúis – 2pm

Bhain an eachtra scanrúil a tharla do Christian Eriksen an mhaith as céad chluiche na Fionlainne ag mórchomórtas sacair agus is beag cuimhne a bheidh ag daoine ar chúl Joel Pohjanpalo ná ar bhua na foirne amach anseo.

Ar an dea-uair, tá Eriksen tagtha slán agus beidh an Fhionlainn in ann díriú ar an gcomórtas arís agus áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile, éacht atá faoi lámh acu anois tar éis dóibh an Danmhairg a shárú.

Níor cheart go gcuirfeadh na Rúisigh aon fhaitíos ar an bhFionlainn ach an oiread. Rinne an Bheilg scrios ar fhoireann Stanislav Cherchesov ag an deireadh seachtaine agus beidh an slua i gCathair Pheadair anocht ag súil le taispeántas i bhfad níos fearr.

Tá a fhios ag na Rúisigh ón stair nach ngéilleann an Fhionlainn go héasca agus d’fhéadfadh go mbeidh siad i sáinn eile faoi dheireadh chluiche na hoíche anocht.

An Tuirc v An Bhreatain Bheag – 5pm

Cluiche thar a bheith tábhachtach é an ceann seo don Tuirc agus don Bhreatain Bheag.

Cé gur éirigh leis an mBreatain Bheag comhscór a fháil i gcoinne na hEilvéise, caithfidh na Breatnaigh an ceann is fearr a fháil ar an Tuirc tráthnóna nó beidh gach seans ann go mbeidh orthu an bua a fháil ar fhoireann na hIodáile Dé Domhnaigh beag seo. Má bhuann an Iodáil anocht, d’fhéadfadh siad scíth a thabhairt d’imreoirí, mar a tharla i gcoinne na hÉireann in 2016, ach b’fhiú don Bhreatain Bheag an beart a dhéanamh.

Bhí siad faoi chois den chuid is mó i gcoinne na hEilvéise agus beidh ar Gareth Bale imirt níos fearr más leo a bheith chun cinn inniu.

Bhí daoine ag súil le taispeántas i bhfad níos fearr ón Tuirc sa chluiche in aghaidh na hIodáile Dé hAoine seo caite ach i mbun cosanta ar a gcúl féin a bhí siad formhór na hoíche. An chorruair a raibh seilbh na liathróide acu, níor éirigh leo mórán a dhéanamh léi.

Is ag an Tuirc atá an scuad is óige ag EURO 2020 agus níor mhór do Burak Yilmaz a thaithí a léiriú má tá siad chun teacht slán.

An Iodáil v An Eilvéis – 8pm

Nuair is lú clú agus cáil ar fhoireann na hIodáile, is mó seans go n-éiríonn go maith leo i gcomórtas. Nuair a bhí daoine ag roghnú buaiteoirí an chomórtais seo, is beag duine a roghnaigh an Iodáil ach léiríodar an cumas atá san fhoireann sa chéad chluiche agus bua den scoth faighte acu ar an Tuirc.

Bhí na hIodálaigh ina máistrí ar an Tuirc i gcaitheamh na hoíche agus b’fhearr fós mar thaispeántas é nuair a chuimhnítear nár imir Marco Verratti, b’fhéidir an t-imreoir is fearr atá acu, oiread agus nóiméad amháin den chluiche.

Tabharfaidh an dá chúl a scóráil Ciro Immobile an-mhisneach dó agus is cinnte go mbeidh sé ag súil le ceann nó péire eile a fháil anocht in aghaidh na hEilvéise.

Tá meascán iontach ar fhoireann na hIodáile, idir sheanfhondúirí, ógánaigh agus imreoirí atá i mbarr a maitheasa, agus má bhíonn an Iodáil chomh maith céanna inniu, beidh leo.

Ar an taobh eile, beidh díomá ar an Eilvéis nár éirigh leo an Bhreatain Bheag a chur de dhroim seoil ag an deireadh seachtaine. Bhí na seansanna ab fhearr sa chluiche acu ach níor éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar chúl báire na Breataine Bige, Danny Ward, ach aon uair amháin.

Chuaigh rudaí ó mhaith nuair a baineadh Xherdan Shaqiri den pháirc agus beagnach 30 nóiméad fágtha sa chluiche sin ach beidh coisíocht fhear Liverpool ag teastáil nuair a bheidh an Eilvéis ar an bhfrithionsaí anocht.

Fág freagra ar 'Cluiche mór don Bhreatain Bheag agus deis eile cumas na nIodálach a mheas'