Cluiche mór ag Corcaigh, teacht aniar ag teastáil ó Mhuineachán agus Ard Mhacha

Caitheann Tuairisc súil ar na cluichí móra i gCraobh Peile na hÉireann inniu, chomh maith leis an gcoimhlint idir Áth Cliath agus Ros Comáin i bPáirc an Chrócaigh amárach

Cluiche mór ag Corcaigh, teacht aniar ag teastáil ó Mhuineachán agus Ard Mhacha

Ian Maguire. Pictiúr: INPHO/Natasha Barton

Dé Sathairn, 27 Bealtaine

Lú v Corcaigh
Páirc Tailteann, 3.00in

Agus Maigh Eo agus Ciarraí sa ghrúpa céanna le Corcaigh agus contae Lú, shamhlófá gur idir an dá fhoireann seo atá an comórtas don tríú háit i nGrúpa 1 agus áit sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais. Fágann sin gurb é cluiche an lae inniu an cluiche mór ag an dá fhoireann.

Théis dóibh feachtas maith sraithe a bheith acu agus dul chomh fada le cluiche ceannais Laighean, beidh díomá ar Mickey Harte agus imreoirí Lú gur buaileadh greadadh chomh dona sin orthu in aghaidh Átha Cliath cúpla seachtain ó shin. Chlis go hiomlán ar chiceanna amach na foirne sa chéad leath agus faoin am go raibh an fhadhb réitithe acu, bhí an cluiche thart mar choimhlint.

Chuirfí ó mhaith go leor den obair a rinneadh i mbliana dá gcaillfí cluiche eile agus beifear ag súil go dtiocfaidh slua mór ón Lú go dtí Páirc Tailteann inniu chun tacú leis an bhfoireann. Tá imreoirí cumasacha ar an bhfoireann go fóill, an tosach Sam Mulroy ar an duine is fearr acu, agus bhuaigh Lú ar Chorcaigh sa tsraith cúpla mí ó shin, rud a thabharfaidh misneach dóibh.

Tá Corcaigh ag fanacht le fada ar a seans lena mianach a léiriú tar éis dóibh cliseadh in aghaidh an Chláir i gCraobh na Mumhan ag tús mhí Aibreáin. Drochlá ceart a bhí ansin d’fhoireann John Cleary agus ba cheart go mbeadh na himreoirí lán le brí san Uaimh inniu.

Dea-scéal do Chorcaigh é go bhfuil Brian Hurley ar fáil arís agus filleadh mhac Uí Mhuirthile i measc roinnt athruithe atá déanta ag Cleary ar an bhfoireann a chaill in aghaidh an Chláir. Má éiríonn le leithéidí Hurley, Mattie Taylor agus Seán Powter dul i bhfeidhm ar an imirt, beidh seans ag Corcaigh ach tá a fhios acu go maith nach ligfear tada leo go héasca.

Ard Mhacha v An Iarmhí
Páirc Lúthchleasaíochta, 4.45in (Beo ar GAAGo)

Briseadh croí a bhí i ndán dóibh i gcluiche ceannais Uladh ach thabharfadh bua inniu ugach d’Ard Mhacha arís agus seans maith ann gurb é sin a bheidh acu in aghaidh na hIarmhí.

Is a bhuí dá mbua i gCorn Tailteann anuraidh atá áit bainte amach ag an Iarmhí sa chuid seo de Chraobh na hÉireann ach is beag atá imithe i gceart d’fhoireann peile an chontae ón mbua sin ar an gCabhán. Beidh díomá orthu leis an gcaoi ar imir siad i rith an earraigh, nuair a chríochnaigh siad sa cheathrú háit i Roinn 3 na sraithe. Fuair contae Lú an ceann is fearr orthu ansin ina gcéad chluiche i gCraobh Laighean.

Tá Ard Mhacha cúpla céim chun tosaigh ar aon fhoireann atá imeartha ag an Iarmhí le bliain anuas. An t-aon seans atá ag na Laighnigh ná má bhíonn na hUltaigh fós in ísle brí i ndiaidh an chluiche ceannais in aghaidh Dhoire agus is é an príomhchúram atá ar Kieran McGeeney ná a imreoirí a ghríosú chun catha arís.

Doire v Muineachán
Páirc na gCeilt, 7.00in (Beo ar GAAGo)

Seans gur fhág an chonspóid uile a bhain le Rory Gallagher roimh chluiche ceannais Uladh nach raibh an oiread sin ceiliúrtha ag baint le bua Dhoire ar Ard Mhacha cúpla seachtain ó shin, ach tuigeann siad freisin go bhfuil obair thábhachtach fós le déanamh má tá an fhoireann chun barr a cumais a bhaint amach. Gaisce iontach a bhí i mbua na foirne in Ulaidh anuraidh ach beidh na himreoirí anois dírithe ar Chraobh na hÉireann a bhaint amach.

Tá cúige Uladh go mór sa treis i nGrúpa 4 agus Dún na nGall, Doire agus Muineachán uile le cheile, chomh maith le contae an Chláir. Seans go bhfeilfidh sin Muineachán, a bhfuil teipthe orthu barr a maitheasa a bhaint amach taobh amuigh den chúige le blianta beaga anuas. Beifear freisin ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic inniu tar éis do Dhoire iad a shárú i mbabhtaí leathcheannais Uladh an mhí seo caite. Ach léirigh an cluiche sin an bhearna atá idir na foirne i láthair na huaire agus Doire i bhfad róláidir do Mhuineachán.

Cinnte, ní féidir le foireann Vinny Corey an tsaoirse chéanna a thabhairt do leithéidí Shane McGuigan, Brendan Rogers agus Conor Glass agus má tharlaíonn sin arís, ní bheidh fir Bhreifne in ann ag Doire.

Dé Domhnaigh, 28 Bealtaine

Con O’Callaghan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Áth Cliath v Ros Comáin
Páirc an Chrócaigh, 4.00in (Beo ar GAAGo)

Dá mbeadh an cluiche seo ann i lár an earraigh, tráth a raibh Ros Comáin ar mhuin na muice i Roinn 1 agus Áth Cliath ag treabhadh leo i Roinn 2, bheadh na Connachtaigh ag dul go Páirc an Chrócaigh amárach lán de mhuinín. Tá cuid mhaith athraithe ó shin, áfach.

Is iad Áth Cliath rogha na coitiantachta ag go leor daoine anois chun Craobh na hÉireann a bhuachan tar éis dóibh Craobh Laighean a thabhairt leo go héasca. Níor chóir d’aon duine dul thar fóir faoi na buanna ar Laois, Cill Dara agus Lú, ach tá an chuma ar fhir na príomhchathrach go bhfuil siad cuid mhaith níos fearr ná mar a bhíodar anuraidh. B’fhéidir go mbeadh tamall ann sula ndéanfar scrúdú ceart orthu, áfach.

Chríochnaigh Ros Comáin sa tríú háit i Roinn 1 sa deireadh, gaisce iontach d’fhoireann a bhain an t-ardú céime amach ó Roinn 2 an bhliain roimhe, ach léirigh na trí chluiche as a chéile a chaill siad i lár an fheachtais go bhfuil obair fós le déanamh ag Davy Burke. Beidh an-díomá orthu leis an taispeántas a thug siad in aghaidh na Gaillimhe i gcluiche leathcheannais Chonnacht nuair a theip orthu aon bhrú a chur ar na Gaillimhigh seachas le linn tréimhse deich nóiméad amháin sa dara leath.

Beidh ar mhuintir Daly, Smith agus Murtagh imirt ar fheabhas in aghaidh Átha Cliath agus na fir timpeall orthu a spreagadh mar má thugann Ros Comáin deis dá gcéilí comhraic ceannas a fháil ar an imirt, beidh siad i dtrioblóid mhór.

Fág freagra ar 'Cluiche mór ag Corcaigh, teacht aniar ag teastáil ó Mhuineachán agus Ard Mhacha'