Cluiche ceannais oscailte ar luas lasrach ag teastáil ó Chorcaigh chun an bhrionglóid a fhíorú

Anois tá an traenáil críochnaithe, na teaicticí ullamh, an dísle caite agus an bhrionglóid fós beo sa dá champa

Cluiche ceannais oscailte ar luas lasrach ag teastáil ó Chorcaigh chun an bhrionglóid a fhíorú

Nuair a shéid an réiteoir Michael Kennedy an fheadóg i bPáirc an Bhreathnaigh le críoch a chur leis an gcéad chluiche craoibhe ag Corcaigh, Port Láirge 2-25 agus Corcaigh 1-25 a bhí ar chlár na scór. Bhíomar thar a bheith díomách anseo cois Laoi. Seachtain ina dhiaidh sin bhí 3-26 ag an gClár agus 3-24 ag Corcaigh.

Bhí gach cuma ar an scéal go raibh séasúr eile thart agus ár n-iománaithe ar an dtrá fholamh i gCúige Mumhan don dara bliain i ndiaidh a chéile. Ach tharla an rud nach raibh súil leis agus bhuadar ar Luimneach i mbabhta a trí agus ó shin i leith níl aon chluiche caillte acu. An deireadh seachtaine seo táimid ag taisteal inár mílte chuig an ardchathair (le ticéidí nó gan ticéidí) agus sinn lán de mhuinín agus dea-mhéin.

Nuair a thosnaigh Corcaigh amach an tráthnóna úd i bPort Láirge bhí cúigear a thosnaigh sa cluiche sin nach bhfuil ag tosnú ar an Domhnach agus duine amháin (Seán Twomey) nach raibh fiú ar an bpainéal don chluiche leathcheannais.

Agus ní raibh aon duine den chúigear sin gortaithe do na cluichí áirithe sin. I mo thuairim tharla ceann des na hathruithe is tábhachtaí nuair a bhí gortú ag cur as d’uimhir a sé, Ciarán Joyce agus gan é ábalta imirt i gcoinne Thiobraid Árann. Roghnaíodh Rob Downey ag uimhir a sé agus tá sárjab déanta aige ansin ó shin. D’imir Joyce ar an gcliathán sa líne leathchúil an lá deireanach agus bhí sé ar a chompord ann.

Anois tá an traenáil críochnaithe, na teaicticí ullamh, an dísle caite agus an bhrionglóid fós beo sa dá champa. Creid é nó ná creid tá Corcaigh mar rogha ag na geallghlacadóirí ach níl aon dabht i mo cheann ach go gceapann Brian Lohan agus a chuid imreoirí go bhfuil gach seans acusan. Agus dar ndóigh, tá.

Sa chluiche deireanach a bhí eatarthu bhí Corcaigh dhá chúilín chun tosaigh ag leath ama agus i ndiaidh trí nóiméad den dara leath bhí farasbarr de sheacht gcúilín acu. Caithfidh go raibh mórán smaointe diúltacha i gceann Lohan ag an bpointe sin, go háirithe agus iad i ndiaidh farasbarr naoi gcúilín a chailliúint i gcoinne Luimnigh an Domhnach roimhe sin.

Ach tharraing an Clár iad féin ar ais ó imeall na haille le cúl Mark Rodgers agus bronnadh cárta dearg tamall beag ina dhiaidh sin ar fhear cúinne Chorcaí Seán O’Donoghue. Bhí an-chríoch leis an gcluiche agus ag an deireadh na Cláirínigh a bhí ag ceiliúradh.

Amárach rachaidh an dá chontae chun páirce lán de mhuinín. Tuigeann Corcaigh go gcaithfidh siad an sliotar a choimeád as lámha draíochta Shane O’Donnell. Tuigeann siad gur féidir le Tony Kelly cluiche a stiúradh ina aonar, beagnach, cé nach bhfuil sé sin déanta go fóill aige i mbliana. Tuigeann siad an cumas atá i Mark Rodgers agus Aidan McCarthy agus an neart atá ag David FitzGerald agus Diarmuid Ryan.

Dar ndóigh beidh an Clár ag déanamh a seacht ndícheall an fhoinse a dhúnadh síos ag dul isteach go dtí Hayes, Connolly agus Patrick Horgan sa líne lántosach. Beidh siad ag iarraidh tionchar Shane Barrett agus Darragh Fitzgibbon a laghdú.

Más aon tslat tomhais é an cluiche deireanach eatarthu ní bheidh mórán idir na foirne. Beidh cluiche oscailte againn agus é á imirt ar luas lasrach agus ardráta scórála ag teastáil ó Chorcaigh. Ach ag an bpointe seo d’fhorbairt fhoireann an Cláir is dócha gur féidir leo déileáil le haon sórt teaicticí.

Táim ag súil le cluiche a chríochnóidh le scór ard agus ag an deireadh go mbeidh Corcaigh cúilín aonair gleoite amháin chun tosaigh.

Focal Scoir: Mar a tharla anuraidh beidh an Sunday Game á thaispeáint trí mheán na Gaeilge ag RTÉ. Beidh anailís  roimh an gcluiche ag leatham agus i ndiaidh an chluiche agus, dar ndóigh, an cluiche á chraoladh beo. Anuraidh is beag  fógraíocht in aon chor a deineadh air agus, is dócha, dá bharr sin nach raibh a fhios ag cuid mhaith Gaeilgeoirí a leanann an iomáint go raibh an deis seo á tairiscint dóibh. Súil agam go n-inseofar an dea-scéala níos fearr roimh ré i mbliana.

Fág freagra ar 'Cluiche ceannais oscailte ar luas lasrach ag teastáil ó Chorcaigh chun an bhrionglóid a fhíorú'

  • JP

    Ní fé bhráid na gcluichí craoibhe amháin a chuirtear ar fáil é, bíonn sé ann do na réamhchluichí chomh maith.
    Más maith is mithid.
    Cliceáil ar ‘audio’ agus scroláil síos dtí ‘rogha’ -Gaeilge.
    An-simplí.
    Ní raibh fhios agam dada ina thaobh seo nó gur luaigh an láithreoir mná é uair amháin.
    Coimeádadh fé rún é, geall leis.
    Tá Brian Tyers ar fheabhas an tsaoil ach ní hé a bhíonn ann i gcónaí, faraoir.
    Uaireanta eile éistím le tráchtairí RnaG chun ná beinn im bodhradh féin ag na ‘tráchtairí’ Béarla.
    Cancarán ceart!