Rialacha nua ag teastáil sa chamógaíocht
Bhí críoch chonspóideach le cluiche ceannais an lae inné agus cúilín an bhua faighte ag Orla Cotter ó bhuille saor in am cúitimh. Ní raibh bainisteoir Chill Chainnigh, Ann Downey, sásta ar chor ar bith le cinneadh an réiteora Eamon Cassidy an poc saor a bhronnadh ar Cotter, ná le cúpla cinneadh eile a rinne sé le linn an chluiche.
Rinneadh an-chuid cainte faoi thaispeántas Cassidy agus measadh gur mhill sé an cluiche leis na pocanna saora uilig a bhronn sé ar na foirne. Bheadh trua agat don réiteoir áfach mar, de réir rialacha na camógaíochta, ní ceadmhach gualainn a thabhairt d’imreoir ná go deimhin mórán teagmhála ar chor ar bith a dhéanamh le himreoir. Seans go gcaithfear athrú a dhéanamh air sin.
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag foirne amhail Corcaigh agus Cill Chainnigh le blianta beaga anuas ó thaobh na haclaíochta de agus dúirt captaen Chorcaí Aoife Murray agus bainisteoir na foirne Paudie Murray araon gur ghá rialacha nua a thabhairt isteach chun go mbeadh sí níos cosúla leis an iomáint.
Cinnte, tá athruithe éigin ag teastáil. Idir an chonspóid a bhain leis na pocanna saora agus an stíl chosantach a bhíonn á cleachtadh ag foirne anois, d’fhéadfaí feabhas mór a chur ar an gcamógaíocht mar spórt. Is iontach an rud é go raibh níos mó daoine i láthair ag cluiche ceannais an lae inné ná a bhí ag aon chluiche ceannais camógaíochta eile ó 2004, ach má leanann cúrsaí ar aghaidh ar an gcaoi chéanna, beidh sé deacair slua chomh mór sin a mhealladh amach anseo.

Briege Corkey agus Rena Buckley ar comhchéim arís
Ceann de na rudaí ab iontaí faoi bhua Chorcaí ná go ndearna siad an beart gan Rena Buckley. Ba í Buckley captaen na foirne anuraidh agus bhuaigh sí gradam Imreoir na Bliana in 2017, ach d’éirigh sí as an imirt ó shin. Ní raibh an chuma ar Chorcaigh gur chuir imeacht Buckley as rómhór dóibh agus Craobh na hÉireann tugtha leo arís.
Ní hí Buckley an t-aon imreoir a bhfuil 18 bonn uile-Éireann buaite aici níos mó ach an oiread. Cé nár imir sí i bPáirc an Chrócaigh inné, d’fhág bua Chorcaí go bhfuil an 18ú bonn anois buaite ag Briege Corkery chomh maith.
Thóg Corkery sos ón imirt idirchontae ag deireadh 2016, rud a d’fhág gur chaill sí amach ar chraobh na bliana seo caite, ach tháinig sí ar ais i mbliana in am don chluiche leathcheannais in aghaidh Thiobraid Árann.
Léiriú ar a tiomantas do chúis Chorcaí é gur tháinig sí isteach mar ionadaí sa chluiche sin cúig mhí tar éis di leanbh a bheith aici. Cá bhfios ach go mbeidh sí ar ais an bhliain seo chugainn arís agus í ag iarraidh an 19ú bonn a fháil.
Coimhlint ghéar eile idir Corcaigh agus Cill Chainnigh
Mar ar tharla i gcluiche ceannais na bliana seo caite, d’éirigh le Corcaigh an ceann is fearr a fháil ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais na hÉireann nuair a fuair siad scór agus an t-am nach mór caite. Ba í Orla Cotter a rinne an beart i mbliana, agus Julia White a fuair scór déanach na cinniúna anuraidh.
Bhí coimhlint dhochreidte ann idir an dá chontae le cúpla bliain anuas agus iad i bhfad chun cinn ar bheagnach gach foireann eile sa tír. Tá aghaidh tugtha acu ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann trí bliana as a chéile anois agus d’imir siad a chéile i gcluiche ceannais na sraithe faoi dhó le cúpla bliain anuas chomh maith.
Chas siad ar a chéile seacht n-uaire san iomlán ó thús 2016 agus ní raibh eatarthu ach aon phointe amháin i gcúig cinn de na seacht gcluiche sin. B’fhéidir nach mbíonn na cluichí eatarthu lán aicsin i gcónaí, ach bíonn siad dian agus crua.
Bliain iontach d’fhoirne Chorcaí
Ní hamháin go raibh an bua ag foireann shinsir Chorcaí ach thug Corcaigh leo an Chraobh Idirmheánach i bPáirc an Chrócaigh inné chomh maith. Bua seacht bpointe a bhí acu ar chontae an Dúin, 1-13 in aghaidh 0-9, agus Corn Mhic Craith buaite acu den chéad uair ó 2006.
Bhain Corcaigh an cluiche ceannais amach cúig huaire ó 2006 i leith, agus chaill siad gach ceann acu seachas ceann a lae inné. I ndiaidh cluichí athimeartha a chaill siad trí cinn acu sin, ach d’éirigh leo faoi dheireadh an beart a dhéanamh inné.
D’aimsigh Caitríona Collins 1-6 do Chorcaigh inné agus bhí tábhacht nach beag ag baint lena cúl 20 nóiméad roimh dheireadh na himeartha, scór a d’fhág go raibh farasbarr sé phointe na Muimhnigh.
Bliain den scoth mar sin d’fhoirne camógaíochta Chorcaí agus Craobh Mhionúir na hÉireann tugtha leo acu níos luaithe i mbliana, chomh maith leis an dá chraobh a bhuaigh siad inné.
Carraig
Mo ghraidhin sibh a bhéithe Chorcaí!