Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
Déan iarracht an logainm a luaitear sa chéad líne a scríobh síos go cruinn.
Cén fáth a luaitear an logainm sin?
Cé a bhí fágtha sa leaba?
Céard a bhí i gceist le ‘seid na rothar’ meas tú?
Céard nach bhféadfadh aon duine a shamhlú an uair sin?
Cén casadh aisteach a tharla sa scéal le cúpla bliain anuas?
Déan an abairt thíos a chur san ord ceart: agus cathracha Ní le trácht. shamhlódh éinne go go mbeadh bailte dtiocfadh an lá na tíre plúchta
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
Éist leis an gcéad dhá abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
Éist leis an abairt arís más gá.
Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
Éist leis an dá abairt dheireanacha arís. Aimsigh sampla don bhriathar saor san aimsir chaite agus sampla d’aidiacht.
An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
Seo thíos píosa eile den alt.
Ag obair le do pháirtí déanaigí iarracht é a chur in ord.
Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
mbeadh in acmhainn rothar a cheannach iad féin. Tá siad ag brath ar dhaoine na seanrothair gan mhaith a bhronnadh orthu, agus cuireann an Bike Hub caoi mhaith orthu.
agus ‘Cycling Works’ chinn siad ar rud nua ar fad a chur ar bun – an ‘Bike Hub’. Cineál gnó sóisialta é
Thart ar an am céanna, chonaic fear óg i mBaile Átha Cliath an fhadhb leis an trácht, chonaic sé a laghad bonneagair a bhí ann do rothair,
seo – bíonn sé á bhainistiú ar nós gnó ach is ar mhaithe leis an bpobal atá sé ann. Ó cuireadh ar bun é an samhradh seo,
tá os cionn 50 rothar deisithe agus athchóirithe tugtha amach acu do scoileanna agus do dhaoine ar ioncam íseal nach
chonaic sé an ‘scoilt’ a bhí sa mheon a bhí ag daoine ar ioncam íseal agus iadsan a bhí go maith as.
Agus chinn sé féin agus a chairde rud éigin a dhéanamh faoi. Tar éis tréimhse i mbun gníomhaíochta in eagrais ar nós ‘IBike Dublin’
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Rothair'