An rothar – siombail nua an rachmais?

Tá tuairim nua ann go mbaineann an rothar le daoine a raibh ioncam maith acu agus a bhí bainteach le ‘uasaicme’ de chineál éicint

An rothar – siombail nua an rachmais?

Nuair a bhí mise ag fás aníos i mBealach an Doirín, ní mórán daoine a raibh carr acu. Ag caitheamh súil siar im’ intinn, feicim Tom ag dul thar an teach ar a rothar chuig an obair i siopa mór Duffs. Turas trí mhíle nó mar sin a bhí air, beag beann ar aimsir. Feicim Katie ar a rothar siúd agus í cromtha síos ar na hanlaí, ag déanamh a bealach chuig an Aifreann luath. Bhí a fear, a bhí tinn le fada an lá, fágtha sa mbaile sa leaba aici agus bheadh uirthi deifriú abhaile chuige, turas thart ar cheithre mhíle.

Chuaigh na gasúir ar fad ar scoil de shiúl na gcos. Bhí ‘seid na rothar’ ann ach is beag úsáid a baineadh as mar ní raibh rothar ach ag fíorbheagán daoine óga. Agus ar aon nós – nach raibh íomhá an bhochtanais ag baint leis an rothar?

Ní shamhlódh éinne go dtiocfadh an lá go mbeadh bailte agus cathracha na tíre plúchta le trácht, agus go deimhin, go mbeadh cuarbhóthar timpeall an bhaile ar mhaithe le héascaíocht taistil.

Tá casadh aisteach eile tarlaithe sa scéal le cúpla bliain anuas. De réir suirbhé a rinneadh in 2019, ba é tuairim an ghnáthdhuine ar ioncam íseal nach raibh an rothar feiliúnach dóibhsean – mheasadar nach daoine iadsan a d’úsáidfeadh rothar. Ba léir go raibh an tuairim nua ann gur bhain an rothar le daoine a raibh ioncam maith acu agus a bhí bainteach le ‘uasaicme’ de chineál éicint.

Thart ar an am céanna, chonaic fear óg i mBaile Átha Cliath an fhadhb leis an trácht, chonaic sé a laghad bonneagair a bhí ann do rothair, chonaic sé an ‘scoilt’ a bhí sa mheon a bhí ag daoine ar ioncam íseal agus iadsan a bhí go maith as. Agus chinn sé féin agus a chairde rud éigin a dhéanamh faoi.

Tar éis tréimhse i mbun gníomhaíochta in eagrais ar nós ‘IBike Dublin’ agus ‘Cycling Works’ chinn siad ar rud nua ar fad a chur ar bun – an ‘Bike Hub’.

Cineál gnó sóisialta é seo – bíonn sé á bhainistiú ar nós gnó ach is ar mhaithe leis an bpobal atá sé ann. Ó cuireadh ar bun é an samhradh seo, tá os cionn 50 rothar deisithe agus athchóirithe tugtha amach acu do scoileanna agus do dhaoine ar ioncam íseal nach mbeadh in acmhainn rothar a cheannach iad féin. Tá siad ag brath ar dhaoine na seanrothair gan mhaith a bhronnadh orthu, agus cuireann an Bike Hub caoi mhaith orthu.

Thug mé féin seanrothar dóibh i rith an tsamhraidh agus ó shin i leith, bím ag coinneáil súil ar a ndul chun cinn ar na meáin shóisialta (@TheBikeHub). An lá cheana chonaic mé beirt díobh taobh amuigh den Lexicon i nDún Laoghaire agus iad i mbun seisiúin eolais le rang idirbhliana buachaillí.

Ba léir go bhfuil níos mó ar siúl acu anois – seachas rothair a thabhairt amach do dhaoine a bhfuil gá acu leo. Ghlaoigh mé ar Stephen, duine de bhunaitheoirí an ghnó shóisialta seo.

Tá cúlra Éireannach/Spáinneach ag Stephen a chaith cuid mhaith dá óige sa Bhrasaíl. Is Meiriceánach é Steve, an fear eile a bhunaigh an gnó leis.

Mheas Stephen i gcónaí gur bealach iontach taistil é an rothar le haithne a chur ar chathair. ‘Gach uair a dtugaim cuairt ar chathair nua, faighim mapa agus rothar,’ a deir sé dom. Ach chinn air aon dul chun cinn ceart a dhéanamh nuair a tháinig sé go hÉirinn le cur faoi anseo. ‘Ní raibh aon bhonneagar ann, bhí laghdú ag teacht bliain i ndiaidh bliana ar na buiséid,’ agus chuir sin drochmhisneach air. Nuair a chonaic sé an buiséad á aistriú bliain amháin chuig an mbuiséad don Luas, chinn sé a dhul i mbun gníomhaíochta.

B’fhacthas dó gur chuir sé leis an éagsúlacht i gcathair ar bith, nuair a bhí bonneagar maith ann. Rud eile a tháinig as an suirbhé sin a luaigh mé níos túisce ná an luí a bhíonn ag inimircigh le rothair. Cheap Stephen go dtabharfadh sé seans níos fearr do na hinimircigh dá mbeadh fáil acu ar rothair go héasca.

Ba léir go raibh fios a ghnó aige – an raibh baint aige le saol an ghnó roimhe seo? ’Ó sea, bhí mé in mo stiúrthóir ar roinnt comhlachtaí,’ d’admhaigh sé. ‘Is dúshlán é seo – ach, táimid ag baint amach ár n-aidhmeanna tríd an toradh sóisialta a bhíonn ag an Hub.’

Chuadar i gcomhpháirt leis an gComhairle Contae ach ní bhfuaireadar airgead uathu. Thug an Chomhairle suíomh iontach dóibh, suíomh faoi dhíon ar thaobh an bhóthair i nDún Laoghaire. Ní raibh acu ag an tús ach €1,500 agus roinnt uirlisí. Ní raibh aon troscán, trealamh oifige ná tada eile acu. Fuaireadar greim ar veain agus chuadar thart ag bailiú pailéid adhmaid.

Rinneadar an troscán as na pailéid, bhí an Chomhaire le doras ‘dóiteán’ a chaitheamh amach agus bhronnadar orthu é (rinneadar cuntar as) agus thug máthair Stephen cuisneoir dóibh. Cheannaigh siad scáileán beag le dul leis an ríomhaire a tugadh dóibh.

Tá an t-ádh orthu go bhfuil daoine a bhfuil ardscileanna acu bainteach leis an obair – daoine a bhfuil an-suim acu sa taobh sóisialta den tionscnamh. Tá cailín amháin thar cionn le bogearraí – chum sí an córas faoina dtugann siad amach na ‘trishaws’ do dhaoine faoi mhíchumas. Tá cailín eile an-chumasach ag bainistiú dáileadh agus bailiú na rothar. Seachas an bheirt a thosaigh an tionscnamh, is oibrí deonach gach duine eile – suas le 60 acu: iarbhainisteoirí, innealtóirí bogearraí, meicneoirí, daoine atá ar pinsean, iar-ollúna ollscoile, oibrithe rothair agus mic léinn.

‘Ach is daoine iontacha iad ar fad. Tá leaid amháin agus níl sé ach 15 bliain d’aois – tugaim na heochracha dó agus bíonn an áit ar fad faoina stiúir an fhad is a bhíonn mise imithe áit éigin,’ a deir Stephen.

Le gairid reáchtáil siad cúrsaí rothaíochta do mhná, cúrsaí do lucht na hidirbhliana agus do dhreamanna eile. Thugadar amach rothair do scoileanna DEIS, do mhic léinn tríú leibhéal ar inimircigh iad, agus do dhaoine eile. Ní iarrann siad, ná ní choinníonn siad aon eolas pearsanta faoi na daoine a fhaigheann rothair ach is breá leo na pictiúir a fheiceáil ar Twitter ina dhiaidh sin.

Tá siad ina bpáirtnéirí freisin ag ‘Cycling Wihout Age’ (scríobh mé fúthu cheana) agus tá riar maith rothair ‘trishaw’ acu ar féidir le daoine faoi mhíchumas, nó amach sna blianta, iad a thógáil amach le ‘píolóta’ ar na bealaí rothair thart ar Dhún Laoghaire. ‘Tá fear amháin as an gceantar a thagann trí huaire sa tseachtain. Is duine é a úsáideann cathaoir rothaí agus is aoibhinn leis an turas sa trishaw.’

Nuair a chuala an comhlacht áitiúil ‘Teddy’s’ faoin taobh sin den ghnó d’fhógair siad go dtabharfadh siad cón uachtar reoite in aisce do gach duine a d’fheicfidís ag úsáid an trishaw as seo amach. Sin comhpháirtíocht as an ngnáth!

Fág freagra ar 'An rothar – siombail nua an rachmais?'