CLUASTUISCINT: Gaeilge mhuintir na hÉireann

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. Déan achoimre 7 bpointe ar an alt seo? 
  2. Cén fáth a luaitear Coláiste Mhuire gan Smál?
  3. Cén bhaint atá ag Shane Barry leis an scéal?
  4. “Dúirt 60% den ghrúpa státseirbhíseach a cuireadh faoi agallamh don taighde gur minic leo a bheag a dhéanamh dá gcumas sa Ghaeilge.” Mínigh an abairt sin id fhocail féin. 
  5. Luaigh id fhocail féin rud a amháin a deirtear sa taighde?
  6. Cén fáth a luaitear an céadtadán 2.62%?
  7. Cuir an abairt seo ón alt san ord ceart:

Ar a an an t-údar, grúpa Barry, státseirbhíseach Shane i measc, atá saothar nua bunaithe thaighde rinne

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa agat i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. Ina mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball. 

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad chúpla abairt arís agus aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach agus briathar sa mhodh coinníollach.   
  • Déan iarracht teacht ar trí fhocal/fhrása nach dtuigeann tú. Déan iad a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie. Éist le níos mó ná an chéad chúpla abairt más gá.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad chuid eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord. 
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil sé san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. caidreamh níos dearfaí a chur ina áit, caidreamh a d’fhágfadh nach údar iontais chomh mór sin a bheadh ann dúinn níos mó teanga ár muintire a chloisteáil ar an tsráid nó sa siopa,” arsa Shane Barry.
  2. n-admhaíonn siad é a bheith acu mar gheall ar an tslí a mbíodh an teanga á teagasc ar scoil. 
  3. Deir an t-údar go mb’fhéidir gurb é atá ag teastáil ón bpobal agus ó státseirbhísigh 
  4. De réir údar an taighde, tá cumas sa Ghaeilge ag muintir na hÉireann a ndéanann siad a bheag de agus nach 
  5. Ag tagairt dó don tuarascáil sin, dúirt Shane Barry, Teangeolaí Feidhmeach, gur léir dó
  6. nach ndearna go leor de na státseirbhísigh sin cur síos cruinn ar a gcumas Gaeilge.“Daoine a rinne staidéar 
  7. ná athoiliúint sa Ghaeilge chun cur lena gcuid muiníne ina gcumas sa teanga. “Ach é sin a dhéanamh, b’fhéidir go n-éireodh linn sa deireadh an caidreamh corraitheach atá againn leis an nGaeilge a athrú agus
  8. ar an nGaeilge ar scoil agus a bhain caighdeán ard amach fiú, is iontach a sciobtha is a bhíonn siad á
  9. dhearbhú nach cainteoirí Gaeilge iad, in ainneoin fianaise ar a mhalairt a bheith ann.

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna. 

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Gaeilge mhuintir na hÉireann'